Buadh ar na foirne ba mhó a raibh ceapadh dóibh sa bhabhta leathcheannais, ach cén fáth?

Ceisteanna simplí go maith a bhíonn le freagairt ag na réamhanailís agus an iar-anailís a déantar ar chluichí de chineál ar bith

Buadh ar na foirne ba mhó a raibh ceapadh dóibh sa bhabhta leathcheannais, ach cén fáth?

Tá díol foraoise de nuachtáin léite agam faoi chluichí leathcheannais peile na hÉireann a imríodh le cúpla seachtain agus seabhrán i chaon chluas liom ag éisteacht le tuairimíocht ar raidió agus ar theilifís faoinar thit amach.

Sa dá chás, buadh ar na foirne ba mhó a raibh ceapadh dóibh. Bhí am breise i gceist sa bpéire agus mar is iondúil, i gcluichí nach mbíonn idir na foirne ach cic amháin den liathróid ag an deireadh, (cúl i gcás Átha Cliath), bhí seansanna scórála a cuireadh amú agus breitheanna na réiteoirí Dave Coldrick agus Conor Lane lárnach i chuile dhíospóireacht.

B’iomaí sin bealach a gcuirfeadh oiread na fríde athrú ar an méid a tharla – dá mbeadh pas Paul Geaney sé horlaí níos airde den talamh nuair a shroich an liathróid Stephen O’Brien, nó dá mbeadh Stephen Coen coisméig níos gaire den taobhlíne agus é ag fágáil na páirce, b’fhéidir nach bhfaigheadh Rob Hennelly cúiteamh a dhéanamh ar an gcic 45 a bhí curtha amú aige

Iontach freisin an tionchar a bhí ar chúrsaí ag dhá theagmháil leis an liathróid nach bhféadfá ciceanna cearta a thabhairt orthu beag ná mór – Maigh Eo cúig chúilín le fána i gceathrú dheiridh na himeartha nuair a chaith Diarmaid O’Connor a chos le liathróid nach raibh seans faoin spéir aige í a cheansú – fós rinne sé oiread agus a choinnigh san imirt í, gur laghdaigh Kevin McLoughin an bhearna.

Agus an t-am caite Dé Sathairn seo caite bhí Tír Eoghain ar a mbionda ag cosaint tús cúpla cúilín nuair a d’éirigh le Kieran McGeary lag-iarracht a thabhairt faoi cheann a chuirfeadh trí cinn chun cinn iad ar Chiarraí. Ón spéir anuas an babhta seo a bhí an pheil ag déanamh a bealaigh i dtreo na líne cúil, nuair a sháigh Jack Barry a chos amach agus chuir i dtreo Conor McKenna í. Cúl uimhir a trí ag Tír Eoghain agus ‘slán go fóill’ ag an Ríocht.

Sa dá bhabhta leathcheannais freisin léiríodh chomh tábhachtach agus atá sé a bheith in ann imreoirí den chéad scoth a thabhairt isteach ón taobhlíne nuair a tharlaíonn gortuithe, nuair a thosaíonn cuid dá gcomhghleacaithe ag tuirsiú nó nuair nach mbíonn siad siúd chomh maith agus a bhítear ag súil leis.

Bhí baint mhór ag Conor McShane agus ag Darragh Canavan, go háirithe, le bua Thír Eoghain, fad agus gur bheag tionchar a bhí ag an seachtar a thug Ciarraí chun páirce. Mórán mór an scéal céanna a bhí le n-inseacht faoin mbabhta leathcheannais eile.

An tseachtain seo caite ar an leathanach seo bhí mé den tuairim go mb’fhéidir nach raibh bainisteoir Chiarraí, Peter Keane, ag fáil mórán de chodladh na hoíche ag cuimhneamh ar phríomhthréithe na Láimhe Derge   fíochmhaire, tréine, ocras, crógacht, neamhthrócaireacht, na cinn a luaigh mé.

Ní foláir ach go raibh dul amú orm agus go raibh sé ina chnap chuile oíche cheal imní. Bíodh nó ná bíodh, óna bhfaca mé, ba bheag réiteach a bhí déanta do stíl Thír Eoghain, stíl a bhfuil madraí an bhaile eolach uirthi.

Tá cosaint dhian ar cheann de na freagraí ar an stíl sin – fós bhí ceathrar cosantóirí a mbíonn fonn ionsaithe orthu roghnaithe ar fhoireann Chiarraí.

Bíonn tábhacht mhór freisin le greim a choinneáil ar an liathróid in aghaidh leithéidí Thír Eoghain. Ina cholún san Irish Examiner Dé Luain chuir Éamonn Fitzmaurice béim mhór ar an 35 uair ar lig an fhoireann a mbíodh sé ina ceannas an pheil as a seilbh agus iad faoi bhrú.

Agus sin déanta ag Tír Eoghain, tá an luas faoina n-athraíonn said ó bheith ar a gcosaint go dtína mhalairt lárnach freisin sa mhodh imeartha a chleachtann siad.  Ní haon nuacht sin ach an oiread, ach ní raibh mórán fianaise againn go raibh an oiread sin ullmhúcháin déanta ag an gCathánach ná a chuid imreoirí dó sin ach an oiread.

I bhfoisceacht 45 méadar do chúl Thír Eoghain a chaill Ciarraí seilbh 30 de na 35 uair sin agus as an ngadaíocht chéanna sin a scóráil an Lámh Dhearg 2-9 den 3-14 a bhí acu.

Lena rá ar bhealach eile, ach Ciarraí a bheith iomlán barainneach le seilbh na liathróide a choinneáil, ní bheadh ag Tír Eoghain ach 1-5.

Is annamh anois a bhreathnaím ar an réamhanailís ná ar an iar-anailís a déantar ar chluichí de chineál ar bith a chraoltar beo ar an teilifís. Téitear i bhfad thar fóir leis. Níl le cur sa réamhanailís ach dhá cheist. ‘Cé a bhuafaidh?’ agus ‘Cén fáth?’. Bítear ag súil le níos mó ag leath ama agus san iar-anailís agus ciall leis sin.

Ní thuigim ach an oiread cén fáth agus cluichí á gcraoladh beo nach seachnaítear anailísithe a d’imir tráth do na contaetha a bhíonn san iomaíocht – cuma cén caighdeán ag ar imir duine, is deacair do dhuine ar bith a dhílseacht do gheansaí a chaith sé/sí a chur i bhfolach.

Cinnte bhí an t-easaontas fánach idir Seán Kavanagh agus Pat Spillane ar RTÉ Dé Sathairn seo caite ina ábhar cainte agus bí siúráilte go dtaitníonn a leithéid le comhlachtaí craolacháin.

Ach bíonn sé páistiúil a dhóthain freisin. Ag tráth amháin agus an long ag dul fúithi, sílim gur chuala mé an Speallánach ag rá go mb’fhoireann óg ar bheagán taithí a bhí ag streachailt dá chontae dúchais.

Is é fírinne an scéil go raibh 18 díobh siúd a d’imir an lá faoi dheireadh páirteach i gCluiche Ceannais na hÉireann 2019 agus san athimirt. Ní ag lochtú Pat air sin amháin atá mé, ach ina leithéid de chás agus an tóin ag titim as a mhian, creidim gurbh fhearr a d’oirfeadh glór gan ceangal ná dílseacht.

Nuair a bhíonn an lá le d’fhoireann is furasta an cúram a dhéanamh mar ní fhágtar fuíoll molta ar na buaiteoirí. Scéala eile é ceann na gcaillteoirí.

Más dea-phíosa anailíse atá uait, a bheidh stuama, fírinneach, macánta – caith súil ar na píosaí cainte a rinne Tomás Ó Sé ar an Sunday Game tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.

Ní féidir go raibh sé éasca aige é a dhéanamh, ach ansin arís níl a shárú le fáil ag plé leis an gcúram a bhí idir lámha aige.

Fág freagra ar 'Buadh ar na foirne ba mhó a raibh ceapadh dóibh sa bhabhta leathcheannais, ach cén fáth?'