Líomhaintí faoi chúrsaí pleanála i nDún na nGall le fiosrú go luath

Is gearr go gceapfar abhcóide sinsearach chun iniúchadh a dhéanamh maidir le cúrsaí pleanála ó thuaidh

Gerard Convie, iarphleanálaí sinsearach i gComhairle Contae Dhún na nGall. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Gerard Convie, iarphleanálaí sinsearach i gComhairle Contae Dhún na nGall. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Is “go luath” a cheapfaidh an tAire Comhshaoil Abhcóide Sinsearach an tArd-Aighne le hiniúchadh a dhéanamh ar chaimiléireacht a mhaítear a bhí ar bun i nDún na nGall ó thaobh cúrsaí pleanála de.

Ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála Barry Cowen sa Dáil air, dúirt an tAire Comhshaoil, Alan Kelly, go gceapfadh sé gan mhoill an tAbhcóide Sinsearach a ainmneoidh an tArd-Aighne.

Bhain ceist Cowen le cás Gerard Convie, iarphleanálaí sinsearach i gComhairle Contae Dhún na nGall a bhfuil foireann cáipéisí (dossier) curtha le chéile aige, áit a bhfuil sonraí ar fiche cás pleanála a maítear go bhfuil caimiléireacht ar bun ina dtaobh.

I measc na gcásanna sin, luaitear stáisiún peitril a bheith ar an bhfód le deich mbliana anuas in ainneoin nár tugadh cead pleanála lena aghaidh. Baineann líomhaintí eile le tithe a bheith tógtha in áiteanna atá ceaptha a bheith cosanta ar a leithéid ar bhonn áilleachta.

De bharr iarrachtaí Gerard Convie a chur ina luí ar an Roinn Comhshaoil a chuid líomhaintí a fhiosrú, d’ordaigh an tIar-Aire Comhshaoil, John Gormley, sa bhliain 2010, go ndéanfaí athbhreithniú ar chinnithe pleanála a rinne an Chomhairle Contae ach níor mhair an t-athbhreithniú sin de bharr athrú rialtais.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, i 2012, d’eisigh an Roinn Comhshaoil féin tuarascáil a mhaígh nach raibh aon bhunús le líomhaintí an Uasail Convie.

Thug Convie a ndúshlán don Roinn faoin méid a bhí sa tuarascáil sin agus níorbh fhada gur tharraing an Roinn siar í. Ghabh siad leithscéal le Convie agus thug cúiteamh airgid dó.

Cuirfidh an tAbhcóide Sinsearach an tUasal Convie agus oifigigh chontae faoi agallamh mar chuid dá fhiosrúcháin.

Fág freagra ar 'Líomhaintí faoi chúrsaí pleanála i nDún na nGall le fiosrú go luath'