‘Cá ndeachaigh an fharraige?’ –  is aoibhinn a bheith cois cladaigh i lár na cathrach

Dumhach Thrá ag lán mara - bainimis taitneamh as an gceantar neamhghnách seo mar b’fhéidir nach fada eile a bheidh sé chomh hálainn agus chomh tarraingteach is atá

‘Cá ndeachaigh an fharraige?’ –  is aoibhinn a bheith cois cladaigh i lár na cathrach

Roinnt blianta ó shin agus mé i mbun cláracha ilchultúir in RTÉ, d’eagraigh mé cruinniú de chraoltóirí ón EBU (Aontas na gCraoltóirí Eorpach) sa Cheannáras i nDomhnach Broc. Toisc go rabhadar ag fanacht i nDroichead na Dothra, shocraigh siad dul ag an  gcruinniú de shiúl na gcos. Bhí go maith, bhí an aimsir go hálainn agus thaitin radharc na farraige go mór leo agus iad ag siúl thar Dhumhach Thrá ag lán mara.

Ar an mbealach ar ais uaireanta a’ chloig ina dhiaidh sin, baineadh siar as cuid acu.

‘Cá ndeachaigh an fharraige?’ scread bean amháin. Ní raibh amharc ar bith ar an bhfarraige toisc go raibh lag trá an-íseal ann. Ba as Oirthear na hEorpa don bhean seo agus is beag taithí a bhí aici ar an bhfarraige féin, gan trácht ar í a bheith ag teacht is ag imeacht as amharc uilig.

Is sórt feiniméan nádúrtha í an taoille thart ar Dhumhach Thrá, An Rinn agus ó dheas go Baile an Bhóthair. Le linn stoirme agus farraigí arda, tagann sí trasna an phríomhbhóthair. Le linn rabharta agus é ina lag trá, tránn an fharraige an fhad sin amach, go gceapfá go raibh longa ina suí ar an ngaineamh tirim.

Cuireann an feiniméan seo daoine ar strae go minic. Níl ann ach cúpla seachtain ó tarrtháladh seisear déagóirí a shiúil rófhada amach ag lag trá agus níor thugadar aon suntas don fharraige ag tuile ina dtimpeall. B’éigean don bhád tarrthála agus héileacaptar an Gharda Cósta dul i gcabhair orthu.

Ach, ag smaoineamh ar mo chomh-chraoltóirí ón Mhór-Roinn arís, is beag cathair san Eoraip a bhfuil áis chomh hiontach sin acu gar do lár na cathrach- tránna, siúlóidí, áiseanna seoltóireachta agus uile, cúpla ciliméadar ó Shráid Uí Chonaill.

Is minic a shiúlaim féin ar an leithinis a shíneann amach ón Rinn, go dtí an Balla Theas a shíneann amach uaidh sin, cúpla ciliméadar eile amach sa bhfarraige.

Dhá bhalla a tógadh i gcuan Bhaile Átha Cliath chun cabhrú le longa a mbealach a dhéanamh isteach is amach as an gcalafort. Tógadh an chéad Bhalla Theas trí chéad bliain ó shin. Ba é an Captaen Bligh a bhain cáil amach sa scéal ‘Mutiny on the Bounty’ a mhol go dtógfaí an Balla Thuaidh. Mheas sé go gcabhródh an dá bhalla le bealach inseolta a dhéanamh go nádúrtha isteach i mbéal na Life.

Bhí an ceart aige.

Thosaigh an gaineamh ag imeacht amach as lár an bhealaigh seoil ach níorbh é sin amháin é, ach thosaigh an gaineamh ag carnadh ar an taobh eile den Bhalla Thuaidh, rud a chruthaigh, ar deireadh ‘Oileán an Bhulla’- áis iontach eile do mhuintir na cathrach agus do thurasóirí.

Cruthaíonn sin uilig, is dócha, go gcabhraíonn  an ‘cur isteach’ ar an nádúr anois is arís. Ní bheadh aon chalafort ceart i mBaile Átha cliath gan samhlaíocht William Bligh agus a leithéid, ná ní bheadh Oileán an Bhulla ann ach oiread.

Baineann daoine pléisiúr as na háiseanna ar an iliomad bealach. Casadh fear orm an lá cheana agus a charr páirceáilte aige trasna an bhóthair ó sheansimléir dhearga an stáisiúin ginte leictreachais (atá curtha as feidhm anois). Bhí ceamara dírithe ar an simléar aige agus lionsa mór feistithe air. ‘An bhfuil tú ag faire ar éanlaith?’ a d’fhiafraigh mé de.

‘Táim,’ a dúirt sé. ‘Tá péire fabhcún gorm (peregrine falcons) ag neadú ar thaobh an tsimléir.’ Bhí bosca feistithe ar an stáisiún do na héin agus tagann siad ann gach bliain, is cosúil. D’inis mo dhuine dom go n-imíonn an t-éan fireann leis agus go bhfanann an t-éan baineann ann an t-am ar fad. Bhí trí nó ceithre ubh acu gach bliain le cúpla bliain anuas.

Agus muid ag díriú ár n-aird suas chun na spéartha, tháinig pocaire gaoithe (kestrel) agus d’eitil go hard os ár gcionn ag faire ar rud éigin ar an talamh.

Píosa eile siúil agus thángamar ar scéal a bhí gan míniú- na mílte ruacan agus na sliogéisc fós sna sliogáin, ina gcarnáin thuas i mbarr an chladaigh. Na Shellybanks nó Port na Sliogán a thugtaí ar an áit áirithe seo – go háirithe ag muintir na Rinne a théadh ag snámh ann i rith an tsamhraidh. Feictear an t-ainm sin fós ar mhapaí de Chuan Bhaile Átha Cliath. Píosa amach ón áit a rabhamar inár seasamh, thugtaí The Cockle Lake nó Loch na Ruacan air. Feictear sliogáin fholmha go minic ar an ngaineamh ach ní fhaca mé ariamh sliogáin mhóra agus na héisc fós iontu, caite suas ag an taoille.

Áit aoibhinn le haghaidh siúlóide agus le bheith breathnú ar an nádúr timpeall ort. Gheobhaidh tú radharcanna iontacha ar dheisceart agus ar thuaisceart na cathrach nuair a shiúlfaidh tú amach ar an mBalla Theas.

Ach mar is gnáth, tá rudaí ag athrú. Cheana féin tá an loisceoir dramhaíola tógtha agus i mbun oibre gar don áit seo. Tá cead tugtha do 3,500 árasán (8,000 duine) ar shuíomh sheanmhonarcha na mbuidéal, an ‘Irish Glass Bottle’. Nuair a bhí an borradh eacnamaíochta i mbarr láin íocadh €400 milliún ar an suíomh sin. Nuair a thit an tóin as an eacnamaíocht níorbh fhiú ach thart ar €30 milliún é.

Tugadh an cead do na hárasáin ach tá achomharc le héisteacht go gairid maidir leis an líon tithe sóisialta atá le tógáil ag na forbróirí. Dúradh leo go gcaithfidís 900 díobh a thógáil mar chuid den phlean ach tá siad ag cur ina choinne sin.

Bainimis taitneamh as obair an Chaptaen Bligh, as an gciúnas agus as na radharcanna áille – b’fhéidir nach fada eile a bheas an ceantar neamhghnách seo chomh hálainn agus chomh tarraingteach is atá anois.

Fág freagra ar '‘Cá ndeachaigh an fharraige?’ –  is aoibhinn a bheith cois cladaigh i lár na cathrach'

  • Seán Mistéil

    Iomlán na fírinne ag Mairéad agus í ag moladh do dhaoine leas a bhaint as an gceantar cósta seo atá chomh gar dúinn i mBaile Átha Cliath.

    Is breá liom féin gach deis a thapú dul ag rith (nó ag bogshodar) ar an trá nó ar an mbealach nádúir, go luath ar maidin go speisialta. Fiú ag an am sin bíonn comhluadar maith mór thimpeall ag siúl agus ag spaisteoireacht; tuigeann a bhfurmhór an seod luachmhar atá againn ach is fiú an soicéal a scaipeadh níos faide anonn!

  • Des O Murchu

    Trua nach raibh tu sa cheanntar le linn stoirm le deanai! Nios measa na gaoth aniar! Des O Murchu

  • Marcus

    Sár-phíosa, conaím i nDumhach Thrá is aontaím go hiomlán leat :D