Bua eile i ndán do na Laighnigh, dúshlán mór roimh Chúige Mumhan

Tá na cúigí ag dul sa ghleo arís i Babhta 2 de na comórtais Eorpacha

Bua eile i ndán do na Laighnigh, dúshlán mór roimh Chúige Mumhan

Maith agus olc a bhí na torthaí a bhí ag foirne na tíre seo i mBabhta 1 de na cluichí Eorpacha seachtain ó shin. Rinne Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht éacht i gCorn na gCuradh agus i gCorn an Dúshláin.

Maith go leor a bhí na Muimhnigh agus iad sa mbaile cé nár éirigh leo an lá a thabhairt leo ag deireadh an ochtó nóiméad, ach náirithe ar fad a bhí na hUltaigh agus iad ag filleadh as Sasana, áit ar theip orthu oiread agus pointe amháin féin a chlárú i gcoinne Sale, foireann a d’aimsigh 39 pointe.

Cuirfidh Laighin agus Connachta chun páirce arís anocht agus an dá fhoireann sa tóir ar thoradh den chineál céanna i mBabhta 2.

Is deacair toradh ar bith seachas bua eile a shamhlú do na Laighnigh. Tá buntáiste an bhaile acu san RDS, áit atá mar chineál dún daingean acu agus iad i gcoinne Gloucester, foireann a chaill ceithre chluiche sa Gallagher Premiership go dtí seo. Bhí bua baile ag Gloucester i mBabhta 1 ach ní dóigh gur leor sin mar spreagadh roimh dul i ngleic le láidreacht fhoireann Átha Cliath.

I gCorn an Dúshláin, an comórtas sóisearach, tabharfaidh Cúige Chonnacht faoi Brive sa bhFrainc. Theip ar Brive atá ar íochtar an Top 14 faoi láthair agus deich gcluiche caillte acu, chinn orthu scór ar bith a fháil an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Caerdydd. Is fiú a mheabhrú nach bhfuil Caerdydd ag déanamh rómhaith i gcomórtas URC na bliana seo. Fágann sin ar fad go bhfuil deis iontach ag foireann Andy Friend an dara bua a chlárú sa gcomórtas seo.

Seans go mbeidh Ulaidh sásta gur sa mbaile a bheas siad ag freagairt dúshlán La Rochelle na Fraince, [Cé go bhfuil baol ann gur san RDS a bheas an cluiche seo á imirt, de bharr na drochaimsire.] Seans gur mbeidh deireadh ansin le pé buntáiste atá ag foireann Bhéal Feirste mar gur i gcoinne churaidh an chomórtais seo a bheas siad amárach. Is cuma cén casadh a chuirtear ar an gcluiche seo roimh an imirt, is cinnte gur míorúilt a bheas ann má éiríonn le Cúige Uladh pointe de chineál ar bith a thabhairt leo ag a dheireadh.

Go deimhin, tar éis an dá lag-iarracht a thug Ulaidh uathu le gairid, seans go mbeidh a lucht leanúna sásta le hiarracht de shaghas ar bith óna bhfoireann.

Beidh na Muimhnigh ag taisteal go Northampton ar an Domhnach, le n-imirt i gcoinne foirne a chaill i mBabhta 1 ach an oiread le foireann Luimnigh. Mar sin féin, beidh an sárthaispeántas a thug Cúige Mumhan i mBabhta 1 agus iad i gcoinne Toulouse, a bhuaigh an comórtas seo cúig uaire, á spreagadh. Má éiríonn leis na Muimhnigh teacht ar an gcur chuige sin arís ní féidir ach seans a thabhairt dóibh, fiú agus iad as baile. Ach ní bheidh tada éasca ag baint leis an gcluiche seo.

Fós féin, is ard san aer atá drioball na Mumhan faoi láthair.

Fág freagra ar 'Bua eile i ndán do na Laighnigh, dúshlán mór roimh Chúige Mumhan'