€4 milliún breise atá fógartha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, i bhfad níos lú ná mar a bhí eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra ag éileamh.
Ardú 4% ó €95.9 milliún a bhí le caitheamh i mbliana go dtí €100.1 milliún a d’fhógair an Rialtas do Roinn na Gaeltachta in 2024.
Is cosúil nach mbeidh aon ardú ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, ar scéimeanna Gaeltachta ná ar an gcóras pleanála teanga.
Coimeádfar an maoiniú do na réimsí sin ‘mar atá’, a deirtear i dtuairisc chaiteachais 2024 an Rialtais a foilsíodh in éineacht leis an mBuiséad.
Aon t-aon chaiteachas breise atá luaite ná tacaíocht bhreise do scéimeanna Gaeilge, is é sin scéimeanna ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht.
Tá ráite ag an Aire Catherine Martin agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, go bhfuil scéimeanna nua chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn ar fud an stáit ar na tosaíochtaí atá acu faoi láthair don teanga. Tá Roinn na Gaeltachta ag obair le tamall ar scéim nua a d’fhéadfaí a thabhairt isteach in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, ar cuireadh deireadh léi in 2011.
Ag labhairt dó sa Dáil i ndiaidh fhógra an Bhuiséid, cháin urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, é as gan dul i ngleic leis an “géarchéim sa Ghaeltacht”.
Níl aon bhriseadh síos ar fáil go fóill maidir le cá gcaithfear an €4 milliún breise a bheidh ag Roinn na Gaeltachta in 2024.
Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin, áfach, go gcuirfí le líon na scoláireachtaí a bhíonn ar fáil do dhaltaí i scoileanna Deis freastal ar choláistí samhraidh na Gaeltachta.
Dúirt sí chomh maith go mbeadh maoiniú ar fáil “chun an Ghaeilge a neartú sa chóras oideachais”.
Dúirt sí go mbeadh níos mó maoinithe ag TG4 an bhliain seo chugainn chomh maith chun a “straitéis” a chur i bhfeidhm.
Agus an Buiséad á fhógairt aige sa Dáil, dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe go gcabhródh an buiséad leis an nGaeilge mar “theanga bheo” agus le hinfheistíocht bhreise a dhéanamh i gcraoltóireacht na Gaeilge.
Luaitear i dtuairisc chaiteachais 2024 an Rialtais maoiniú níos fearr “ar mhaithe le comhar trasteorann tríd an bhForas Teanga”, ach níl aon eolas tugtha go fóill faoi bhuiséad Fhoras na Gaeilge in 2024. Meastar gur ar éigean go mbeidh aon athrú suntasach i gceist mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.
Cháin Pearse Doherty, urlabhraí airgeadais Shinn Féin, go láidir cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe agus laghdú leanúnach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge.
“Tuigim ó mo cheantar féin an ghéarchéim sa Ghaeltacht. Don dara daonáireamh as a chéile tá líon na gcainteoirí laethúla tar éis titim, agus níl ach teaghlach amháin as gach cúigear ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge inti,” arsa an Teachta Dála Gaeltachta.
“Cá bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge a gheall an tAire O’Donovan? Cá bhfuil an maoiniú breise a theastaíonn ó Údarás na Gaeltachta, ó phleanálaithe teanga, nó ó choláistí samhraidh atá i gcruachás agus 30% de mhná tí tar éis éirí as ó 2018? Níor éirigh leis an Rialtas fiú €5 milliún breise a aimsiú le caitheamh i dtreo na Gaeilge, agus é dírithe ar scéimeanna lasmuigh den Ghaeltacht féin.
€12 milliún breise a gheall Buiséad Malartach Shinn Féin don Ghaeltacht amháin, agus níos mó arís don Ghaeilge lasmuigh di. Tá sí mar thosaíocht dúinn.”
Breis is €33 milliún breise ar fad a bhí á lorg ag Sinn Féin do chúrsaí teanga agus Gaeltachta an bhliain seo chugainn. €39 milliún a bhí á éileamh ag Conradh na Gaeilge.
Mícheál Ó Flaithearta
Ar a laghad ar bith, níl tada don chur gcéill – a bhfuil muid uilig bréan de – ag baint leis an maoiniú seo!