Cá bhfuil na tithe sóisialta i nDún Chaoin, i bparóiste Mórdhach agus i bhFionn Trá?

Níl ó ana-chuid daoine ach deis chun maireachtaint sna pobail as ar fáisceadh iad

Cá bhfuil na tithe sóisialta i nDún Chaoin, i bparóiste Mórdhach agus i bhFionn Trá?

Bhíos istigh ag cruinniú de Chomhairle Contae Chiarraí in áras an chontae an lá eile. (Tá ana-shaol agam le ceart.) I measc na gcáipéisí, na dtáblaí, na bhfigiúirí agus na staitisticí a dáileadh ag an gcruinniú (agus bíonn carn ann; ní haon ionadh an aeráid bheith dulta chun an phota), bhí tuarascáil ar chúrsaí tithíochta sa chontae. Tá 2,700 duine ar liostaí feithimh tithíochta na Comhairle fé láthair, a tugadh le fios, ach ba é an rud a léim aníos ón leathanach chugham ná an figiúr i dtaobh líon na dtithe sóisialta aonaracha atá le tógaint fén dtuath sa chontae as seo go ceann trí bliana.

I gcontae tuaithe, ina bhfuil daonra céad go leith míle duine agus 2,700 ag fanacht le tithíocht shóisialta, aon tigh sóisialta amháin fén dtuath atá le tógaint ó cheann ceann an chontae gach bliain as seo go ceann trí bliana.

Tigh amháin in aghaidh na bliana.

Más fén dtuath atáir, féach id’ thimpeall: ana-chuid de na tithe cónaithe atá os do chomhair, tithe sóisialta ba ea iad uair éigin. Os cionn céad bliain ó shin, bhí Bord na gCeantar Cúng ag tógaint tithe do mhuintir na gceantar úd. (Éinne a théann isteach go dtí’n mBlascaod, cífidh siad tithe móra bána a thóg an Bord idir 1909 agus 1911, cúig cinn acu, dos na teaghlaigh ba mhó a bhí i ngátar tí. Mhair Peig Sayers agus a clann i gceann acusan.)

Tar éis bhunú an tSaorstáit, thosnaigh Coimisiún na Talún ar chlár tógála tithe; na tithe feirme is mó a shamhlaítear le ceantair thuaithe na tíre, na tithe dhá stór le trí fhuinneog ar bharr aghaidh a’ tí agus dhá cheann ar bun, ba é Coimisiún na Talún a thóg a bhformhór sa 1930idí agus na 1940idí. Tógadh iad mar mhalairt ar na seanbhotháin ceann tuí a bhí fós coitianta ag an am; is sa ré sin a tréigeadh na seanbhailte in áiteanna ar nós Bhaile an Ghleanna agus Bhaile na hAbha i nDún Chaoin. Thóg An Coimisiún tithe níos lú chomh maith, ar nós na dtithe a tógadh dos na teaghlaigh a aistríodh ón gcósta thiar go lár tíre ós na tríochaidí go dtí na seascaidí.

Ina dhiaidh sin, thosnaigh na húdaráis áitiúla ag tógaint tithe sóisialta, tithe an chouncil atá iomadúil go maith fén dtuath i formhór gach contae in Éirinn. Ar nós tithe an Choimisiúin, d’fhéadfadh na háitritheoirí na tithe seo a cheannach dá mba mhaith leo é. Nuair a bhíos-sa sa bhunscoil sna 1980idí, bhí scata de na leanaí ag teacht chun na scoile ó thithe sóisialta, nó ó áitribh a bhí ina dtithe sóisialta tráth.

Ach d’imigh san. Tá formhór tríocha bliain ann ó tógadh aon tigh sóisialta im’ pharóiste féin, agus fé mar atá ráite thuas agam, aon cheann amháin atá le tógaint fén dtuath sa chontae in 2020, 2021 agus 2022. Tá 877 duine ar an liosta feithimh tithíochta i gceantar bardasach Chorca Dhuibhne/Oileán Ciarraí.  Nuair a cheistíos stiúrthóir tithíochta na Comhairle fé seo, dúradh liom go bhfuil an oiread céanna bráca ag baint leis an bpróiseas tigh amháin a thógaint fén dtuath is atá le heastáit tithíochta a thógaint i mbailte agus i sráidbhailte. Mar sin tá an bhéim á cur acu ar bhailiúcháin tithe sna bailte móra ar nós Thrá Lí, Chill Airne agus an Daingin, nó i sráidbhailte ar nós Lios Póil, cé nach rófhlúirseach atá tithe sóisialta ná tithe inacmhainne san háiteanna san féin.

Is dócha go bhfuil ciall ag baint leis sin ó thaobh seirbhísí agus mar sin de, ach cá bhfágann san na paróistí is faide ós na háiteanna san? Cá bhfuil na tithe sóisialta i nDún Chaoin, i bparóiste na Cille, i bparóiste Mórdhach nó i bhFionn Trá? Tá áiteanna sna paróistí sin ar fad crosta chun tithíochta, agus d’fhéadfaí roinnt tithe sóisialta a thógaint le chéile, ach iad a bheith deartha agus pleanáilte i gceart,  ach an diabhal tigh nó árasán atá tógtha sna háiteanna seo ag Comhairle Contae Chiarraí.

Feictear dom gur léiriú eile atá san easpa tithe sóisialta fén dtuath ar fhealsúnacht uirbithe na Comhairle agus an Stáit. Éinne de mhuintir na tuaithe atá i nganntan tí shóisialta, caithfid bogadh go dtí’n mbaile is giorra dhóibh. Tá oiread bráca ag baint le cead pleanála a fháil fén dtuath in Éirinn, gur saoráidí i bhfad tigh a cheannach istigh fén mbaile, d’éinne go bhfuil aon speilp orthu. Tá bunseirbhísí á gceilt, deireadh ar fad á gcur le háiseanna agus le seirbhísí eile fén dtuath, sa tslí gur dheacair duit a shamhlú nach bhfuil faic i ndán dos na pobail bheaga tuaithe ach bheith i dtaobh le seandaoine agus fáinleoga, agus nach mbeidh éinne sna paróistí seo sara bhfad ach seandaoine críonna liath gan brí gan meabhair gan aird, fé mar a dúirt Charlie na Ceathrún tráth.

Beidh lucht na cathrach ag cleithmhagadh fúm, is dócha, mar go bhfuil ag trácht ar mhuintir na tuaithe bheith ag bogadh an Daingean mar ‘uirbiú’.

Agus ní hé go bhfuil locht agam ar an Daingean nó aon bhaile beag eile ar a nós. Áiteanna breátha is ea a bhformhór. Ach ní ós na háiteanna san sinne, agus níor cheart go mbeimist ár mbrú isteach fés na bailte ag polasaithe na Comhairle Contae, bímist ag brath ar thithíocht shóisialta, ar thithe inacmhainne, nó ar ár bpaistí talún féin chun áitribh. Níl ó ana-chuid daoine ach deis chun maireachtaint sna pobail as ar fáisceadh iad.

Ní chloisim puinn gleo á dhéanamh ag comhairleoirí contae fé seo ach chomh beag; b’fhéidir go bhfuil sé in am gluaiseacht phobalbhunaithe a tharrac le chéile chun na nithe seo a chur ar shúilibh uirbithe fheidhmeannaigh na Comhairle.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil na tithe sóisialta i nDún Chaoin, i bparóiste Mórdhach agus i bhFionn Trá?'

  • Anne Marie Nic Gearailt

    Fá scéim chun tithe sóisialta a thógaint agus samplaí don scoth timpeall orainn.
    Is gníomh pobail a dhéanann an obair agus tá os cionn 600,000 euro eile ceadaithe inné do Comhlacht Tithíocht Sóusialta agus Forbairt an tSuláinn Teo chun 3 thigh eile a thógaint.
    Obair dheonach, iarracht pobail, tuiscint, meas agus cruthúnas gur féidir é dhéanamh.