‘Cad ab fhiú an t-athrú rialtais?’ – ciorruithe á ndéanamh ag an Lucht Oibre ar dhaoine leochaileacha

Tá míshuaimhneas follasach in Stormont faoi conas is féidir déileáil le ciorruithe atá beartaithe ag an Lucht Oibre a dhéanamh ar liúntais daoine goilliúnacha

‘Cad ab fhiú an t-athrú rialtais?’ – ciorruithe á ndéanamh ag an Lucht Oibre ar dhaoine leochaileacha

Údar mór buartha ag na mílte de phobal an Tuaiscirt is ea plean rialtas na Breataine chun ciorruithe a dhéanamh ar liúntais mhíchumais agus sláinte. Tá ceathrú milliún duine nach mór ag fáil sochar neamhspleáchais pearsanta faoi láthair. Caillfear líon mór de na híocaíochtaí sin i ngeall ar na leasuithe atá molta ag Liz Kendall, an Státrúnaí Saothair agus Pinsin i rialtas Keir Starmer, cailliúint suas le £150 milliún sa bhliain.

Níl na rialacha faoina gceadaítear an liúntas míchumais PIP (Personal Independence Payment) á n-athrú abhus ach ní hionann sin agus a rá nach n-aireofar na ciorruithe. Is ón státchiste a thagann an t-airgead chun liúntais leasa shóisialaigh a íoc i dTuaisceart Éireann agus ós é plean an rialtais caiteachas a laghdú, beidh titim ar an sciar den chiste a chuirfear ar fáil don Tuaisceart.

An uair dheiridh a ndearna rialtas na Breataine dianchiorruithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh cothaíodh guagacht in Stormont. Deich mbliana ó shin bhí sé ina raic idir Sinn Féin agus an DUP faoi na céimeanna ba ghá chun éifeacht na gciorruithe a chuir na Tóraithe i bhfeidhm a mhaolú. Sa deireadh bhí Stormont in ann faoiseamh a thabhairt d’éilitheoirí. Déantar na híocaíochtaí as buiséad Stormont, céim a áirítear a chosnóidh £47 milliún sa mbliain seo chugainn.

Dá ndéanfadh an Feidhmeannas an cinneadh céanna maidir leis na ciorruithe ar PIP chosnódh sé £150 milliún sa bhreis in aghaidh na bliana, dar leis an Aire Pobal, Gordon Lyons. Tá an t-aire diongbháilte de nach bhfuil Stormont in acmhainn an costas sin a sheasamh.

As an 218,000 duine a bhí ag fáil PIP anuraidh bhí 104,000 in aois 55 nó os a chionn agus 18,000 idir 16-24. Ró-imní is neamhord dúlagair agus airtríteas na príomhchúiseanna a raibh daoine i dteideal PIP. Déantar talamh slán de gur cuid d’oidhreacht na dtrioblóidí é go bhfuil meabhairghalair nó galar dubhach coitianta abhus. Ceapann lucht staidrimh go gcaillfidh idir 23,000-35,000 i dTuaisceart Éireann íocaíochtaí PIP.

Is é aidhm an Státrúnaí daoine a ghríosú chun filleadh ar an obair, cuspóir a bhaineann le Sasana áit a bhfuil ganntanas oibrithe ach gur beag éifeacht a bheadh aige anseo. Áiríonn an rialtas go sábhálfaidh an claochlú ar an gcóras leasa shóisialaigh £5 billiún ach is iomaí saineolaí atá amhrasach go sábhálann an déine na spriocanna uaillmhianacha a luaitear léi.

Go bunúsach, tá an rialtas ag iarraidh srian a chur le caiteachas ar liúntais easláinte. Ní shéanann éinne go ndéanann roinnt a ndícheall mí-úsáid a bhaint as an gcóras ach níor cheart pionós a ghearradh ar dhaoine leochaileacha dá bharr sin. Chaithfeadh sé go bhfuil bealaí níos daonna chun an poll mór a d’fhág na Tóraithe sa sparán poiblí a bhainistiú.

Tá cur chuige an rialtais seo níos cosúla le hiompar George Osborne, iarsheansailéir an státchiste, i ndiaidh cúlú eacnamaíochta domhanda ná leis an leagan amach a mbeadh súil leis ó pháirtí a bhí ar an eite chlé tráth. Leag feisire Parlaiminte amháin ar bhinsí an rialtais a mhéar air. ‘Céard ab fhiú an t-athrú rialtais?’ an cheist a chuir Colum Eastwood an SDLP, feisire parlaiminte do Feabhal ar an bPríomh-Aire Starmer, é ag cur a dhíomá in iúl nár feabhsaíodh an saol nuair a caitheadh amach na Tóraithe.

Tá míshuaimhneas follasach in Stormont faoi conas is féidir déileáil leis an mbuille seo ón Lucht Oibre. Mar is gnách deir páirtithe an Fheidhmeannais go bhfuil na ciorruithe doghlactha. Beidh siad ag caint leis an rialtas agus an Státchiste i Londain a deir siad. N’fheadar an bhfuil mórán dóchais acu go bhfaighidh siad faoiseamh. Beag seans, shílfeá, i bhfianaise a bhfuil feicthe againn go dtí seo ó rialtas Keir Starmer. Conas a láimhseálfaidh na páirtithe, go háirithe Sinn Féin agus an DUP an brú nuair a bheas na mílte vótóir soghonta abhus ar an bhfaraor géar?

Fág freagra ar '‘Cad ab fhiú an t-athrú rialtais?’ – ciorruithe á ndéanamh ag an Lucht Oibre ar dhaoine leochaileacha'