Cad eile a bhí i nuachtáin na tíre seo ar an 22 Lúnasa 1922?

Sáinnithe istigh idir dhá cholún darbh theideal OUR LONDON LETTER agus SUMMER AND PRICES IN VIENNA, bhí an ceannteideal seo GOLF AGUS GAEDHILG LE CHÉILE – an Chéad Chluiche

Cad eile a bhí i nuachtáin na tíre seo ar an 22 Lúnasa 1922?

Waterford County Museum - UK5906 www.waterfordmuseum.ie/

Na scéalta ar fad faoi lámhach agus faoi bhás Mhichíl Uí Choileáin cothrom an ama seo 100 bliain a mhúscail mo shuim i dtaobh aon ábhar eile a bhí i nuachtáin na tíre seo ar an 22 Lúnasa 1922, an lá ar maraíodh é sa luíochán.

Nuair a chuaigh mé i mbun fiosraithe níorbh iontas go mba le heachtraí Chogadh na gCarad a bhain formhór na scéalta – buama a postáladh in Uíbh Fhailí, gluaisteán de chuid na Croise Deirge ar scaoileadh urchair leis i gcontae an Chláir agus cur síos ar chath idir an dá thaobh ar dhroichead iarnróid in aice bhaile an Chlocháin i nGaillimh.

Ocht leathanach a bhí san Irish Independent ar an 22 Lúnasa 1922. Fógraí tráchtála a bhí i dtrí cinn acu (an príomhleathanach ina measc) agus ceann eile a bhí faoi phictiúir. 

Scéalta ón iasacht nach mór ar fad a bhí sa bhfuílleach, cé is moite do chorrlitir agus cásanna cúirte.

Ar bharr leathanach a ceathar a tháinig mé trasna ar luach saothair mo chuid fiosrachta. Sáinnithe istigh idir dhá cholún darbh theideal OUR LONDON LETTER agus SUMMER AND PRICES IN VIENNA, bhí an ceannteideal seo GOLF AGUS GAEDHILG LE CHÉILE an Chéad Chluiche.

Ba dhóbair ná thit mé i laige, mar seachas liosta capall a bhí ag rith ar Churrach Chill Dara agus i Sasana oiread agus tagairt amháin eile níl sa nuachtán ar chúrsaí spóirt.

Le fírinne, ba cheart a admháil gur inseacht dialainne nó iarraidh de cholún a bhí san alt faoin ngalf lena raibh an t-ainm cleite ‘Cloch Labhrais’. É ráite freisin faoi go mbeadh an chuid eile den alt le fáil in eagrán eile den nuachtán amach anseo.

Is mór an peaca go bhfuil sé dodhéanta cuid mhaith den chló a dhéanamh amach sa leagan digitithe den Irish Independent a chonaic mise, mar is rídheas mar a mheallann an scríbhneoir suim an léitheora sa gcéad pharagraf agus é ag cur síos ar an gcaoi ar cuireadh i mbealach an ghailf é.

“Cléireach a bhí ag obair in aon oifig liom do mheall chuige mé. Bhí sé ag dul in aois agus ag titim chun blonaige beagáinín agus ní raibh sé pósta.” 

Bhain péire de na trí cháilíocht a luaigh sé liom féin agus shantaigh mé a fháil amach cén chaoi ar éirigh leis an údar agus lena chomrádaí oibre, nó ar thugadar faoin liathróidín bheag bhán beag ná mór.

Thug. Go drogallach ó thaobh an údair de, mar gur mheas sé go mba chluiche ‘seoiníní’ ab ea an ceann ina rabhthas á tharraingt ina threo.

Tá mé ag dul amú nó ba é sin an t-aon gheábh ar thug sé faoi.

Déiseach ab ea ‘Cloch Labhrais’ nó Seán Ó Ciarghusa mar a baisteadh é. Ba í an Ghaeilge teanga an phobail nuair a saolaíodh é i gCoill na Gráinsí i gCill Mhic Thomáisín in 1873. Scríobh sé freisin faoi na hainmneacha cleite ‘Sean-Bheist’, ‘Marbhán’ agus ‘Leac Logha’.

Ábhar iontais anois a raibh de chosúlachtaí idir Ó Ciarghusa agus an té a maraíodh i mBéal na Blá an lá ar foilsíodh píosa an ghailf san Irish Independent. 

Agus a chuid scolaíochta críochnaithe aige, fuair Ó Ciarghusa é féin post mar státseirbhíseach i Sasana. Sa Roinn Custaim agus Mál a bhí eisean freisin agus chaith sé tréimhsí ag obair i Learpholl, in Hull agus i Londain, cé go raibh sé fillte ar Éirinn faoin am a raibh an Coileánach ag obair sa rannóg sin ansiúd. 

Bhí an bheirt acu i gConradh na Gaeilge thall.

Óna cheantar dúchais a thug Ó Ciarghusa leis a ainm cleite. Gar don Sráidbhaile, cúpla míle ón áit ar rugadh é, atá Cloch Labhrais. Mullán mór, millteach í atá scoilte ina dhá leith. Tá sé buailte ar Bhealach Glas Phort Láirge.

N’fheadar ar sa scoilt féin atá a teanga, ach de réir sheanchas na háite, ní hamháin go bhfuil cumas labhartha ag Cloch Labhrais, ach tá sí in ann a dhéanamh amach freisin an í an fhírinne nó a mhalairt atá ag duine.

Ar cheann de na scéalta ina taobh tá ceann faoi fhear a raibh amhras air (agus an ceart aige) nach raibh a bhean dílis dó, cé gur shéan sise sin i gcónaí. 

Bheartaigh sé í a thabhairt chun na cloiche. I ngan a fhios dó shocraigh an bhean go seasfadh a leannán ar bharr cnoic – chomh gar dóibh agus go mbeadh feiceáil air, ach chomh fada uathu agus nárbh fhéidir é a aithint.

Agus lámh a mhnaoi leagtha ar Chloch Labhrais, chuir a fear céile an cheist arís.

“Ní raibh aon bhlas le déanamh agam leis an té a bhfuil tú in amhras faoi seachas a bhí agam leis an té atá ina sheasamh ar an gcnoc úd thall,” a d’fhreagair sí.

Nuair a fiafraíodh den chloch an raibh sí ag inseacht na fírinne, ba é an freagra a fuarthas go raibh. Ach ba mhinic leis an bhfírinne chéanna a bheith searbh!

Fág freagra ar 'Cad eile a bhí i nuachtáin na tíre seo ar an 22 Lúnasa 1922?'