Cainteoir Gaeilge eile tofa agus a shuíochán san Eoraip coinnithe ag Billy Kelleher

Meastar gur idir Cynthia Ní Mhurchú Fhianna Fáil agus Mick Wallace, neamhspleách, a bheidh sé don suíochán deireanach sa Deisceart

Cainteoir Gaeilge eile tofa agus a shuíochán san Eoraip coinnithe ag Billy Kelleher

Is é Billy Kelleher Fhianna Fáil an séú feisire Eorpach atá tofa i dtoghcháin na hEorpa agus suíochán buaite aige i dtoghlach an Deiscirt.

Bhí an chuma ar an scéal luath go maith sa chomhaireamh go gcoinneodh Kelleher an suíochán a fuair sé in 2019 ach bhí air fanacht go dtí an 18ú comhaireamh chun go ndeimhneofaí go mbeadh sé ag filleadh ar Pharlaimint na hEorpa. Is é Kelleher an dara hiarrthóir a toghadh sa toghlach. Seán Kelly ó Fhine Gael a toghadh ag ceann an chomhairimh. Cainteoirí Gaeilge iad Kelly agus Kelleher agus toghadh Gaeilgeoir eile, Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre, i dtoghlach Bhaile Átha Cliath.

Meastar go mbainfidh an t-iarrthóir neamhspleách Michael McNamara agus Kathleen Funchion ó Shinn Féin péire eile de na cúig shuíochán atá i dtoghlach an Deiscirt agus gur idir Cynthia Ní Mhurchú Fhianna Fáil agus Mick Wallace, neamhspleách, a bheidh sé don suíochán deireanach.

Tá Wallace thart ar 1,200 vóta chun tosaigh ar Ní Mhurchú i láthair na huaire ach d’fhéadfadh Ní Mhurchú, cainteoir líofa Gaeilge eile, dul chun cinn ar Wallace nuair a aistreofar vótaí Grace O’Sullivan ón gComhaontas Glas, a bhfuil a suíochán san Eoraip caillte aici.

Níl iarrthóir ar bith tofa go fóill i Lár Tíre – An tIarthuaisceart. Tá Luke ‘Ming’ Flanagan ag ceann an chomhairimh i láthair na huaire. Glactar leis go gcoinneoidh an t-iarrthóir neamhspleách a shuíochán.

Tá beirt ó Fhine Gael, an t-iarmharcach Nina Carbery agus an t-iarRós Thrá Lí Maria Walsh, a toghadh ina feisire Eorpach in 2019, ag déanamh go maith freisin, mar atá Barry Cowen ó Fhianna Fáil.

Meastar gurb í Michelle Gildernew ó Shinn Féin nó Ciaran Mullooly ó Independent Ireland a bhuafaidh an suíochán deireanach. Tá Gildernew thart ar 1,600 vóta chun tosaigh ar Mullooly agus 18 comhaireamh déanta. Meastar gurb iad vótaí aistrithe Pheadair Tóibín, a shocróidh cé a gheobhaidh an suíochán deireanach.

Toghadh ceathrar feisirí Eorpacha Bhaile Átha Cliath, Ó Ríordáin, Barry Andrews ó Fhianna Fáil, Regina Doherty ó Fhine Gael agus Lynn Boylan ó Shinn Féin oíche Dé Máirt.

Toghadh an ceathrar i ndiaidh an 19ú comhaireamh nuair a cuireadh as an áireamh Niall Boylan, an láithreoir raidió agus iarrthóir de chuid Independent Ireland. Chaill Ciarán Cuffe an Chomhaontais Ghlais agus Clare Daly, Independents4Change, a suíocháin.

Fuair Aodhán Ó Ríordáin nach mór dúbailt na vótaí aistrithe ó Chiarán Cuffe ná mar a fuair aon duine eile de na hiarrthóirí.

Fág freagra ar 'Cainteoir Gaeilge eile tofa agus a shuíochán san Eoraip coinnithe ag Billy Kelleher'