Tá ráite ag an Teachta Dála Catherine Connolly go léiríonn an cáineadh a rinneadh uirthi as Gaeilge a labhairt sa Dáil le déanaí “a chasta is atá ceist na Gaeilge sa Dáil”.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an tseachtain seo caite gur chuir roinnt daoine ina leith gur “drochbhéasach” an beart aici labhairt i nGaeilge le linn chuairt Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Jean-Claude Juncker, ar an Dáil le déanaí.
I measc na dtráchtanna a fágadh ar leathanach Facebook an Teachta Dála, dúradh gur léirigh Connolly “easpa measa” d’Uachtarán an Choimisiúin agus fios aici nach raibh Gaeilge aige. Dúradh freisin go raibh “deis caillte” aici a cuid tuairimí a chur in iúl do Juncker agus nár cheart di Gaeilge a úsáid ag a leithéid d’ócáid.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, áfach, dúirt Connolly gur “ábhar iontais” di nár bhain Uachtarán an Choimisiúin úsáid as an tseirbhís aistriúcháin chomhuainigh agus na cluasáin atá ar fáil sa Dáil.
“B’aisteach an rud é go raibh Uachtarán an Choimisiúin os ár gcomhair, agus gan é a bheith sásta na cluasáin a chur air. Tagann sé ón Eoraip, áit a bhfuil taithí na mblianta acu ar theangacha éagsúla agus ar úsáid cluasán [sa pharlaimint],” a dúirt Connolly.
Dúirt sí go raibh mearbhall uirthi go bhfiafródh Juncker den Cheann Comhairle cad a bhí á rá aici seachas na cluasáin a úsáid. Is cosúil gur thug an Ceann Comhairle achoimre gairid ‘cúpla focal’ d’Uachtarán an Choimisiúin faoin mhéid a bhí le rá ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, an t-aon Teachta Dála a rinne píosa cainte i nGaeilge agus Juncker i láthair na Dála.
Mhaígh Connolly go raibh “teachtaireacht á cur amach gurb é an Béarla teanga oifigiúil na Dála, seachas an Ghaeilge”.
Agus Jean-Claude Juncker ar cuairt sa Dáil, labhair Connolly ar feadh tuairim is ceithre nóiméad agus bhí formhór a cuid cainte i nGaeilge.
Cé go bhfuair sí moladh ó “roinnt Teachtaí Dála” as an Ghaeilge a úsáid, dúirt an Teachta Dála Connolly gur léirigh na tuairimí a scríobhadh fúithi ar na meáin shóisialta ó shin na “dearcthaí éagsúla” atá ann faoin Ghaeilge a bheith á labhairt sa Dáil.
“Ní chloistear an Ghaeilge sa Dáil. Bíonn daoine á rá gur cheart dúinn mar Theachtaí Dála níos mó Gaeilge a úsáid sa Dáil agus tá an ceart acu i mo thuairimse,” ar sí.
De réir taighde cuimsitheach a rinne Tuairisc.ie i mbliana ar an taifead oifigiúil de dhíospóireachtaí Dála, is ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann.
De réir an taighde sin, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí an dara leath den bhliain seo caite, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.
Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin chéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin, idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017.
Dúirt Connolly go bhféadfadh go raibh drogall ar dhaoine úsáid a bhaint as cluasáin sa Dáil mar go dtabharfadh a leithéid le fios don saol mór nach bhfuil Gaeilge acu.
D’aontaigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Connolly faoi cheist labhairt na Gaeilge sa Dáil.
Dúirt sé go raibh “fadhb sa Dáil” mar go ndiúltaíonn “go leor Teachtaí Dála na cluasáin a úsáid”, ach mhaígh sé go mbíonn na Teachtaí Dála céanna lánsásta cluasáin a chur orthu nuair a théann siad anonn ag cruinnithe sa Bhruiséil.
“Juncker an fear is lú a chuirfeadh iontas i nduine a bheith ag labhairt teanga nár thuig sé. Taispeánann sé meon aisteach atá in Éirinn,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.
Micheal
Maith thu Catherine – sheas tu an fhod!
Séamus Mac Seáin
cúl le cine go rabach i nDáil Éireann monuar. focal ar bith cha gcreidfidh siad go bhfaighfidh siad i mbéarla é. tá stát briste againn ó thuaidh ar chúiseanna éagsúla ach tá mé i n-amhras ar mhaith liom ceangail go polaitiúil le stát brocamach atá ó dheas.
Gabriel Rosenstock
Jóc.
uinseann mac thómais
Don taifead. De réir dlí na tíre tá ceart ag aon duine Gaeilge nó Béarla a labhairt mar a oireann dóibh ag am nó ócáid ar bith. Do na “naysayers” conas a cheapann sibh go mairfidh teanga, aon teanga, muna bhfuil úsáid rialta á baint aistí?
Máirín Nic Dhonnchadha
Eureka! Sa deireadh faighimid léargas ar an gcúis a ndéanann rialtais éagsúla sa tír seo neamhaird ar éileamh phobail Ghaeltachta ar chomhionannas teanga – ní theastaíonn uathu a bheith drochbhéasach le daoine nach labhraíonn Gaeilge…
Mar chainteoir dúchais Lucsambuirgis, teanga náisiúnta i dtír ina bhfuil 2 theanga oifigiúil eile, ag a bhfuil faoi bhun leath-mhilliún cainteoir dúchais ar fud na cruinne ar fad agus a dúirt anuraidh ag comhdháil Eorpach “I will express myself in French because slowly but surely English is losing importance in Europe ” faighim deacair a creidiúint go n-aontódh Jean-Claude Junker leis na daoine a cháin Catherine Connolly TD as a bheith droch-bhéasach mar nár labhair sí Béarla ina láthair.
Brian-less
Maith thú, Catherine!
Donncha Ó hÉallaithe
Feidhmíonn an stát ó dheas ar an mbonn gurb é an Béarla teanga náisiúnta na tíre agus teanga oibre an státchórais, cuma cén stádas atá ag aon teanga eile sa Bhunreacht. Ag an am céanna eilíonn agus faigheann an stát céanna aitheantas don Ghaeilge mar theanga oibre ó Aontas na hEorpa, stádas a cheiltear go córasach ar an nGaeilge i mórán chuile institiúid stáit sa tír. Ní JÓC go dtí é.
Seán Mac Gearailt
Maith thú , Catherine. Má bhí easpa béasa i gceist le hiompar éinne, sé Junker a bhí droch-bhéasach nár bhain sé úsáid as an ngléas éisteachta. Mar bharr ar gach donas ansin , d’fhiafraigh sé de dhuine eile céard a bhí ráite ag Catherine. Ní droch-bhéasa go dtí é. Sampla eile den mheas atá ag ár “gcairde” sa Eoraip orainn.
Carraig
Tá taithí mhaith ag Junker ar ilchultúrthacht na hEorpa, beartas a dtacaíonn formhór mór mór de thíortha na hEorpa leis. Is fear ilteangach é Junker agus níl naimhdeas dá laghad aige d’aon teanga. Is dream ar leith anseo in Éirinn, áfach, is mó a bhíonn náirithe as ár dteanga náisiúnta a bheith á cur os ard i hallaí na cumhachta nó in áit ar bith eile. Toisc nach bhfuil sí acu féin. Daoine a bhíonn ag plé le haistriúcháin Ghaeilge thall sa Bhruiséil ní chuireann siad na cluasáin orthu ach oiread nuair a dhéantar an chaint i mBéarla ag cruinnithe srl bíodh go mbíonn aistriúchán Gaeilge ar fáil go comhuaineach. Cumá an ndéanfadh?
Máiread de Faoite
B’féidir go raibh fonn ar Juncker an Gaeilge a cloisint!
Seán
Bheadh na cluasán uaidh do chaint ó na Healy Raes chomh maith !
Córa de Paor
Maith thú Catherine