Buiséad na dtiarnaí talún agus lucht adhradh an ‘mhargaidh’

Is í firinne an scéil nach bhfuil aon réiteach ar ár gcuid fadhbanna sna beartais a d’fhógair an Rialtas sa Bhuiséad, mar tá siad go léir bunaithe ar an dearcadh ag an ‘margadh’ amháin atá réiteach na bhfadhbanna céanna

Buiséad na dtiarnaí talún agus lucht adhradh an ‘mhargaidh’

Is minic a deirtear faoi cháinaisnéis gur ‘deis amú’ a bhí inti. Ní deis amú ach deis ar diúltaíodh di a bhí sa gcáinaisnéis a d’fhógair an tAire Airgeadais, Pascal Donohoe, i rith na seachtaine.

Deirim ‘diúltaithe’ mar cé gur léir, i gcúrsaí tithíochta ach go háirithe, go bhfuil athrú polasaí ag teastáil go géar a mhalairt a cuireadh chun tosaigh sa Bhuiséad. Tá an rialtas ag cloí lena ndearcadh gur chóir gach réiteach a fhágáil faoin margadh.

Tá athrú polasaí ag teastáil go géar i dtaobh na tithíochta, mar in ainneoin pleananna an rialtais, ceann i ndiaidh a chéile, tá an scéal ag dul in olcas i gcónaí. Tá ag teip ar an earnáil phríobháideach an líon tithe atá ag teastáil a chur ar fáil, is tá an rialtas ag diúltú airgead a thabhairt do na húdaráis áitiúla le go dtógfadh siadsan na tithe.

Ní hamháin sin, ach níl aon pholasaí ag an rialtas a thabharfadh cosaint ná seasmhacht dóibh siúd nach bhfuil aon rogha eile acu ach áras a fháil ar cíos san earnáil phríobháideach.

Mar sin cé gur mhaígh an rialtas go bhfuil €470 milliún breise curtha ar fáil do chúrsaí tithíochta, is cuma sin mura dtéann an t-airgead chun tairbhe don dream atá ina ghátar. Agus is é an drochscéal ceart ná gur i bpócaí na dtógálaithe is na n-úinéirí talún a rachaidh an chuid is mó den airgead.

‘Sea tá talamh poiblí á chur ar fáil don earnáil phríobháideach le tithe a thógáil, ní tithíocht shóisialta a bheidh i gceist ach le 10% de na tithe sin.

Is ar éigean go deimhin gur cuireadh aon tithe sóisialta ar fáil i mbliana, ach fiú dá n-éireodh leis an rialtas na figiúirí a fheabhsú, níl sé i gceist ach 10,000 aonad sóisialta a chur ar fail le freastal ar an 90,000 duine atá ar na liostaí feithimh faoi láthair.

Ach más tiarna talún thú, tá beartais nua ann le tuilleadh brabúis a chur i do phóca, fad is a fhágtar na tionóntaí gan buaine agus iad ag íoc cíos an-ard ar fad.

Sea, mar a dúirt Niall Muldoon, ombudsman na leanaí, “tá an stát ag brath ar thiarnaí talún ar theip orthu sa teip eacnamaíochta agus atá anois ag déanamh craos ar chíosa arda amhail caiteachán a bheadh stiúgtha leis an ocras”.

Bhí an rialtas ag maíomh freisin as an méadú airgid a thug siad d’earnáil na sláinte. Ach ní raibh aon chaint ann bardaí a dúnadh blianta ó shin a athoscailt, ná aon chaint faoi na haltraí is na dochtúirí atá ag teastáil a earcú.

Agus lárnach sa bhfógra a rinneadh, bhí gealltanas go dtabharfaí níos mó airgid arís don chiste sláinte chun íoc as seirbhísí taobh amuigh den chóras. Cibé argóint is féidir a dhéanamh maidir le beartas sealadach, is cur amú airgid é a bheith ag tabhairt airgid don earnáil phríobháideach, nó altraí a earcú ó áisíneachtaí eile.

Is í firinne an scéil nach bhfuil aon réiteach ar ár gcuid fadhbanna sna beartais a d’fhógair an Rialtas mar tá siad go léir bunaithe ar an dearcadh gur sa mhargadh atá réiteach na bhfadhbanna. Tugtar tús áite d’airgead  a chur ar fáil le freastal ar an margadh agus le brabús a chinntiú agus gar do bhun an liosta a bhíonn riachtanais an phobail.

Agus maidir le hairgead sa bpóca, deir Ceartas Sóisialta Éireann, a labhraíonn thar ceann na ndaoine atá faoi mhíbhuntáiste, go bhfuil duine aonair a thuilleann €75,000 sa mbliain anois deich n-uaire níos fearr as ná an duine aonair ar €25,000.

Ní raibh sé riachtanach a leithéid a dhéanamh sa cháinaisnéis, ach rinneadh é toisc gurb é an idé-eolaíocht a stiúrann an Rialtas seo ná idé-eolaíocht an mhargaidh – idé-eolaíocht a dearbhaíodh ar ndóigh i gConradh Maastricht.

Rinne siad é mar nach mbeidh an dream is mó a thugann tacaíocht don Rialtas míshásta faoi. Ná go deimhin ní bheidh Fianna Fáil míshásta faoi ach an oiread.

Bhí an rialtas faoi bhrú mar gheall ar ghéarchéim na tithíochta is drochbhail an chórais sláinte, ach ní léir go fóill ó na pobalbhreitheanna go bhfuil aon phraghas polaitiúil á íoc acu.

Tá daoine sásta a bheith ag clamhsán faoi na polasaithe ach vótáil ar a son mar sin féin.

Is léir go bhfuil sciar maith de na vótóirí atá míshásta le polasaithe rialtais, ach atá fós amhrasach faoi Shinn Féin, mar shampla.

Ach cén rogha atá ann? Níl aon iontaoibh ag an bpobal as páirtí an Lucht Oibre tar éis an feall a rinne an páirtí sin orthu. Tá na mionpháirtithe ar an eite chlé róbheag agus ró-imeallach.

Is cur amú atá sa chlamhsán go léir má chuireann na vótóirí na páirtithe céanna ar ais in oifig.

Fág freagra ar 'Buiséad na dtiarnaí talún agus lucht adhradh an ‘mhargaidh’'