Buille eile d’íobartaigh na dTrioblóidí an pardún d’fhórsaí stáit

Cancar is ea oidhreacht na dTrioblóídí agus tá teipthe ar gach geallúint agus gach ‘plean’ a seoladh le scór bliain le dul i ngleic le coireanna nár fuasclaíodh

Buille eile d’íobartaigh na dTrioblóidí an pardún d’fhórsaí stáit

Dé Máirt: thit an tóin as cúiseamh in aghaidh beirt iarshaighdiúirí as reisimint pharaisiút na Breataine ar cuireadh marú i 1972 ina leith – bhí fianaise ó fhiosrú lochtach do-ghlactha.

Dé Céadaoin: d’fhógair Ombudsman na bPóilíní nár fiosraíodh i gceart na heachtraí i 1969 inar mharaigh an RUC ceathrar, buachaill naoi mbliana d’aois ina measc.

Déardaoin: thuairisc dhá nuachtán i Sasana go gcuirfeadh rialtas na Breataine stop le cúisimh in aghaidh fhórsaí stáit as eachtraí le linn na dTrioblóidí – chiallódh sé sin faoiseamh ó chúiseamh do pharaimíleataigh freisin.

Sárú ar réiteach leis na páirtithe abhus agus le rialtas na hÉireann a bheadh san socrú aontaobhach sin, socrú nár cuireadh faoi bhráid aon cheann de na páirtithe leasmhara. Beidh imlíne an phlean sa gclár oibre do théarma na Parlaiminte a fhógróidh an Bhanríon Eilís in Westminster De Mairt seo chugainn.

Dé Máirt seo chugainn freisin fógróidh an Cróinéir, an Bhantiarna Keegan toradh an ionchoisne faoi shléacht Bhaile Uí Mhurchú i 1971 inar mharaigh paratrúipéirí ó Arm na Breataine deichniúr i gcaitheamh an deireadh seachtaine ar cuireadh tús leis an imtheorannú.

Sin cúig dhuine dhéag a maraíodh i bhfad ó shin ach tá a gcailliúint beo, anróiteach dá muintir, na scórtha daoine, i gcónaí. ‘Sé an scéal céanna é ag lucht gaoil na mílte a maraíodh, sibhialtaigh nach raibh baint acu le comhrac ar bith, póilíní, saighdiúirí, oifigigh phríosúin agus go leor eile, paraimíleataigh phoblachtánacha agus dhílseacha ina measc.

Cancar is ea oidhreacht na dTrioblóídí agus tá teipthe ar gach geallúint agus gach ‘plean’ a seoladh le scór bliain le dul i ngleic le coireanna nár fuasclaíodh. Is boichte an tsíocháin de bharr na faillí sin.

Ba é réiteach Stormont House in 2014 an iarracht fuascailte a raibh an dá rialtas agus an chuid is mó de na páirtithe in Stormont in ainm is a bheith tiomanta di. Scéal thairis anois é más fíor na tuairiscí san Daily Telegraph agus sa Times, ach faoi réiteach Stormont House bhunófaí aonad fiosraithe a bhféadfadh cúisimh nó próiseas chun an fhírinne a insint eascairt as. Bhunófaí córas chomh maith chun deis a thabhairt do dhaoine a scéalta a chur ar an taifead.

De réir na dtuairiscí as Londain, atá bunaithe ar eolas ó fhoinsí in Whitehall, cuirfear bac reachtúil ar chúisimh i dtaca leis na Trioblóidí. Ní léir conas a dhéanfar é sin ach rinneadh tagairt do reacht na dtréimhsí a chur i bhfeidhm maidir le coireanna roimh 1998. Faoin dlí idirnáisiúnta ní féidir a leithéid a chur i bhfeidhm ar mhaithe le fórsaí an stáit amháin – chuirfeadh sin an Ríocht Aontaithe ar aon chéim le stát bradach. Dá réir, bainfidh an tsaoirse ó chúiseamh leis na paraimíleataigh an IRA, INLA, UDA, UFF, UVF, RHC agus cúpla miondream eile.

Ní nach ionadh chuir an scéal alltacht ar a lán. Sárú iontaoibhe a thug an Taoiseach ar phlean rialtas Boris Johnson. Bhí páirtithe an Tuaiscirt ar buile freisin.

Chuir Michelle O’Neill, Sinn Féin ciniciúlacht i leith an rialtais agus seift dhoghlactha ab ea é, dar léi, chun daoine a rinne dúnmharuithe stáit a chosaint ón dlí.

Náire shaolta a thug Colum Eastwood SDLP air, feall ar íobartaigh agus bac ar an athmhuintearas, dar leis. Cháin Alliance an plean freisin, dúirt a leascheannaire Stephen Farry go raibh polasaí an rialtais bunaithe ar an mbréaginsint go raibh cúisimh in aghaidh saighdiúirí cráiteach. Dúirt Doug Beattie ón UUP go mbeadh faoiseamh ó chúisimh do-ghlactha cuma ar saighdiúirí, póilíní nó paraimíleataigh a bheadh i gceist.

Ach is ar na híobartaigh is mó a ghoill an scéal seo, cinneadh aontaobhach gan focal a rá le hoiread is duine acu.

Dúirt Wave, eagraíocht d’íobartaigh go raibh an plean, má b’fhíor na tuairiscí, “ciniciúil, náireach, amaideach agus contúirteach”.

Bhí an rialtas ag rá le híobartaigh gur chuma faoina stair, gur chuma faoi bhás a muintire agus gur chuma faoina mbrón.

Dúirt Amnesty abhus gurbh ionann an plean agus pardún uileghabhálach as cearta an duine a shárú, feall ar íobartaigh agus ceilt an chirt.

Bhí Mark Thompson ó Relatives for Justice chomh míshásta céanna. Bhí rialtas na Breataine gan prionsabail, scrupaill ná moráltacht agus an bonn á bhaint acu de riar na córa agus de chearta íobartach, ar sé.

I measc na n-íobartach a labhair go tréan in aghaidh an phlean bhí deartháir le Majella O’Hare, girseach 12 bliain d’aois a maraíodh is í ar a bealach chun Aifrinn i ndeisceart Ard Mhacha i 1976. Dúirt Michael O’Hare gur ghabh An Roinn Cosanta leithscéal leis an teaghlach in 2011 ach nár ghlac aon duine freagracht as an ionsaí. Piléir sa droim ó mheaisínghunna saighdiúra a mharaigh Majella.

An tIRA a mharaigh fear céile Margaret Valente, Peter, i mBéal Feirste i 1980 mar bhrathadóir. Bhí sé 33, bhí ceathrar clainne acu. Tá a mharú i measc na gcásanna atá á bhfiosrú ag Jon Boucher, iarPhríomh-Chonstábla Bedfordshire i dtaca le Stakeknife. Níl cúiseamh óna bhaintreach ach ní bheadh bac ar fhiosruithe inghlactha aici.

Thuairisc an Irish News gur dhúirt Charlene Smyth, ar mharaigh an UFF a hathair Charlie McGrillen i 1988, gur suarach an mhaise é do dhaoine eile a bheith ag rá go raibh sé in am eachtraí a ligean i ndearmad. Teastaíonn fíricí uainn, a dúirt sí. Ghlac sí féin agus a máthair leis go mb’fhéidir nach gcúiseofaí éinne, ach theastaigh eolas uathu.

Ní mór an t-éileamh é.

Ta impleachtaí tromchúiseacha ag an bplean seo a sceitheadh leis an Telegraph agus an Times. An mbeidh Rialtas na hÉireann, le tacaíocht ó Washington agus ón mBruiséil, chomh maith le híobartaigh agus páirtithe abhus, in ann tionchar a imirt chun é a athrú? Caithfear iarracht a dhéanamh ach is cosúil go bhfuil na seanrialacha imeachta caite i dtraipisí.

Fág freagra ar 'Buille eile d’íobartaigh na dTrioblóidí an pardún d’fhórsaí stáit'

  • an Teanga Bheo

    Impleachtaí aisteach go minic ag ionsaí ar Stát ar bith.