Cad a d’fhoghlaimíomar faoi shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta ó cháipéisí stáit 1989?

Thug Nuacht TG4 siar bóithrín na smaointe sinn chun cíoradh á dhéanamh ar nithe suntasacha ó pháipéir na Cartlainne Náisiúnta a scaoileadh faoin riail 30 bliain

Cad a d’fhoghlaimíomar faoi shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta ó cháipéisí stáit 1989?

Charles Haughey le Padraig Flynn agus Ray MacSharry. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Le trí oíche anuas tá Siar 30 Bliain ar TG4 tar éis sinn a thabhairt siar bóithrín na smaointe chun cíoradh á dhéanamh ar nithe suntasacha ó pháipéir na Cartlainne Náisiúnta a scaoileadh faoin riail 30 bliain.

Oilithreacht bhliantúil ag Nuacht TG4 é seo anois. Tugtar éachtaint ar chonspóidí agus aighnis na bpolaiteoirí agus na státseirbhíseach agus déantar súil faoi leith a choimeád ar scéalta Gaeilge agus Gaeltachta, mar is ceart.

Sí Máire T. Ní Mhadaoin a bhí sa chathaoir le sinn a threorú trí cháipéisí 1989, cúram a dhein sí go slachtmhar. Bhí an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ina fochair sa stiúideo lena léargas deisbhéalach, sainiúil féin a thabhairt.

Lena chois sin bhí tuairiscí snoite againn ó Áine Lally, Sinéad Ní Neachtain agus Eibhlín Ní Choistealbha.

Is meascán mearaí d’ábhar a cuireadh os ár gcomhair: útamáil Charlie Haughey leis an mBlascaod Mór, conspóid na gceadúnas slaite, dúnadh an chomhlachta Digital, moill ar achomharc Osgur Breatnach, lucht dlí faoi bhagairt ag grúpaí paraimíleata dílseacha, abláil airgeadais Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus scéalta eile nach iad. Ní nach ionadh is mó suim a chuireas i scéalta áirithe seachas a chéile.

Rud amháin ar thugas suntas dó ná an macalla a bhaineann cuid de na scéalta as conspóidí an lae inniu. Is ar chastróvaics an FAI a bhíos ag cuimhneamh nuair a bhíothas ag trácht ar an gComhaltas a bheith ag caitheamh airgid stáit go fánach agus sé Apple a rith chugam nuair a bhíothas ag trácht ar na hiarrachtaí a dhein Digital socruithe cánach speisialta a bhaint amach dóibh féin.

D’fhéadfaí clár faisnéise toirtiúil ann féin a dhéanamh ar a bhfuil tarlaithe ó bunaíodh Fondúireacht an Bhlascaoid i 1986: an talamh i seilbh feirmeora ó Alabama, ruathair aonair Charlie Haughey (a bhfuil a oileán féin béal dorais) agus an cás ardchúirte a lean. Comhairlíodh do Haughey gan treabhadh ar aghaidh lena phleananna páirc náisiúnta a dhéanamh don Bhlascaod Mór ach thug sé an chluas bhóthar don chomhairle sin. Labhair Micheál Ó Cinnéide, a bhí ina Rúnaí ar an bhFondúireacht, go meáite, eolgaiseach, deisbhéalach faoin tréimhse úd.

Bhí Charlie Haughey sáite i scéal eile ar thugas suntas dó. Bhí sé in amhras an raibh sé de cheart ag Aire Stáit na Gaeltachta ag an am, Donncha Ó Gallchobhair, é féin a cheapadh ina Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta díreach sular éirigh sé as a chúraimí rialtais. Ní raibh sé mídhleathach ach bhí sé neamhchoitianta. D’fhéadfá a rá!

Mheabhraigh Gearóid Ó Tuathaigh dúinn ag deireadh an chláir go bhfuiltear anois chun tosú, de réir a chéile, ag laghdú na tréimhse sula scaoiltear cáipéisí stáit ó 30 bliain go 20 bliain agus go mba cheart, dá réir sin, deacrachtaí spáis agus foirne na Cartlainne a bhí sa nuacht le déanaí, a réiteach.

Nílim cinnte cad a cheapas don chur chuige trí chlár a bhí timpeall ar 13 nóiméad a dhéanamh seachas clár amháin nó dhá chlár fiú.

Ach ós rud é go raibh cuid den ábhar casta, agus go dtosaigh fíricí agus mionsonraí ag imeacht sa bhfraoch dá réir, b’fhéidir nach aon drochrud é go scaoiltear scéalta na gcáipéisí chugainn bolgam ar bholgam.


Cad a d’fhoghlaimíomar ó na cáipéisí stáit?

  • Thug Charles Haughey, nuair a bhí sé ina Thaoiseach, neamhaird ar chomhairle neamhbhalbh a cuireadh ar an Rialtas gan dul ar aghaidh le plean an Blascaod Mór a cheannach
  • Bhí an oiread amhrais ar Charles Haughey faoi chinneadh Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchobhair, é féin a cheapadh ina Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta gur lorg An Taoiseach comhairle faoin scéal ón státseirbhíseach ba shinsearaí sa tír
  • I 1987 bhí Comhaltas Ceoltóirí Éireann i bhfiacha £800,000 (beagnach €2 milliún in airgead an lae inniu) agus lorg Ard-Stiúrthóir na heagraíochta, Labhrás Ó Murchú, deontas £750,000 chun na fiacha a ghlanadh. Bhí Feidhmeannach i Roinn an Taoisigh glan i gcoinne an iarrtais sin.‘It certainly does not seem prudent to make additional public funds available to Comhaltas with its current financial management team,’ arsa an t-oifigeach i Roinn an Taoisigh. Ach rinne seisear airí stocaireacht ar son an Chomhaltais agus in Aibreán 1988 mhol Roinn an Taoisigh go mbainfí leas as airgead ón gCrannchur Náisiúnta chun fiacha Chomhaltais a ghlanadh

Fág freagra ar 'Cad a d’fhoghlaimíomar faoi shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta ó cháipéisí stáit 1989?'