‘Tá giota feirge orm anois ag smaoineamh ar an náire a cuireadh sa mhullach orainn’
Breandán de Gallaí, damhsóir
Bhí mé i ndiaidh an coláiste a chríochnú an bhliain roimhe sin, i 1992. Bhí mé 22 nó 23 bliain d’aois ag an am. An rud is measa fá dtaobh de ná ní raibh mé fiú amuigh. Char tháinig mé amach go dtí go raibh mé 27 bliain d’aois agus char inis mé do mo chuid tuismitheoirí go dtí go raibh mé tríocha. Tabharfaidh sin chomhthéacs duit don díchoiriúlú. Nuair a smaoiním siar ar an am sin, bím giota beag náiriste.
Seans go bhfuil sin róchumhachtach mar fhocal, ach bím ag déanamh ‘cad é a tharla dom nach raibh mé in ann teacht i dtaithí ar an rud seo?’. Ach ní ormsa a bhí an locht. Ba dhearcadh é a brúdh orm. An dearcadh a bhí sa tsochaí ag an am ná gur rud chomh huafásach a bhí ann. Dearcadh dian, dorcha agus cúngaigeanta. Chuaigh an díchóiriúlú thar mo chloigeann cineál ach níor chóir go rachadh mar bhí mé aibí go leor le bheith ag déileáil le coincheapa mar sin. Bhí an oiread náire curtha inár mullach nach raibh mé ábalta a bheith mar pháirt de, fiú amháin agus mé i mo dhuine fásta.
Agus nuair a dhéanaimse machnamh air sin, cuireann sé giota beag feirge orm. Tá mé iontach muiníneach agus foscailte os comhair achan duine anois ach tá cuid mhór den náire sin a cuireadh sa mhullach orainn ann go fóill. Agus tá go leor daoine fós ann nach féidir leo teacht amach ar chúiseanna éagsúla. Tchíonn tú sin nuair atá tú i do dhuine aerach singil ar na dating apps, bíonn cuid mhór daoine ‘discreet’ nó ‘anonymous’ agus is mór an trua é sin. De réir a chéile a tháinig athrú ar chúrsaí ach ní thiocfadh leat a rá gurbh ionann an t-athrú sa dlí agus athrú meoin sa phobal. Bhí an feachtas ar son an chomhionannais phósta níos cumhachtaí ar an bhealach sin, dar liom.
‘Fuair fir aeracha bás mar thoradh ar an dlí a bhí ann ag an am’
Cathal Kerrigan, feachtasóir ar son cearta aeracha
Tháinig mé amach nuair a bhí mé 19 bliain déag d’aois i 1974 agus go gairid ina dhiaidh sin bhunaigh muid club oíche aerach ar Shráid Uí Churtáin i gcathair Chorcaí. I 1981, bhog mé go Baile Átha Cliath agus bhí mé páirteach sa ghluaiseacht Bród sna blianta a lean. Sular tháinig athrú ar an dlí, bhíodh fir aeracha ag maireachtáil faoi rún agus ar an imeall. Thagaidís amach i ndorchadas na hoíche le bualadh le fir eile i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. I nGaillimh, bhíodh tóir ar Bhóthar na Trá agus ar leithris phoiblí i gCorcaigh. Rachaidís ar ais ansin chuig teach nó árasán le caidrimh chollaí a bheith acu mar go raibh sé mídhleathach a leithéid a dhéanamh.
I rith na 1980idí bhíomar ag troid ar son cearta agus an oiread brú orainn ó thaobh an dlí de. I 1982 dúnmharaíodh Declan Flynn nuair a bhí sé ag crúsáil i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath. Dúnmharú brúidiúil a bhí ann agus cheap daoine gur éagóir a bhí ann nár gearradh téarma príosúin ar na daoine a rinne é. An bhliain dár gcionn dúnmharaíodh Charles Self, fear aerach a bhí aitheanta go maith i mBaile Átha Cliath.
Ina dhiaidh sin, thug na Gardaí na céadta fear aerach isteach chun iad a cheistiú faoi agus bhí an-imní ar dhaoine go sceithfí scéal fúthu go rabhadar aerach. Chomh maith leis sin, tháinig an SEIF isteach sa tír. Lorgaíomar airgead ón stát le haird a dhíriú ar an ngalar ach ní bhfuair muid aon chúnamh mar gheall ar chaidrimh homaighnéasacha a bheith in aghaidh an dlí. Fuair fir aeracha bás mar thoradh ar an dlí a bhí ann ag an am agus i 1988, bhunaigh muid an grúpa GLEN, Gay and Lesbian Equality Network, a raibh sé mar aidhm aige an dlí an athrú. In 1993, d’athraigh an dlí agus ba an-athrú ar fad é.
Tháinig athrú ar mheon na bpolaiteoirí. Bua mór a bhí ann. Ní raibh muid ‘mídhleathach’ níos mó. Ach fós bhí a lán rudaí eile ann nach raibh cothrom na Féinne againn ina leith. Níor bhaineamar cearta pósta amach go dtí 2015. Ní raibh i 1993 ach tús maith ar an obair mhór a bhí le déanamh le linn an 30 bliain a lean. Meon na ndaoine atá tábhachtach agus caithfidh muid troid anois le cinntiú go nglacfar agus go dtabharfar tacaíocht do dhaoine trans.
‘Tá an bharúil ann anois go bhfuil gach rud ceart go leor’
Pól Penrose, aisteoir agus duine de bhunaitheoirí Bród na Gaeltachta
Bhí mé 16 bliana d’aois i 1993. Fiú dá mbeinn out and proud, ní dóigh liom go dtuigfinn an tábhacht a bhain leis. Bhí sé rótheibí, ba gheall le ceist eiseach í ach bhí a fhios agam gur rud mór é. Bhí an fhírinne á séanadh agam orm féin ag an am. Thuig mé gur rud mór polaitiúil a tharla sa tír agus go raibh tábhacht leis. Bhí a fhios agam chomh maith gur bhain sé liom. I mo chroí istigh bhí a fhios agam go raibh dáimh agam le hOscar Wilde.
D’athraigh an díchoiriú cuid mhór. Tháinig deireadh leis an bhagairt a bhí ann go mbeadh daoine aeracha á gcur isteach sa phríosún ach san am céanna, níor athraigh an meon an oiread sin.
Tá an bharúil ann anois go bhfuil gach rud ceart go leor. ‘Tá cead agaibh fáil pósta anois agus níl muid chun sibh a chur isteach sa phríosún, mar sin dúnaigí bhur gclab’ – a leithéid sin de thuairim. Tá fós daoine amuigh ansin ar mhaith leo go mbeadh daoine homaighnéasacha á gcur isteach sa phríosún.
Tchíonn muid go n-athraíonn dearcthaí agus tá sin le feiceáil faoi láthair sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil dearcadh homafóbach i réim. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé olc orm go bhféadfadh an dearcadh sin scaipeadh anseo.
*Beidh an tsraith Misneach, atá á léiriú ag Midas Productions, á craoladh ar TG4 amach sa bhliain.
Fág freagra ar '‘Bua mór a bhí ann, ní raibh muid ‘mídhleathach’ níos mó’'