
Tá an chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Anna Heussaf dá saothar Cillín an Bháis. Is úrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta é an leabhar, a fhoilseofar i mí na Samhna faoi theideal nua, Scáil an Phríosúin.
I measc na mbuateoirí eile i gcomórtas liteartha an Oireachtais a fógraíodh tráthnóna bhí Cathal Ó Searcaigh, Pádraic Breathnach, Simon Ó Faoláin, Liam Prút agus Helen Ó Murchú.
Roinn an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin agus Colm Ó Ceallacháin an chead duais do shaothar próis neamhfhicsin.
Ba iad Máire Zepf agus Brian Ó Broin a bhuaigh na céad duaiseanna d’fhicsean do dhaoine óga.
Bhuaigh an file Ailbhe Ní Ghearrbhuigh an duais léimheastóireachta dá léirmheas ar an gcnuasach Dambatheanga le Mícheál Ó Ruairc.
Seo thíos liosta na mbuateoirí ar fad a fógraíodh tráthnóna in Óstán an City West mar a bhfuil Oireachtas na Gaeilge faoi lán seoil.
COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARLTA
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais: €3,000
Cillín an Bháis le Anna Heussaff, An Cuarbhóthar Theas, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
An Dara Duais: €1,000
Cás Antonia le Rosanna Lyons, Páirc Mhullach an Chnoic, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11.
COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais: €2,000
Lá leis na Lochlannaigh le Máire Zepf, Gráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.
An Dara Duais: €750
Morf le hOrna Ní Choileáin, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5
COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais: €2,000
An Eachtra ar Oileán na Rún le Brian Ó Broin, Bloomfield, Stáit Aontaithe Mheiriceá
An Dara Duais: €750
I Measc Vaimpirí le hOrna Ní Choileáin, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5.
COMÓRTAS A4: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Dara Duais: €750 (Roinnte)
Pátrún na Sailí le Brian Ó Baoill, An Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Faoi Rún le Rosanna Lyons, Páirc Mhullach an Chnoic, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11.
COMÓRTAS A5: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
An Chéad Duais: €400
Idir Trí Cheann na Meá le Padraic Breathnach, Ascaill Brookville, Radharc na Chláir, Co. Luimnigh.
An Dara Duais: €200
Súile Éisc le Michelle Nic Pháidín, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.
COMÓRTAS A6: DÁN
Maoinithe ag Craobh Aimhirgin de Chonradh na Gaeilge
Duais: €400
Na Blascaodaí ag Caoineadh Jackeen le Simon Ó Faoláin, An Cnoicín, An Daingean, Co. Chiarraí.
COMÓRTAS A7: CNUASACH FILÍOCHTA
Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta
Duais: €1,250
An Bhé Ghlas le Cathal Ó Searcaigh, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall.
COMÓRTAS 8: SAOTHAR CREIDIMH
Maoinithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta
An Chéad Duais: €1,000 (Roinnte)
Seán E. Ó Cearbhaill le Liam Prút, Teach Mealóg, Baile Átha Cliath 6W.
Scéalta na nÉanlaithe le Helen Ó Murchú, Cill Fhiontain, Baile Átha Cliath 13.
COMÓRTAS A9: LÉIRMHEASTÓIREACHT AR FHILÍOCHT
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus Éigse Éireann – Poetry Ireland
An Chéad Duais: €400
Dambatheanga le Ailbhe Ní Ghearrbhuigh, Lána na hAbhann, Tobar Rí an Domhnaigh, Co. Chorcaí.
COMÓRTAS A10: SAOTHAR PRÓIS
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
An Chéad Duais: €1,250 (Roinnte)
I dTír Mhilis na mBeo le Com Ó Ceallacháin, Seanbhóthar na hEochaille, Corcaigh.
Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, Gráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.
COMÓRTAS A11: COMÓRTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ ÚRA
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais: €2,000
Bás an Ollaimh Mhóir le Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBroghach, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
An Dara Duais: €750
Fintan Mac Bochra le Brian Ó Tiomáin, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.
COMÓRTAS A13: AISTE INNEALTÓIREACHTA
Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí
An Chéad Duais €1,000 (Roinnte)
Earnán de Srúnta – Innealtóir le Rosanna Lyons, Páirc Mhullach an Chnoic, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11.
Triail Gunnadóireacht Cabhlaigh Don Long Éireannach le Caoimhín Mac Unfraidh, An Pasáiste, Co. Chorcaí.
COMÓRTAS A14: DRÁMA RAIDIÓ
Maoinithe ag RTÉ
An Chéad Duais: €500
Seanchairde le Brian Ó Tiomáin, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.
COMÓRTAS A15: DRÁMA AONGHNÍMH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
An Chéad Duais: €400
Cathú le Celia de Fréine, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6.
An Dara Duais: €200
Na Minorca Dubha le Brian Mac a’ Bhaird, An Chlochbhaile Uachtarach, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin.
COMÓRTAS A16: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta
ROINN A
An Chéad Duais: €200
Na Muca Beaga & an Mactíre le hÁine Ni Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.
An Dara Duais €150
A Spéir, ná tit orm le Brian Ó Gibne, Teach Mór, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
ROINN B
An Chéad Duais €200
Cruach Phádraig le Róisín Uí Chógáin, Turloch, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
An Dara Duais €150
Port na bPúcaí le Máirín Uí Shé, Cathair an Treanntaigh, Ceann Trá, Co. Chiarraí.
ROINN C (Duais i gcuimhne Dhonncha Uí Shúilleabháin)
An Chéad Duais €300
Seo chugainn Iníon an Chaptaen le Seán Ua Cearnaigh, Gort na Silíní, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman.
COMÓRTAS A18: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ
Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael
An Chéad Duais: €500
An Bóthar go Biorra le Seán Ua Cearnaigh, Gort na Silíní, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman.
COMÓRTAS A19: AGALLAMH BEIRTE
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
An Chéad Duais: €300
An Capall Maide le Seán Ó Muimhneacháin, Cúil a’ Bhuacaigh, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.
An Dara Duais: €200
An Tábhairneoir & an Custaiméara le Pádraig S. Seoighe, Bóthar an Athair Uí Ghríofa, Gaillimh.
COMÓRTAS B1: SAOTHAR CRUTHAITHEACH
Maoinithe ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn
An Chéad Duais: €300
Dorchadas an Chodlata le Oisín Ó hEartáin, Baile an Fheirtéaraigh Thiar, Trá Lí, Co. Chiarraí.
An Dara Duais: €200
Ar Dhroim an tSaoil le Aodán Ó Gallachóir, An Luinnigh, Na Doirí Beaga, Leitir Ceannainn, Co. Dhún na nGall.
COMÓRTAIS LITEARTHA DO DHAOINE ÓGA
COMÓRTAS C1: AISTE – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael
An Chéad Duais: €300
Séamus Mac Aonghusa le Conor Ó Gallachóir, Teach Ashbrook, An Bhealtaine, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.
COMÓRTAS C3: IRISEOIREACHT – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Comhar Óg
An Chéad Duais: €300
Sraith an Iarthair faoi 16 buaite ag Naomh Anna le Diarmuid Ó Flatharta, An Trá Bháin, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe.
COMÓRTAS C4: IRISEOIREACHT – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
An Chéad Duais: €300
Spóirt Aisteacha le Conall Mac Dhonnagain, Glenbrook, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.
COMÓRTAS C5: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
An Chéad Duais: €300
Beidh Siad go Breá le Aifric Ní Scolaí, Uachtar na Locha, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
An Dara Duais: €150
An Cloigín Deiridh le Cian Ó hÉidín, Bruxelles, An Bheilg.
COMÓRTAS C6: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
An Chéad Duais: €300
Is Faide an Gáire an Gáire Deireanach le Karen Ní Dhuibhir, Baile Thoir, Toraigh, Co. Dhún na nGall.
An Dara Duais: €150
Teitheadh le Conall Mac Dhonnagáin, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 15.
COMÓRTAS C8: AISTE NÓ GEARRSCÉAL – ROINN B (FAOI 21)
Faoi choimirce Chomharchumann Íde Naofa
Duais Aitheantais: €350
Scríbhneoirí Gaeilge i nGeibheann le Kate Ní Scolaí, Tearmann, Ard Ríse, Mainistir Eimhín, Co. Chill Dara.
COMÓRTAS C9: DÁN – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Comhairle Chontae an Chláir – Dílis dár nOidhreacht
An Chéad Duais: €200
Fadhb F.I.F.A. le Diarmuid Ó Flatharta, An Trá Bháin, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe.
An Dara Duais: €100
An Seomra Ranga le Seán de Grá, An Chéim, Baile Átha Cliath 18.
COMÓRTAS C10: DÁN – ROINN B (FAOI 21) **DUAIS SHEÁIN UÍ RIORDÁIN
Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
An Chéad Duais: €300
Loch le Féilm Ó Brádaigh, Rath Maoinis, Baile Átha Cliath 6.
An Dara Duais: €200
Ar Iarraidh le Féilim Ó Brádaigh, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6.
Fág freagra ar 'Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2015 fógartha i mBaile Átha Cliath'