Cáineadh géar déanta ag Bord Oideachais Dhún na nGall ar an laghdú ar mharcanna do scileanna labhartha Gaeilge don Teastas Sóisearach

‘Más fút an teanga a thabhairt ar aghaidh, caithfidh tú daoine a mhealladh le hí a úsáid, agus ní dhéanfaidh tú é sin más ag laghdú na marcanna a bhronnfar as an measúnú cainte’ a dúradh ag cruinniú de chuid ETB Dhún na nGall

Cáineadh géar déanta ag Bord Oideachais Dhún na nGall ar an laghdú ar mharcanna do scileanna labhartha Gaeilge don Teastas Sóisearach

Tá imní léirithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall faoin laghdú atá tagtha ar an mbéim a leagtar ar scileanna labhartha Gaeilge sa siollabas nua don Teastas Sóisearach.

De réir an tsiollabais nua, ní bheidh aon scrúdú béil mar chuid den Teastas Sóisearach ach beidh scileanna labhartha na ndaltaí á measúnú i gcaitheamh na scoilbhliana. Is fiú 10% den scrúdú iomlán an mheasúnacht leanúnach ‘inscoile’ sin. B’fhiú 40% de mharcanna an Teastais Shóisearaigh an scrúdú cainte roghnach a bhíodh ann go dtí seo.

Tá litir scríofa ag Príomh-Fheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, chuig príomhfheidhmeannach gníomhach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta lena himní faoin athrú a chur in iúl.

Dúirt duine de chomhaltaí boird an ETB, Patsy McVicar, iar-phríomhoide Phobalscoil Chloich Cheannfhaola ar an bhFál Carrach, go dtagann an t-athrú “salach ar an tuiscint choitianta gurb é an bealach is fearr le teanga a shealbhú ná í a labhairt”.

“Más fút an teanga a thabhairt ar aghaidh, caithfidh tú daoine a mhealladh le hí a úsáid, agus ní dhéanfaidh tú é sin más ag laghdú na marcanna a bhronnfar as an measúnú cainte atá tú,” a dúirt sé.

Dúirt comhalta eile boird, an comhairleoir Albert Doherty, gurbh í a thuairim gur léiriú ar easpa measa ar an nGaeilge, agus ar oidhreacht agus ar fhéiniúlacht Ghaelach na tíre a bhí sa chinneadh na marcanna a laghdú.

Ina litir chuig an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, dúirt Anne McHugh go raibh an siollabas nua don Teastas Sóisearach ag teacht salach ar an bPolasaí nua Oideachais Gaeltachta a seoladh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus ar na dualgais atá ar mhúinteoirí Gaeilge an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn ar scoil agus i measc an phobail i gceantair Ghaeltachta.

“Bhí an ETB diongbháilte go mbeidh drochthionchar ag an tsonraíocht nua don Ghaeilge ar an teanga labhartha sa tír agus go háirithe sna ceantair Ghaeltachta,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Cáineadh géar déanta ag Bord Oideachais Dhún na nGall ar an laghdú ar mharcanna do scileanna labhartha Gaeilge don Teastas Sóisearach'

  • Mícheál

    Is botún ollmhór amaideach é fáil réidh leis an mBéaltriail Roghnach don Teastas Sóisearach agus/nó na marcanna a laghdú go tubaisteach don mheasúnú i gcaitheamh na scoilbhliana. Níor chosain sé tada ar an Roinn Oideachais agus Scileanna an scrúdú a bhí ann cheana féin a reachtáil mar gurbh iad na scoileanna féin a d’eagraigh í don chuid ba mhó. Le caighdeán na teanga labhartha ag síorshleamhnú ag leibhéal na hArdteistiméireachta cuirfidh an cinneadh seo tairne aisil breise i dtodhchaí na teanga labhartha (agus i dtodhchaí na teanga scríofa mar go bhfuil an dá fheiniméan nasctha lena chéile) sa chóras oideachais.

  • Mánus

    Dul ar gcúl uafásach. Rialtas FG/FF ag réiteach an bealach chun an teanga náisiúnta a imeallú is léir. An Roinn Oideachas ag teip ar dhaoine óga toisc gur Gaeilge scríofa a bheidh á mhúineadh feasta. Beidh gá le go leor Gaelcholáistí eile.