Buillí marfacha buailte ar thóraíocht mianraí i gConamara 

Tá 100 infheisteoir ar an bhfaraor géar de bharr gur cheannaíodar scaireanna i gcomhlacht a bhí sa tóir ar mhianraí i gConamara

Buillí marfacha buailte ar thóraíocht mianraí i gConamara 

Tá cuid mhaith de 100 infheisteoir atá 10,000 ciliméadar ó bhaile fágtha ar an bhfaraor géar de bharr gur cheannaíodar scaireanna i gcomhlacht as Ceanada a bhí sa tóir ar mhianraí i gConamara. 

Bhí os cionn $7 milliún [dollar na Stát Aontaithe] curtha isteach i gcomhlacht MOAG in Toronto ag na hinfheisteoirí as Téaváin. 

Bhíodar meallta, a bheag nó a mhór, ag an bpoiblíocht a bhí ar ghréasán eolais MOAG.  

Tugadh le fios go rabhthas dóchasach go mbeadh toradh maith ar a gcuid tóraíochta i gConamara agus go raibh Rialtas na hÉireann báúil le tionscal na mianadóireachta. Bhí eolas curtha ar fáil go rabhthas dóchasach go raibh bunús gnó ag baint le suíomh an Mhása i gCarna in iarthar Chonamara. 

Ach, tá an tóin tite as an iarracht a bhí ar bun le mianraí luachmhara a aimsiú sa Más agus níl airgead ar bith fanta i gciste an chomhlachta, MOAG.  An mianra molaibdéineam [molybdenum] a bhí á thóraíocht i gCarna.  Tá tuairiscí ann go raibh cúpla milliún dollar caite acu ar an iarracht sin agus bhí roinnt taighde déanta acu freisin ar shuíomh eile sa Muirbheach i gCloch na Rón. 

Ag labhairt dó as Toronto, dúirt Peter Cooper, an Príomhfheidhmeannach Gníomhach a ceapadh ar MOAG nuair a tháinig Coimisiún Rialaithe Ontario isteach sa scéal, nach bhfuil aon airgead ag an gcomhlacht.  Ní raibh baint ná páirt ag Cooper féin le mírialtacht ar bith sa gcomhlacht.  

Rinne MOAG iarratas anuraidh ar athnuachan ar an gceadúnas tóraíochta a bhí acu i gConamara ach tá droim láimhe tugtha leis sin.  Chuir cinneadh na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an chaidhp bháis ar thionscnamh an Mhása nuair a socraíodh nach gcuirfí síneadh le téarma an cheadúnais tóraíochta mianraí a bhí ag MOAG.

Dúirt Peter Cooper nach rabhadar in ann eolas a iarradh orthu a chur ar fáil agus luaigh sé easpa airgid ar cheann de na cúiseanna a bhí leis sin. Tá an ceadúnas curtha ar ceal anois.  Tá buille eile faighte ag MOAG ar an taobh eile den Atlantach agus é socraithe ag an gCoimisiún Rialaithe Gnó i Stát Ontario i gCeanada go gcuirfear bac trádála ar an gcomhlacht feasta. 

Tá pionós an-trom gearrtha freisin ar bheirt iar-phríomhfheidhmeannach agus beirt cheannasaithe airgid de chuid an chomhlachta, Bradley Jones agus Gary Brown. 

Go hard os cionn leathmhilliún atá le híoc i bhfíneálacha, i gcostais fiosrúcháin an Stáit agus in aisíocaíochtaí eile ag Brown.  Is measa ná sin an cás ag Bradley Jones, a bhfuil beagnach $3m. le híoc aige.  Ina theannta sin uilig, ní bheidh cead feasta ag ceachtar acu a bheith bainteach le go leor cineálacha gnó. 

Ciontaíodh iad as trádáil mhídhleathach. 

Baintear leas as an molaibdéineam le cruas a chur in ábhair eile, cruach mar shampla.  Tá an-acmhainn ag an mianra  ar theas agus fuacht an-mhór, bua fiúntach i gcúrsaí tionscail agus tógála. 

Bhí sé á mhaíomh sa bpoiblíocht gur léirigh an tolladh a rinneadh sa Más agus an anailís a rinneadh ar na samplaí   go raibh dea-chosúlacht ar an áit agus go bhféadfadh bunús gnó a bheith leis. Ní raibh déanta ach réamhfhiosrúcháin i gceantar Chloch na Rón. 

Tolladh síos 500 troigh sa Más ach bheadh go leor eile taighde ag teastáil sula mbeifí cinnte go raibh an oiread den mholaibdéineam ansin agus an téagar ceart ann le  beartas gnó a bhunú.  

Ach i bhfad ón Más, ní go maith a bhí cúrsaí ag stiúrthóirí MOAG. Bhí teannas idir Bradley Jones agus Gary Brown agus tuairiscí éagsúla ag dul anonn agus anall.  Shocraigh an Coimisiún Rialaithe Gnó i Stát Ontario go gcuirfí ordú i bhfeidhm ag cur cosc trádála ar MOAG in 2015. 

Ach, choinnigh Brown agus Jones – go háirithe – ag eagrú díolachán scaireanna sa Téaváin ar feadh beagnach dhá bhliain ina dhiaidh sin.  Bhí seo ag teacht salach ar an Ordú a bhí curtha i bhfeidhm ar an gcomhlacht.

I gConamara, tharraing roinnt daoine gleo faoin tionscnamh tóraíochta, go háirithe sa tréimhse roimh an olltoghchán anuraidh.  Chrochadar comharthaí i gceantar Chloch na Rón agus chuireadar brú ar pholaiteoirí agus iad ag iarraidh stop a chur le gníomhaíocht ar bith a bhainfeadh le mianaigh i gConamara.   

Idir an dá linn, bhí airgead á chruinniú thall sa Téaváin.

D’iarr MOAG ar scairshealbhóirí as an tír sin a raibh $5m. istigh acu sa gcomhlacht cheana féin, a gcuid airgid a fhágáil istigh ar feadh tréimhse eile  blianta; rinne formhór na ndaoine sin amhlaidh.  Ansin chuathas sa tóir ar bhreis scaireanna sa Téaváin, mar a raibh oifig ag MOAG agus tugadh isteach os cionn $2m eile idir 2015 agus 2017.  Cuireadh an-bhéim ar an obair a bhí ar bun i gConamara sa bpoiblíocht uilig. 

Ar a fháil amach dóibh go raibh a gcuid orduithe sáraithe, thug an Coimisiún Rialaithe Gnó in Ontario cás in aghaidh Bradley Jones agus Gary Brown.  Mí an Mheithimh seo caite, fuarthas an bheirt ciontach as trádáil mhídhleathach agus le déanaí gearradh pionós orthu – fíneálacha, costais an fhiosrúcháin agus orduithe aisíocaíochta. 

Breathnaíonn sé go gcuireann sin clabhsúr ar scéal MOAG agus molaibdéineam an Mhása. 

Fág freagra ar 'Buillí marfacha buailte ar thóraíocht mianraí i gConamara '