Cad a dhéanfaimid feasta gan charbón – má táimid toilteanach dáiríre déanamh dá uireasa?

Caithfidh ceannairí rialtais ar fud an domhain aghaidh a thabhairt anois ar dhúshlán atá i bhfad níos déine agus níos doimhne ná an ghéarchéim airgeadais 

Cad a dhéanfaimid feasta gan charbón – má táimid toilteanach dáiríre déanamh dá uireasa?

Ní go minic a dhéanann ceannairí polaitiúla cur síos macánta ar a gceird, ach rinne Jean-Claude Juncker cur síos oscailte in 2007 faoin bhfáth nach raibh ceannairí an Aontais Eorpaigh toilteanach déileáil go héifeachtach leis an ngéarchéim airgeadais a bhí ag teannadh leo:

“Tá a fhios againn céard ba chóir dúinn a dhéanamh, ach ní heol dúinn conas a atoghfaí muid tar éis dúinn é a dhéanamh,” a dúirt Juncker a bhí ina uachtarán an uair sin ar choimisiún an AE.

Thóg sé breis agus deich mbliana ina dhiaidh sin ar cheannairí an AE teacht ar aon intinn faoin gcur chuige a bhí riachtanach (seachas déine agus síorchiorrú ar chaiteachas rialtais) chun teacht as an ngéarchéim.

Ní foláir do cheannairí rialtais ar fud an domhain aghaidh a thabhairt anois ar dhúshlán atá i bhfad níos déine agus níos doimhne ná an ghéarchéim airgeadais. Ní hionann an dainséar atá ar a gclár oibre anois, mar a léirigh tuairisc an Choiste Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide go soiléir ar dhá phríomhchúis: is doimhne go mór an dainséar, agus is lú go mór an t-achar ama atá ar fáil chun moill, ar a laghad, a chur ar théamh na cruinne.

Tá idir ábhar dóchais agus ábhair imní sa tslí inar thug scata ceannairí polaitiúla i ngach cearn den domhan aghaidh ar an bpaindéim le bliain go leith, is é sin ar ndóigh má fhágtar Bolsonaro na Brasaíle agus mionlach mífhreagrach as an áireamh. Ní ar thionchar an mhionlaigh, ar leibhéal domhanda nó ar leibhéal áitiúil, is gá ár n-aird a dhíriú ach ar éifeacht na socruithe a thoilíonn an tromlach a chur i gcrích.

Ábhar dóchais ón bpaindéim

  1. Léirigh dearcadh an phobail abhus agus i ngach tír beagnach go raibh an móramh toilteanach cloí le rialacha agus le comhairle stuama rialtais, ainneoin a dhéine agus a cuireadh as dá ngnáthshaol.
  2. Bhí dea-thoradh éachtach in achar gairid ar thaighde na saineolaithe a chuir vacsaíní ar fáil laistigh de bhliain tar éis teacht an víris nua.
  3. Chuaigh rialtais, gnólachtaí agus eagrais de gach sórt i dtaithí de réir a chéile ar na mór-athruithe a theastaigh chun freastal ar an bpobal, ainneoin na paindéime.

Ábhar éadóchais ón bpaindéim

  1. Theip ar cheannairí an domhain teacht ar shocrú cothrom chun vacsaíní a sholáthar ar bhonn cothrom ar fud an domhain.
  2. Is tromchúisí cliseadh seo na gceannairí toisc gur léir an dainséar do chách mura gcuirtear an prionsabal ‘níl duine ar bith slán go mbeidh gach duine slán’ i bhfeidhm.
  3. Bíonn dea-thoradh le feiceáil go náisiúnta ar chur chuige náisiúnta le linn paindéime. Ní dheimhneoidh gníomh fiúntach náisiúnta in aghaidh athrú aeráide dea-thoradh ar bith.

Léireofar fiúntas nó faillí i gcur chuige an rialtais nuair a fhoilseofar buiséad aeráide an rialtais sa bhfómhar, díreach mar a léireofar fiúntas nó faillí dhomhanda nuair a thionólfar comhdháil na Náisiún Aontaithe ar athrú aeráide i nGlaschú idir an 31 Deireadh Fómhair agus an 12 Samhain.

Ní tearc na fáthanna go bhfuiltear amhrasach faoin toradh a bheas ar an bplé a bheas ar bun abhus agus ar fud an domhain idir an dá linn. Mar is léir, mar shampla, ón drogall atá go follasach ar na príomhpháirtithe abhus a admháil nach féidir astaíocht charbóin na hÉireann a laghdú mura laghdófar líon na mba sa tír.

Is ar bhonn comhréitigh a chuirtear leigheas ar fhadhbanna polaitiúla chun cinn de ghnáth, i dTithe an Rialtais i mBaile Átha Cliath agus tar éis idirbheartaíochta idirnáisiúnta. Ach ní thugann an t-athrú aeráide aon aird ar chomhréiteach, dá réasúnta é, ná ar na deacrachtaí sin a chuireann bac roimh na hathruithe sin a deir na saineolaithe atá riachtanach. Ní margadh ‘réasúnta’ ach margadh dáiríre a bheidh de dhíth chun an dochar do-athraithe don phláinéad a sheachaint.

B’fhearr mar sin féin gan a bheith ró-éadóchasach má dhéanann polaiteoirí mór is fiú de lagshocruithe a fhógrófar i gceann tamaill i mBaile Átha Cliath agus i nGlaschú. Beidh ceannaireacht, samhlaíocht pholaitiúil agus toil an phobail nach bhfacthas a leithéid cheana riamh ag teastáil chun déileáil dáiríre leis an gcontúirt scanrúil atá ag bagairt ar an gcine daonna.

Ní gan teip ná easaontas a thiocfar ar aon intinn faoin gcomhghníomh a nglacfaidh móramh domhanda sách mór leis agus a chuirfidh móramh sách mór i bhfeidhm gan mhoill.

Múinfidh gá seift. Nó mura múinfidh, beimid uilig i dtrioblóid.

Fág freagra ar 'Cad a dhéanfaimid feasta gan charbón – má táimid toilteanach dáiríre déanamh dá uireasa?'

  • Gearóid Ó Raghallaigh

    Tugann an t-alt seo le tuiscint gur eagraíocht neamhchlaonta an Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide.

    Níl sin ceart ar corr ar bith; is eagraíocht chlaonta í a bhunaigh i 1988 le teacht ar thionchar an chine dhaonna ar an aeráid. Ba í sin an aidhm ar leith a bhí aici ón chéad nóiméid. Dul ar lorg fianaise go bhuil tionchar ag an chine daonna ar an aeráid an dualgas a bhí roimh na heolaithe fostaithe ag an eagraocht. Ní fiosrúchán neamhspleach neamhchlaonta é.

    Ba thúisce an chonclúid ná na firici agus an fhianaise. Is eolaíocht bréige í.

    Glactar go réidh le fianaise ar bith a réitíonn leis an aidhm seo agus déantar neamhshuim ar aon fhianaise nach réitíonn léi dála mar a dhéilálann an bleachtaire lena rogha amhrasáin..