Bua baile le cúig phointe i ndán do na Muimhnigh

Anocht i mBabhta 15 den URC beidh Scarlets na Breataine Bige ag imirt in aghaidh na Muimhneach i gCorcaigh

Bua baile le cúig phointe i ndán do na Muimhnigh

Nach breá an rud a bheith ag tuairisciú go bhfuil foirne na gceithre chúige suite san ochtú háit nó níos airde ar thábla an URC agus gan ach ceithre chluiche réamhbhabhta fágtha le n-imirt?

Níor chaill Cúige Laighean cluiche amháin féin fós an séasúr seo, rud a chinnntíonn go mbeidh cluiche ceathrú ceannais baile acu agus iad dhá phointe dhéag chun cinn ar na Stormers, an fhoireann atá sa dara háit.

Chinntigh an bua le pointe bónais a shlánaigh na hUltaigh san Afraic Theas an Satharn seo caite go bhfuil siadsan sa tríú háit agus iad beagnach cinnte go mbeidh cluiche ceathrú ceannais acusan freisin. Ach caithfidh siad a bheith an-chúramach agus na Bulls agus Dún Éideann le n-imirt fós acu!

Sa gcúigiú háit atá na Muimhnigh agus seans iontach acu iad féin a bhrú isteach sa gceathrú háit nó níos airde. Níl ach dhá phointe idir iad féin agus Glaschú, an fhoireann atá sa gceathrú háit.

Ainneoin go bhfuil Cúige Chonnacht san ochtú háit faoi láthair, tá siad faoi bhrú ó leithéidí Chaerdydd, Benetton agus Dún Éideann, foirne atá ag drannadh leo. Is fiú a mheabhrú go bhfuil cluichí, cluichí nach mbeidh éasca, ag na Connachtaigh i gcoinne na trí fhoireann sin fós.

Ach anocht i mBabhta 15 beidh Scarlets na Breataine Bige ag imirt in aghaidh na Muimhneach i gCorcaigh. Tá ocht gcluiche caillte ag na Scarlets sa gcomórtas seo agus naoi n-áit idir iad féin agus na Muimhnigh, foireann atá sa gcúigiú háit. Is deacair dá bhrí sin bua a thuar do na cuairteoirí go háirithe agus leithéidí Joey Carbery agus Gavin Coombes na Mumhan ag iarraidh iad féin a choinneáil san áireamh don dá chluiche Sé Náisiún atá fós le himirt. Sea, bua baile agus fiú ceann le cúig phointe do na Muimhnigh.

As baile a bheas na trí chúige eile ag imirt amárach, Cúige Laighean i nDún Éideann i gcoinne foireann atá ag iarraidh iad féin a ardú ón aonú háit déag ar an tábla. Mar sin féin, is deacair bua a thuar d’ fhoireann an bhaile. Seans go bhfuil na hiarchuraidh róláidir faoi láthair, in ainneoin go leor imreoirí a bheith ar dualgas idirnáisiúnta.

Sa mBreatain Bheag a bheas Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht ag tabhairt faoi Chaerdydd agus na Dragons. Tá deis iontach ag an dá fhoireann cur lena líon pointí. Ábhar iontais a bheas ann mura dtarlaíonn sin. Seans gur spreagadh iontach do na Connachtaigh é a bheith ag imirt i gcoinne na nDragons, an fhoireann is laige sa mBreatain Bheag. Níor bhuaigh na Dragons ach trí chluiche as ceithre hiarracht déag go dtí seo. Caithfidh foireann Andy Friend teacht i dtír air sin. Má imríonn Ulaidh mar a rinne siad san Afraic Theas an Satharn seo caite níor cheart go mbeadh aon stró orthu, fiú agus iad as baile i gcoinne Caerdydd.

Sin ar fad ráite, tá foirne na Breataine Bige ar fad náirithe faoi láthair, iad sa mbád céanna lena bhfoireann idirnáisiúnta, is gá dóibh ar fad rud éigin dearfach a dhéanamh. Caithfidh Connachta agus Ulaidh a bheadh airdeallach.

Fág freagra ar 'Bua baile le cúig phointe i ndán do na Muimhnigh'