Cad iad na leabhair CLG is fearr a foilsíodh i mbliana?

Roghnaíonn ár gcolúnaí cuid de na leabhair CLG is fearr a foilsíodh le bliain anuas

Cad iad na leabhair CLG is fearr a foilsíodh i mbliana?

Téirigh isteach go dtí aon siopa leabhar na laethanta seo agus tabharfaidh tú suntas don líon leabhar spóirt atá ar na seilfeanna. Tá réimse mór acu ann agus aghaidheanna aitheanta ag féachaint amach ort chun tú a mhealladh.

Fear a bhíonn gnóthach ag scríobh go rialta ná Daire Whelan a bhíodh ag obair mar léiritheoir le RTE agus Newstalk. Tá cúpla leabhar spórt scríofa aige cheana, agus i mbliana tá The Art of Hurling tagtha óna pheann. Seo cnuasach d’agallaimh a rinne sé le hiarbhainisteoirí iomána, leithéidí Éamonn O’Shea, Anthony Daly, Justin McCarthy, Eamonn Cregan, Babs Keating, Cyril Farrell, Liam Griffin, Ger Loughnane, Diarmuid Healy Terence ‘Sambo’ McNaughton agus mise mé féin. Déanann sé iarracht ‘rúin’ na bhfear seo a fháil, maidir lena gcuid fealsúnachta, na tuairimí is diongbháilte atá acu agus an cur chuige a bhí acu chun foireann a spreagadh go dtí barr a gcumais.

Leabhar suimiúil atá ann ach tá máistir na mbainisteoirí in easnamh. Tá Brian Cody fós ina bhainisteoir idirchontae, ar ndóigh, agus is dócha nach raibh sé sásta a rúin a scaoileadh.

Fear a bhí sásta cúpla rún a scaoileadh linn ná Jackie Tyrell iar-imreoir de chuid Cody a bhuaigh naoi mbonn uile-Éireann. Tá an Warrior’s Code, a dhírbheathaisnéis ar na seilfeanna le tamall anois agus idir mholadh agus cháineadh faighte aige mar shaothar.

Rinne Tyrell agallamh le Seán O’Rourke ar a chlár raidió agus an phríomhtheachtaireacht a tháinig as an agallamh sin faoin leabhar ná nach raibh mórán nach ndéanfadh Tyrell agus formhór d’imreoirí Chill Chainnigh chun cluiche a bhuachan. Bhí chuid maith cainte faoi na ‘healaíona dorcha’ a bheith á gcleachtadh ag foirne buacacha na gCat agus Tyrell ag iarraidh a fhearúlacht a chur in iúl dúinn. I ndiaidh an agallaimh dúirt O’Rourke go bhfuaireadar ualach mór giolcacha cáinteacha . Tá an iomad den fhéinmholadh sa leabhar domsa.

Ó thosaigh foilsitheoirí ag baint leas as imreoirí CLG chun leabhair a dhíol, bíonn an cur chuige céanna acu– an réalta atá ar tí éirí as nó díreach éirithe as ag roinnt a chuimhní cinn linn faoina sheal mar imreoir. Ach ní den seanmhúnla seanbhunaithe sin A Land of Men and Giants, a tháinig amach an mhí seo, scéal Tony Doran, duine de laochra na hiomána sna seascaidí, sna seachtóidí agus sna hochtóidí.

Mar atá scríofa sa bhlurba is scéal é seo faoi shaol spóirt laoch Loch Garman agus é i mbun dianchoimhlinte i gcoinne fhathaigh na hiomána

Is dócha gur leabhar é seo a thabharfaidh na seanleaids (mise san áireamh) siar bóithríní na smaointe.

Leabhar eile dóibh, a bhfuil dlúthbhaint aige le Corcaigh cé go bhfuil an t-údar Dave Hannigan ar deoraíocht i gcathair mhór Nua-Eabhrac le blianta anois, is ea Boy Wonder. Caitheann Hannigan súil siar ar a óige i dtuaisceart na cathrach agus rianaíonn an tsuim mhór a bhí aige sa spórt. Tá an leabhar seo lán le cumha i ndiaidh na seanlaethanta agus é ag trácht ar chomórtas sacair na hEorpa i 1984, bróga peile bána Steve Heighway, an cluiche Subbuteo agus, dar ndóigh, an tsuim an-mhór a bhí aige i gcluichí Chumann Lúthchleas Gael agus an laoch ar leac an dorais aige, Jimmy Barry Murphy a bhí i mbarr a réime nuair a bhí an t-údar ag fás aníos. 

Más cúrsaí peile atá uait, tá leabhair le fáil ón Gooch Cooper agus ó Jason Sherlock agus leabhar spórt na bliana, dar le Bord Gáis, The Choice le Philly McMahon ann.

Agus dar ndóigh tá an leabhar bliantúil A Season of Sundays curtha le chéile arís ag an ngrianghrafadóir iomráiteach Ray McManus agus é lán de phictiúir iontacha ó bhliain a bhí an-taitneamhach. 

Fág freagra ar 'Cad iad na leabhair CLG is fearr a foilsíodh i mbliana?'

  • Traolach

    Mar le ‘Warriors Code’ lig Cody síos é féin go mór ach a ndeonaigh sé an leabhar sin a sheoladh. ‘Nìl sí léite fós agam’
    ar sé agus clab seanbhlastùil air. ‘Savagery’ is teideal do chaibidil amháin agus laochas ar an údar tríd síos as a ‘thiufálta’ a bhí sé. Is náireach, suarach, neamhspóirtiúil mar leabhar í agus drocheiseamláir amach is amach don aos óg in aon spórt ar domhan. Cuimhním ar chúpla Cat eile a d’fhéadfadh ì a shárú áfach! Nì haon mhaise ì seo ar cháil J.Tyrrell ach déanfaidh sé dlús aisti ní foláir liom.

  • Seán de Paor

    Iománaí iontach scilliúil crua ab ea Jackie Tyrrel. Ní cluiche do spadalaigh í an iomáint. ‘Munar féidir leat an teas a sheasamh gabh amach as an gcistin.’ Éad is cúis leis an gcáineadh ar fad. Ní haon ionadh nach mbeadh J. Allen buíoch dó, níor ‘spâráil’ Jackie tosaithe Chorcaí riamh! Nì bheidh laoch dá leithéid arís ann.