Bua eile i ndán do Chúige Mumhan agus Cúige Laighen lena gcéad cheann a fháil

Is deacair bua do na cuairteoirí, Dún Éideann, a shamhlú i mbabtha 3 den URC i Luimneach, in ainneoin líon mór imreoirí a bheith ar liosta dhochtúirí na Mumhan

Bua eile i ndán do Chúige Mumhan agus Cúige Laighen lena gcéad cheann a fháil

Babhta 3 URC

Is mór an trua nach raibh an dara rogha ann ach cluiche Uladh agus Chonnacht i mBabhta 2 den URC a chur ar athló de bharr stoirm Amy an deireadh seachtaine seo caite. Cheil an cinneadh sin deis ar an dá chúige tógáil ar an tús iontach a chuir siad le comórtas an URC. Ní hamháin sin ach bhí deis ag an bhfreasúra atá ag an dá chúige an deireadh seachtaine seo, Caerdydd agus na Bulls, cluiche crua eile a imirt, buntáiste mór é sin, luath sa gcomórtas go háirithe.

Ach roimhe sin anocht imreoidh Cúige Mumhan i gcoinne Dhún Éideann i gCorcaigh. Tá Dún Éideann fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Chaill siad agus iad as baile i gcoinne Zebre i mBabhta 1 agus níor imir siad i mBabhta 2 de bharr na drochaimsire. A mhalairt de chás a bhí ag na Muimhnigh, foireann a bhuaigh a gcéad chluiche agus atá suite sa tríú háit ar an tábla faoi láthair agus naoi bpointe acu. Is deacair bua do na cuairteoirí a shamhlú in ainneoin líon mór imreoirí a bheith ar liosta dhoctúirí na Mumhan.

Is cinnte go mbeidh suim ollmhór i gcluiche Chúige Laighean agus iad sa mbaile den chéad uair an séasúr seo agus iad i gcoinne na Sharks. Tá go leor cainte faoin drochthús a chuir Cúige Laighean le URC na bliana seo, iad fós ar thóir a gcéad bhua agus iad gar d’íochtar an tábla. Creidim go mbeidh athrú suntasach ar an tuairisc sin faoi cheann cúpla babhta eile den chomórtas seo agus go mbeidh Cúige Laighean ar ais gar do bharr an tábla. Bheadh iontas orm muna dtosóidh an t-ardú sin le bua i gcoinne na Sharks i Staid Aviva amárach, go háirithe agus leithéid Rónan Kelleher, imreoir a bhí ar thuras na Leon chuig an Astráil, ag filleadh.

Beidh Cúige Chonnacht as baile amárach agus iad i gCaerdydd sa mBreatain Bheag i gcoinne fhoireann na cathrach sin. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar. Ní raibh aon chluiche ag Cúige Chonnacht an tseachtain seo caite ach bhí bua maith le pointe bónais acu sa gcéad chluiche. Níl siad ach dhá phointe taobh thiar de Chaerdydd a bhuaigh le pointe bónais i mBabhta 1 agus a d’aimsigh dhá phointe bónais agus iad ag cailleadh i gcoinne Chúige Mumhan i Luimneach seachtain ó shin. Níor cheart go mbeadh mórán idir na foirne seo, ach is ag foireann an bhaile atá aon bhuntáiste atá ar fáil.

Cé go mbeidh siad ag imirt sa mbaile tá tástáil chrua i ndán do na hUltaigh amárach agus iad i gcoinne na Bulls, foireann atá ar bharr an tábla agus iad ar phointí iomlána tar éis dhá chluiche. Éacht a bheas ann má bhíonn an lá le Cúige Uladh, ach ag an am céanna níl stair ró-iontach ag foirne na hAfraice Theas agus iad ar cuairt chuig an limistéar seo. Mar sin féin, tá na Bulls ar cheann de na foirne is láidre sa gcomórtas, is cuma cén áit atá a mbíonn siad ag imirt.

Fág freagra ar 'Bua eile i ndán do Chúige Mumhan agus Cúige Laighen lena gcéad cheann a fháil'