Cáineadh géar déanta ar dhíbirt Sheáin Kyne ó aireacht stáit na Gaeltachta

Ní mó ná sásta atá urlabhraithe Gaeilge an fhreasúra le cinneadh an Taoisigh maidir le ceapadh aire nua don Ghaeltacht

Cáineadh géar déanta ar dhíbirt Sheáin Kyne ó aireacht stáit na Gaeltachta

Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoirí an fhreasúra ar chinneadh an Taoisigh gan cúram na Gaeltachta a fhágáil ar Sheán Kyne agus an cúram sin a leagan ar an bPríomh-Aoire nua, Joe McHugh.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir gur “chéim síos mhór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht” é nár fágadh freagracht i dtaobh na Gaeltachta ar Kyne agus gur “údar náire” é gur roghnaigh Leo Varadkar an cúram sin a chur le cúraimí an Phríomh-Aoire.

Dúirt an Seanadóir Gaeltachta de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh gur “céim ar gcúl don teanga” ceapachán Joe McHugh mar aire stáit Gaeltachta den dara huair.

“Buille trom é seo do Sheán Kyne agus buille nach raibh tuillte ar chor ar bith aige, mar bhí dul chun cinn réasúnta á dhéanamh aige. Buille do Ghaillimh é freisin. Is údar díomá nár ceapadh Aire Sinsearach don Ghaeltacht agus tá an-imní orm mar is ag dul ar gcúl a bhí gach rud – ón Straitéis Fiche Bliain go praiseach chóras iompair na n-oileán – nuair a bhí Joe McHugh i gceannas cheana.

“Léiríonn sé seo easpa tuisceana an Taoisigh nua ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ar an tuairim a bheadh acu siúd ar an tréimhse a thug sé cheana i Roinn na Gaeltachta. Rinne sé praiseach den rud cheana,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Dúirt Éamon Ó Cuív gur “cur i gcéill” agus “seafóid amach is amach” é a bheith ag maíomh, mar a rinne an Taoiseach sa Dáil aréir, go mbeadh glór feasta ag an nGaeilge ag bord an Rialtais.

“Níl ann ach raiméis ceathrar airí stáit a bheith ag freastal ar chruinnithe rialtais agus tá mí-úsáid á baint as an mBunreacht. Tá sé tubaisteach freisin go bhfuil Seán Kyne le bogadh ó Roinn na Gaeltachta. Tá an-iontas go deo orm gur bogadh é díreach agus greim á fháil aige ar an obair agus dul chun cinn á dhéanamh aige.

“Bhí iarracht mhacánta á déanamh aige gach rud a bhrú chun cinn agus tugadh bata agus bóthar dó. Bhí sé ag dul sa treo ceart leis na leasuithe ar an Acht Teanga, mar shampla, ach anois tá fear againn a raibh chuile rud ag dul ar gcúl le linn dó a bheith sa phost cheana, in áit an aire a thug bille forásach isteach agus a rinne an-iarracht réiteach a fháil ar cheist chóras iompair na n-oileán a bhí ina phraiseach ar fad nuair a tháinig sé isteach sa roinn,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Meastar go mbronnfar aireacht stáit eile ar Sheán Kyne an tseachtain seo chugainn nuair a fhógrófar liosta iomlán na n-airí stáit.

Sular ceapadh ina Thaoiseach é, dúirt Leo Varadkar le Tuairisc.ie gur “inspioráid mhór” dó Joe McHugh toisc go ndearna sé “a mhíle dícheall ag foghlaim na teanga”.

“Domsa, is cruthúnas ceart críochnaithe é [McHugh] nár cheart líofacht sa Ghaeilge a bheith ina réamhchoinníoll don aireacht sin, fad is atá rún agat iarracht a dhéanamh líofacht a bhaint amach,” a dúirt sé.

Bhain go leor conspóide le cinneadh Enda Kenny aire sinsearach agus aire stáit nach raibh Gaeilge ag ceachtar acu a cheapadh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhíodh, i mí Iúil 2014.

Agus ceapachán Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 a fhógairt aige, dúirt Enda Kenny go mbeadh McHugh ag dul ar ‘aistear teanga’ leis an nGaeilge a fhoghlaim.

Chuir Joe McHugh feabhas ar a chuid Gaeilge le linn dó a bheith i mbun chúram na Gaeltachta. Ceapadh ina Aire Stáit don Diaspóra anuraidh é.

Fág freagra ar 'Cáineadh géar déanta ar dhíbirt Sheáin Kyne ó aireacht stáit na Gaeltachta'

  • Críostóir

    Tá sé seo ráiméiseach, níl mé in ann a cheidbhéail cé chomh dúr is atá an Taoiseach nua fad is bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge is Gaeltachta. Is léir nach bhfuil tuiscint ar bith aige ar an nGaeltacht agus go measann sé gur mar a chéile iad cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí foghlaimeoirí Gaeilge. Agus an tAire maslach sin gan aon dúil aici sa Ghaeilge san aireacht aríst. Tá bascú air!

  • Mánus

    Nach cluiche áitiúil a bhaineann le Gaillimh Thiar atá á imirt seachas teanga na tíre a chosaint. Straitéis 20bhliain an ráiméis gan toradh ag FF o thús í.