Cainteoir Gaeilge as Béal Feirste ar a bhealach go Háítí leis na Náisiúin Aontaithe

Beidh Angus Lambkin trí seachtaine in Háítí agus plé á dhéanamh ar chonradh a thabharfaidh chun na hAfganastáine ina dhiaidh sin é

Cainteoir Gaeilge as Béal Feirste ar a bhealach go Háítí leis na Náisiúin Aontaithe

Tá cainteoir Gaeilge ag déanamh a bhealaigh go Háítí inniu, mar chuid d’Fhoireann Comhordaithe agus Measúnaithe Tubaiste na Náisiún Aontaithe (UNDAC).

Beidh an Feirsteach Angus Lambkin i mbun comhordaithe ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh le teacht i gcabhair ar mhuintir Háítí i ndiaidh an chreatha talún is déanaí.

Ag leathuair tar éis a hocht maidin Dé Sathairn, an 14 Lúnasa, a bhuail crith talún fórsa 7.2 deisceart Háítí.

Tá breis is míle dhá chéad duine curtha den saol ag an chrith talún, agus breis is 5,700 duine leonta agus gan an cuardach críochnaithe fós.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Lambkin, gur gá comhordú a dhéanamh ar an “ilomad grúpaí” a thiocfas i gcabhair ar mhuintir Háítí.

“Tá an fhoireann seo curtha le chéile ag na Náisiúin Aontaithe chun teacht i gcabhair ar thíortha atá ag déileáil le tubaiste nádúrtha, macasamhail crith talún, spéirling nó tuilte.

“Idir ghrúpaí neamhrialtasach, ghrúpaí pobail, ghrúpaí eaglasta agus ghrúpaí atá mar chuid de na Náisiúin Aontaithe féin, bhí tuairim is 600 grúpa ag feidhmiú in Háití i ndiaidh chrith talún 2010.

“Beidh go leor grúpaí ag teacht chun cuidiú leis an tír agus le go mbeidh rath ar na hiarrachtaí is gá struchtúr a leagan síos,” a dúirt sé.

Tá beagnach deich mbliana caite ag Angus Lambkin, a fuair a chuid oideachais i nGaeilge, ina oifigeach fóirithinte leis na Náisiúin Aontaithe. Sna blianta sin, chaith sé tréimhsí sna tíortha is mó atá buailte ag cogadh agus foréigean, an Iaráic, An Congó, Poblacht na hAfraice Láir ina measc.

Chuir na Náisiúin Aontaithe an fhoireann speisialta atá le dul ag obair  in Háítí chuig Mósaimbíc i ndiaidh na dtuilte ansin agus go dtí an Liobáin anuraidh i ndiaidh na pléisce ansin.

Tuairiscítear go bhfuil tithe agus infreastruchtúr sa réigiún is measa atá buailte in Háítí scriosta nó drochbhail curtha orthu, áiseanna leighis ina measc.

Ní raibh de rogha ag cuid de na hospidéil ach a gcuid othar a thabhairt as na hospidéil agus tá ganntanas trealaimh agus cógais leighis ag luí go trom ar chuid eile díobh. Rinne iarchreathanna agus sciorrthaí talún tuilleadh damáiste sa réigiún.

Mar bharr ar an donas, tá lagrach trópaiceach nó réigiún lagbhrú, faoin ainm Grace, ag déanamh ar an réigiún faoi láthair agus imní mhór faoin díle bháistí atá á tuar ina theannta, báisteach throm a chuirfeadh leis an tubaiste agus a chuirfeadh as go mór don obair tharrthála.

Beidh Lambkin trí seachtaine ar a laghad in Háítí agus plé á dhéanamh faoi láthair ar chonradh a thabharfaidh chun na hAfganastáine ina dhiaidh sin é.

Fág freagra ar 'Cainteoir Gaeilge as Béal Feirste ar a bhealach go Háítí leis na Náisiúin Aontaithe'