Buaiteoirí Chomórtas Podchraoladh Gael Linn 2022 fógartha

Ba iad Aoife Nic Gabhann agus Brenna Ní Bhróin ó Scoil na Maighdine Muire in Iúr Chinn Trá a thug leo an duais náisiúnta

Buaiteoirí Chomórtas Podchraoladh Gael Linn 2022 fógartha

Tá buaiteoirí Chomórtas Podchraoladh Gael Linn 2022 fógartha. Ba iad Aoife Nic Gabhann agus Brenna Ní Bhróin ó Scoil na Maighdine Muire in Iúr Chinn Trá, Contae Ard Mhacha a thug leo an duais mhór náisiúnta – €1000 agus Trófaí Gael Linn – dá bpodchraoladh, Dordán.

Chuir siad an píobaire aitheanta Tiarnán Ó Duinnchinn as Muineachán ó dhúchas faoi agallamh don phodchraoladh. Bhuaigh Coláiste Cholmcille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara an dara duais náisiúnta, agus ba iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaigh an tríú duais.

D’éirigh le Coláiste Croí Mhuire sa Spidéal an chéad, an dara agus an tríú duais a bhaint amach i Rannóg A d’iarbhunscoileanna ina ndéantar an teagasc i nGaeilge. I Rannóg B, d’iarbhunscoileanna Béarla, bhuaigh Meánscoil na nUrsalach i nDurlas, Tiobraid Árann, an chéad duais, Coláiste Choill Chluana Gabhann i gContae Chill Dara a bhí sa dara háit agus Coláiste Iosaif Naofa, Leamhcán a bhí sa tríú háit.

Is comórtas é seo atá dírithe go príomha ar dhaltaí na hidirbhliana. Tugadh deis do na hiomaitheoirí podchraoltaí a mhair idir 15 agus 20 nóiméad a chur i dtoll a chéile.

Ansin, d’éist moltóirí an chomórtais, na craoltóirí aitheanta Áine Hensey agus Cathal Póirtéir, leis na podcraoltaí agus chuir siad aiseolas ar fáil fúthu.

Dúirt Mairéad Ní Neachtain, Riarthóir an Chomórtais, go bhfuil comórtas den chineál seo “thar a bheith tábhachtach” do dhaoine óga an lae inniu mar go dtugann sé deis dóibh tabhairt faoi thionscnamh a thugann blaiseadh dóibh ar shaol an léiriúcháin agus an chraolacháin.

“Tá an-éileamh ar phodchraoltaí sa saol atá inniu ann – podchraoltaí Gaeilge ach go háirithe, le leithéidí Podchraoladh na Gaelgals, Beo ar Éigean, Na Seansálaithe agus go leor eile a bhfuil cáil ar leith bainte amach acu. Cé go bhfuil an comórtas seo nua go leor ar an bhfód, tá muid ag feiceáil go bhfuil sraith podchraoltaí scoile atá ar ardchaighdeán ag teacht tríd an gcomórtas agus is iontach an rud é go bhfuil siad ag coinneáil orthu ag forbairt na scileanna atá foghlamtha acu,” ar sí.

Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais beo ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Buaiteoirí Chomórtas Podchraoladh Gael Linn 2022 fógartha'

  • KH

    Comhghairdeachas leo ar fad – is mór an tógáil croí iad.