Cad iad na deich gcoláiste samhraidh is mó sa tír?

I nGaeltacht Chonamara atá cúig cinn de na deich gcoláiste is mó mheall daltaí in 2019

Cad iad na deich gcoláiste samhraidh is mó sa tír?

Pictiúr: Coláistí Chorca Dhuibhne/www.colaiste.ie

Tá eolas nua ar fáil faoi céard iad na coláistí samhraidh is mó a mheallann daltaí agus tacaíocht stáit dá réir.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua ó Roinn na Gaeltachta, coláistí Gaeilge i nGaeltacht na Gaillimhe a mheall 12,660 den 27,032 duine a d’fhreastail ar na coláistí in 2019. Maidir leis an €4.36 milliún a d’íoc Roinn na Gaeltachta leis na mná tí a chuir lóistín ar fáil do na coláistí in 2019, chuaigh €2.48 milliún de, nó 57%, go dtí mná tí choláistí sa Ghaillimh.

I nGaeltacht Chonamara atá cúig cinn de na deich gcoláiste is rathúla sa tír.

Gaeltacht Dhún na nGall, an dara ceantar Gaeltachta is mó a mheall scoláirí in 2019. Íocadh €804,000 le mná tí Dhún na nGall agus 5,445 duine a d’fhreastail ar chúrsaí na gcoláistí ansin anuraidh.

Cé go raibh Ciarraí siar cuid mhaith sa tríú háit le 3,512 duine agus €492,000, tá Coláistí Chorca Dhuibhne sa chéad áit ar an liosta de na deich gcoláiste is mó a mheall daoine in 2019.

Na deich gcoláiste is mó sa tír

Coláistí Íocaíochtaí Teaghlaigh/Brúanna 2019 Líon Scoláirí 2019
Coláistí Chorca Dhuibhne €458,635.00 3,312
Coláistí Lurgan, Indreabhán €425,370.00 2,065
Coláistí Uisce, Coláiste Uisce, Cuan Eilí €208,725.00 1,955
Coláistí Chamuis €349,099.00 1,675
Coláiste na Rinne, Port Láirge* €125,720.00 1,258
Coláiste Bhríde, Rann na Feirste €150,410.00 1,102
Coláiste Acla, Acaill €109,800.00 1,059
Coláiste Sheosaimh, Carna €149,950.00 866
Coláiste na nOileán, Tír an Fhia €127,010.00 850
Coláiste Chiarain,
An Cheathrú Rua
€164,200.00 849
Iomlán €2,104,719.00 14,142
*Brú nó coláiste cónaithe

3,328 duine a d’fhreastail ar chúrsaí Choláistí Chorca Dhuibhne in 2019 agus d’íoc Roinn na Gaeltachta €477,000 le mná tí Comharchumann Chorca Dhuibhne, ar leo na coláistí in iarthar Duibhneach.

Tá sé choláiste samhraidh ar fad i gceist le Coláistí Chorca Dhuibhne, an t-aon dream a mbíonn cúrsaí samhraidh á reáchtáil acu i nGaeltacht Chiarraí.

De na sé choláiste sin ba i gcoláiste Bhaile an Fheirtéaraigh a bhí an líon is mó daltaí – 869.

Chomh maith leis sin, tá 393 ábhar oide ó Hibernia agus 83 mac léinn ó UCC i gceist sna figiúirí do Choláistí Chorca Dhuibhne.

Contae Íocaíochtaí Teaghlaigh/Brúanna 2019 Líon Scoláirí 2019
Gaillimh €2,479,635.00 12,660
Dún na nGall €804,586.00 5,445
Ciarraí €492,800.00 3,512
Maigh Eo €355,485.00 3,278
Port Láirge €125,720.00 1,258
Corcaigh €59,270.00 622
An Mhí €44,600.00 257
Iomlán €4,362,096.00 27,032

Maidir leis na coláistí atá faoi úinéireacht phríobháideach, is é Coláiste Lurgan in Indreabhán i gConamara an coláiste is rathúla sa tír ó thaobh líon na scoláirí a mheallann sé.

2,065 duine óg a d’fhreastail ar chúrsaí samhraidh Choláiste Lurgan in 2019 agus €425,000 a fuair na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí an choláiste sin.

Sa tríú háit ar an liosta de na deich gcoláiste is mó ar fhreastail daltaí orthu in 2019 tá Coláiste Uisce i Maigh Eo.

1,955 dalta a d’fhreastail ar Choláiste Uisce agus fuair lucht lóistín an choláiste €208,000 ó Roinn na Gaeltachta anuraidh.

Coláiste Chamuis an ceathrú coláiste ba rathúla sa tír ó thaobh líon na ndaltaí in 2019. 1,675 a d’fhreastail ar na ceithre ionad atá ag Coláiste Chamuis in 2019 agus fuair na mná tí €349,000 dá réir.

I nGaeltacht Chonamara atá leath de na deich gcoláiste samhraidh ba rathúla ó thaobh líon na ndaltaí in 2019.

Is iad na trí choláiste eile i gConamara atá ar an liosta ná Coláiste Sheosaimh i gCarna atá san ochtú háit, Coláiste Thír an Fhia i gceantar na n-oileán atá sa naoú háit agus Coláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua atá sa deichiú háit.

 

Tá dhá choláiste i Maigh Eo i measc na ndeich gcoláiste is mó a mheallann scoláirí, Coláiste Uisce agus Coláiste Acla.

Níl ach coláiste amháin i nDún na Gall i measc na ndeich gcoláiste is mó ar fhreastail scoláirí orthu in 2019, Coláiste Bhríde i Rann na Feirste. Sa séú háit atá Coláiste Bhríde le 1,102 dalta agus €150,000 a fuair mná tí an choláiste.

Tá dhá bhrú nó coláiste cónaithe ar an liosta, Coláiste na Rinne i bPort Láirge agus Coláiste Uisce i Maigh Eo.

Cé gur daltaí scoile a d’fhreastail ar choláistí samhraidh atá i gceist leis an 27,000 duine atá luaite sna figiúirí nua, baineann beagnach 2,000 acu le cúrsaí eile do dhaltaí agus do mhic léinn.

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí, íocann Roinn na Gaeltachta €10 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae le mná agus fir tí na Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh.

Íocadh €4.73 an scoláire le coláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chur ar ceal chúrsaí na bliana seo.

Socraíodh €4 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íoc leis na mná tí i mbliana, i gcomparáid leis an €10 á íocann an Roinn de ghnáth leo nuair a bhíonn scoláirí acu.

Faoin gciste “aon uaire” socraíodh €3.1 milliún a íoc le húdaráis an 42 coláiste samhraidh “le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí” agus cuireadh €1.6m ar fáil don 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.

Dúirt Roinn na Gaeltachta go raibh an cúiteamh á íoc “chun inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú”.

Íocaíochtaí Teaghlaigh/Brúanna 2019 Líon Scoláirí 2019
Gaillimh
Coláiste Lurgan, Indreabhán €425,370.00 2,065
Spleodar, Bóthar an Chairn Mhóir, Uarán Mór €397,830.00 1,944
Coláiste Chamuis €349,099.00 1,675
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge €174,422.00 898
Coláiste Sheosaimh, Carna €149,950.00 866
Coláiste na nOileán, Tír an Fhia €127,010.00 850
Coláiste Chiarain, An Cheathrú Rua €164,200.00 849
Coláiste Cholumba, An Cheathrú Rua €115,890.00 845
Coláiste Chonnacht, An Spidéal €115,950.00 649
Coláiste Naomh Éanna, An Spidéal €51,730.00 492
Coláiste Uí Chadhain, Na Minna, Indreabhán €87,340.00 435
Coláiste Laichtín Naofa, Inis Oírr, Árainn €70,280.00 374
Coláiste na bhFiann, Ros Muc €65,010.00 353
Coláiste O Direáin, Inis Mór, Árainn €45,220.00 215
Coláiste Gaeilge, Inis Meáin, Árainn €9,660.00 55
Coláiste Gharumna, Leitir Móir €2,670.00 34
Coláiste Neasáin, Inis Oírr, Árainn €4,650.00 31
Iarbhunscoileanna ar Oileáin Árainn €123,363.00 30
Iomlán €2,479,635.00 12,660

 

Íocaíochtaí Teaghlaigh/Brúanna 2019 Líon Scoláirí 2019
Dún na nGall
Coláiste Bhríde, Rann na Feirste €150,410.00 1,102
Coláiste Árainn Mhór, Oileán Árainn Mhór €146,790.00 700
Coláiste Loch an Iúir, Anagaire €119,840.00 664
Coláiste Mhachaire Rabhartaigh, Gort a’Choirce €107,400.00 563
Coláiste Chú Chulainn, Gaoth Dobhair €47,840.00 502
Coláiste Na Rosann, Anagaire €19,000.00 498
Acadamh na hOllscoileachta Gaeilge €71,976.00 451
Coláiste An Phiarsaigh, Dún Lúiche €62,300.00 449
Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann, An Charraig €19,660.00 212
Coláiste Bhun an Inbhir, Na Doirí Beaga €29,610.00 139
Coláiste na bhFiann, Gaoth Dobhair €22,200.00 111
Coláiste Chara, Cill Chartha €7,560.00 54
Iomlán €804,586.00 5,445

 

Íocaíochtaí Teaghlaigh/Brúanna 2019 Líon Scoláirí 2019
Ciarraí
Coláistí Chorca Dhuibhne €458,635.00 3,312
ERASMUS Gaeltachta, Ollscoil Chorcaí, Coláistí Chorca Dhuibhne €18,445.00 16
Bhréanainn, Baile an Bhuineánaigh* €15,720.00 184
Iomlán €492,800.00 3,512

 

Íocaíochtaí Teaghlaigh/Brúanna 2019 Líon Scoláirí 2019
Maigh Eo
Coláiste Uisce, Cuan Eilí* €98,525.00 1,195
Coláiste Acla, Acaill €109,800.00 1,059
Coláiste Uisce, Eachléim €110,200.00 760
Coláiste Mhaigh Eo, Ceathrú Thaidhg €36,960.00 264
Iomlán €355,485.00 3,278
Corcaigh
Coláiste Na Mumhan, Baile Átha’n Ghaorthaidh* €31,170.00 319
Coláiste Samhraidh, Gleann Maghair* €10,020.00 171
Coláiste Phobail Chléire, An Sciobairín €18,080.00 132
Iomlán €59,270.00 622
Port Láirge
Coláiste na Rinne, Port Láirge* €125,720.00 1,258
Iomlán €125,720.00 1,258
An Mhí
Coláiste na bhFiann, Rath Cairn €44,600.00 257
Iomlán €44,600.00 257

Táblaí le Tuairisc.ie bunaithe ar eolas ó Roinn na Gaeltachta

Fág freagra ar 'Cad iad na deich gcoláiste samhraidh is mó sa tír?'