Bua ag teastáil go géar ó Dhún na nGall i ndiaidh chath Chill Airne

Tabharfaidh Gaillimh cuairt ar Pháirc Uí Dhomhnaill i Leitir Ceanainn tráthnóna agus iad ag iarraidh dhá phointe eile sraithe a thabhairt leo

Bua ag teastáil go géar ó Dhún na nGall i ndiaidh chath Chill Airne

INPHO/Tommy Dickson

Dún na nGall v Gaillimh, Páirc Uí Dhomhnaill, 14.30 (Iarbheo ar TG4)

B’iontach an tús a chuir peileadóirí na Gaillimhe lena bhfeachtas sraithe i Roinn 1 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Thír Eoghain Dé Domhnaigh seo caite. Agus iad ar ais sa phríomhroinn den chéad uair ó 2011, ceann de na spriocanna is mó atá ag na Gaillimhigh ná cleachtadh a fháil ar a bheith ag imirt in aghaidh na bhfoirne móra agus is cinnte gur fhoghlaim siad cuid mhór ón gcluiche sin in aghaidh fhoireann Mickey Harte.

Cluiche deacair, crua a bhí ann ach ba iad Gaillimh a thug an lá leo agus tabharfaidh sin misneach dóibh sna cluichí atá le teacht.

Foireann Ultach eile atá roimh Kevin Walsh agus a chuid imreoirí tráthnóna ach seans nach mbeidh Dún na nGall, atá anois faoi cheannas Declan Bonner, chomh cosantach agus a bhí Tír Eoghain. Go deimhin, seans gurb iad Gaillimh is mó a bheidh ag iarraidh teaicticí cosanta a chur i bhfeidhm agus iarracht á déanamh ag Walsh córas den chineál sin a thabhairt isteach le roinnt blianta anuas.

Is cúis áthais é don bhainisteoir gur éirigh go maith le fear Leitir Móir, Seán Andy Ó Ceallaigh, mar lánchúlaí ina chéad chluiche sraithe, ach beidh cosaint níos déine fós le déanamh tráthnóna.

In ainneoin nach raibh aon rath ar fhoirne Dhún na nGall le blianta beaga anuas ní raibh aon easpa scór ag cur as dóibh i gCill Airne an deireadh seachtaine seo caite nuair a d’aimsigh na Conallaigh 3-14 in aghaidh Chiarraí.

Bhí Paddy McBrearty, a fuair deich gcúilín ar fheabhas, agus is mór an buntáiste dóibh go bhfuil Odhrán Mac Niallais fillte ar fhoireann an chontae. 1-2 a d’aimsigh fearr Ghaoth Dobhair i gcoinne Chiarraí.

Rinne Gaillimh scrios ar Dhún na nGall nuair a chas na foirne seo ar a chéile i gcraobh na bliana seo caite ach d’imigh sin agus tháinig seo. Níl an oiread sin idir na foirne faoi láthair, ach tar éis chliseadh an deireadh seachtaine seo caite, cheapfá go mbeadh níos mó díocais ar imreoirí Dhún na nGall.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil go géar ó Dhún na nGall i ndiaidh chath Chill Airne'

  • seainin

    an mbionn aon duine o Dhun na nGall ar na meain shoisialta i nGaeilge?

  • Adam Lawson

    Bhuel, tá mise anseo! (Ní ach mo mháthair is as Dún na nGall; níl a fhios agam más fíor-Chonallach mé mar sin :) ).