Cadráil na gcairdinéal, Kneecap, an Fhidil Ghorm agus ná feic a bhfeicfir

Seo léamh ár gcolúnaí scannán ar bhuaicphointí an scáileáin mhóir i rith 2024

Cadráil na gcairdinéal, Kneecap, an Fhidil Ghorm agus ná feic a bhfeicfir

Kneecap

Ba le Kneecap 2024 ar mhórán slite, agus is seod amach is amach é an saothar graosta, aorúil, greannmhar seo. I scannán Rich Peppiatt léirítear teacht in inmhe Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, an triúr cainteoirí Gaeilge ón dTuaisceart a bhfuil dul chun cinn éachtach déanta acu ó chuireadar amach a gcéad singil C.E.A.R.T.A in 2017. Saothar ar leith é seo ina dtugann Naoise Ó Cairealláin, Liam Óg Ó Hannaidh agus JJ Ó Dochartaigh taispeántais iontacha uathu agus iad ag aisteoireacht i róil mar iad féin. Tá lón machnaimh anseo cinnte, ach níl am agat smaoineamh air sin agus tú do sheoladh ar aghaidh ar luas a mheabhródh éigiall Trainspotting duit. Sleaiseanna agus carúil á gcaitheamh ar dalladh agus ní thagann aon duine slán. Ní hé gach éinne a gheobhaidh blas ar an saothar seo ach, ina ainneoin sin nó dá bharr sin, b’fhéidir, is saothar den scoth é.

All of Us Strangers

An easpa tuisceana fite fuaite leis an ngrá agus an díomá sníofa leis an maoithneachas is tú ag iarraidh déileáil le tráma agus greim a bhreith ar d’aiféala. Sin atá again sa saothar suaite seo.

Cadhan aonair é Adam a bhfuil saol aonaránach caite aige go dtí seo. Tá sé ag iarraidh saothar a bhunú ar a óige ach níl sé in ann a smaointe a bhreacadh ar phár. Tá sé fós ciaptha ag uafáis a óige; an ghoimh, an briseadh croí agus an díomá nach bhfuil aon sámhnas tagtha orthu in ainneoin imeacht na mblianta. I rith an ama tá gaol caoin á chur sa tsiúl aige le Harry (Paul Mescal). Déantar forás an ghaoil agus na radharcanna collaíochta eatarthu a léiriú go caolchúiseach. An bheirt uaigneach chortha seo ag léiriú tuiscint dá chéile agus ag tacú lena chéile. Saothar léanmhar, coscrach é seo a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.

Small Things Like These

Ná feic a bhfeicfir, is ná clois a gcloisfir, is má fhiafraítear díot, abair ná feadraís. D’fhéadfadh an seanrá sin a bheith mar fhotheideal leis an saothar tathagach, truacánta seo a thugann léargas ar dhearcadh an ghnáthphobail i leith na dTithe Maigdiléana. Táimid i Ros Mhic Thriúin in Éirinn na bliana 1985 agus cumhacht thar na bearta ag an Eaglais i gcónaí. Fear ciúin geanúil é Bill (Cillian Murphy) a bhfuil a chuid féin de chruatan an tsaoil feicthe aige. Mar fhear guail cíonn sé cruálacht agus éagóir an Tí Mhaigdiléana. Ach is snámh in aghaidh easa é dá leithéid rud éigin a dhéanamh faoi. Nó an ea? Níl sárú Murphy ann le tabhairt faoina leithéid de ról, na súile úd ag dul tríot agus sinn i dtaobh le seatanna teanna dá chuntanós ar feadh tréimhsí fada.

Sing Sing

Is saothar ar leith é Sing Sing a dhíríonn ar scéal fíor faoin bpríosún míchlúiteach sin. Tugtar cuntas mothúchánach anseo ar athshlánú na bpríosiúnach a ghlac páirt sa scéim Rehabilitation Through Arts. Címid buíon fear ag iarraidh drámaí éagsúla a chur ar stáitse fad is atá siad ag iarraidh déileáil le bheith i ngéibheann. Ceann de na nithe is suntasaí faoin saothar, agus ceann dá bhuanna, ná gur iarphriosúnaigh agus iar-rannpháirtithe na scéime, iad ana-chuid de na haisteoirí. Tugann sin inchreidteacht agus téagar faoi leith don saothar.

Conclave

Castróvaics, uisce fé thalamh agus cadráil atá sa saothar drámatúil seo faoi chomthionól na gcairdinéal. Sé Lawrence (Ralph Fiennes) Déan Choláiste na gCairdinéal agus dá bharr is air siúd atá an dualgas an comhthionól a reáchtáil nuair a imíonn an pápa ar shlí na fírinne. Déantar sinn a sheoladh go mall, cáiréiseach, pointeáilte trí sheó is searmanais agus deasghnátha na Vatacáine agus na hEaglaise. Léirítear an suarachas, an uaillmhian, an choimhlint agus an stocaireacht dúinn chomh maith. Taispeántas iontach ó Fiennes agus ó leithéidí Stanley Tucci agus John Lithgow.

Fréamhacha agus an Fhidil Ghorm

Bhí saothair Cine4 ar a gcamchuairt féilte scannán in 2024. ‘Pluidín te teolaí de scannán’ an cur síos a dhein Bridget Breathnach an tí seo ar An Fhidil Ghorm. Saothar é seo a raibh ardú croí agus ardú meanma ag baint leis. Díríonn an scéal ar Molly, cailín deich mbliana d’aois, a chreideann go mbeidh sí in ann a hathair a dhúiseacht má fhoghlaimíonn sí conas an fhidil a sheinm, mar a dhéanadh seisean, agus Craobh na hÉireann a bhuachan. Taispeántais bhreátha ó Edith Lawlor mar Mholly agus Siobhán O’Kelly mar a máthair. Áit lárnach ag an gceol sa saothar seo a bhuaigh an duais Best Irish First Feature ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.

Scannáin uafáis é Fréamhacha ar bhaist Variety a ‘Rattling Irish Horror’ air i ndiaidh a sheoladh domhanda ag Féile Scannán Locarno i mí Lúnasa. Saothar é seo atá scríofa agus stiúrtha ag Aislinn Clarke agus atá dírithe ar an oibrí cúraim Shoo (Clare Monnelly) atá ag tabhairt aire do Pheig (Bríd Ní Neachtain).  Piseoga, fuadaigh agus uafáis an ama atá caite ag teacht go barr uisce.

Fág freagra ar 'Cadráil na gcairdinéal, Kneecap, an Fhidil Ghorm agus ná feic a bhfeicfir'