Brú damanta ar Chúige Laighean an beart a dhéanamh an geábh seo

An bhféadfadh sé tarlú go gcaillfeadh Cúige Laighean an tríú cluiche ceannais as a chéile?

Brú damanta ar Chúige Laighean an beart a dhéanamh an geábh seo

Scríobh mé an t-alt seo faoi dhó cheana le dhá bhliain anuas.

Don tríú bliain as a chéile tá áit i gcraobhchluiche an chomórtais idirchlubanna rugbaí is mó ar domhan, Corn na gCuradh, bainte amach ag Cúige Laighean, cé nach raibh aon ádh orthu anuraidh ná arú anuraidh.

D’éirigh le foireann Átha Cliath greim a fháil ar an gcraobh faoi cheathair roimhe sin. 2018 an babhta deiridh a thug siad an gradam sin leo ach chaill siad i dtrí chraobhchluiche ó shin, in 2019, 2022 agus 2023. Fágann sin go bhfuil brú damanta ar fhoireann Chúige Laighean agus ar a mbainisteoir Leo Cullen an beart a dhéanamh an geábh seo.

D’imir Cúige Laighean sa gcraobhchluiche seacht n-uaire ó thús an chomórtais, iad á bhuachtáil ceithre huaire agus á chailliúint faoi thrí. Aisteach go leor tá freasúra an lae inniu, Toulouse sa mbád céanna maidir le himirt sna craobhchluichí ach tá toradh níos fearr acusan maidir lena bhuachtáil. Cúig bhabhta roimhe seo a d’ardaigh Toulouse an corn, trí bliana ó shin in 2021 an uair dheiridh a ndearna siad an t-éacht sin. Dála an scéil, is iad a bhuaigh an chéad chomórtas i 1995.

Ní bheidh easpa taithí ag an leibhéal seo ag cur as do cheachtar den dá fhoireann agus iad ag dul chun páirce i Staid Tottenham Hotspur i Londain tráthnóna inniu.

Is iad Cúige Laighean rogha na ngeallghlacadóirí, ar éigean, don choimhlint seo. Tá imní ormsa faoi na Francaigh agus an stair atá acu sa gcomórtas seo. Is acu atá an líon is mó craobhacha, cúig cinn.  Níl ag Cúige Laighean ach ceithre chraobh agus caithfear dul siar chomh fada le 2008 le teacht ar an uair dheiridh ar chaill Toulouse sa gcraobhchluiche. Cuir san áireamh freisin go bhfuil paca ollmhór, le fisiciúlacht agus aclaíocht ar leibhéal dochreidte ard, ag na Francaigh.

Tá fáil acu freisin ar dhuine de na ciceálaithe is cruinne sa gcluiche, Thomas Ramos, cé gur ar an mbinse atá sé ag tosnú, de bharr gortú a bhain dó coicís ó shin. Blair Kinghorn, Albain, atá ina áit. Ach ní hin deireadh leis na buanna atá acu, mar is acu freisin atá an t- imreoir rugbaí is fearr sa domhan le cúpla bliain, Antoine Dupont.  Seans freisin gurb eisean an leathchúlaí clibirte is fearr a d’imir an cluiche seo ariamh, cé go bhfuil fear Chúige Laighean, Jamison Gibson Park sna sála air. Beidh an choimhlint idir an bheirt acu sin an-suimiúil ar fad.

Caithfidh Cúige Laighean a bheith iomaíoch agus trodach ó thús go deireadh an chluiche.  Ní fhéadfaidh siad titim ina gcodladh mar a rinne siad sa dara leath sa gcluiche leathcheannais i gcoinne Northampton coicís ó shin. Go deimhin, má dhéantar anailís ar an dá chluiche ceannais a chaill Cúige Laighean, anuraidh agus arú anuraidh i gcoinne La Rochelle, is sa gceathrú dheiridh a chaill siad na cluichí sin, díreach mar a rinne siad i gcoinne Chúige Uladh i mBabhta 17 den URC seachtain ó shin.

Is iontach go bhfuil fáil ag Cúige Laighean arís ar Hugo Keenan.  Thug an lánchúlaí taispeántas iontach uaidh i gcluiche an tSathairn seo caite. Fágann sin gur féidir le Leo Cullen Ciarán Frawley a úsáid ón mbinse mar chlúdach d’aon suíomh sa líne chúil, an leathchúl amuigh go háirithe. Is ábhar dóchais freisin go bhfuil James Ryan, fear a d’imir Dé Sathairn seo caite den chéad uair le fada an lá, ar ais agus é ar an mbinse.

Creidim go mbeidh tionchar ollmhór ag na fir ionaid ar thoradh an chluiche seo. Tá súil agam go mbeidh ardán ceart tugtha ag Cúige Laighean dóibh faoin tráth sin sa gcluiche.

Anuraidh agus arú anuraidh, cheap mise agus na geallghlacadóirí go mbeadh an lá le foireann na hÉireann ach theip orthu, le trí phointe in 2022 agus pointe amháin in 2023.

An bhféadfadh sé tarlú go gcaillfeadh Cúige Laighean an tríú cluiche ceannais as a chéile?

Ach an oiread leis na mílte atá ag taisteal go Londain an deireadh seachtaine seo, tá mise freisin ag guí ar son na Laighneach. Tá súil agam nach taobh le ná ag brath ar thírghrá agus mórtas amháin atáimid.

Mar tá na Francaigh chomh dílis céanna.

Fág freagra ar 'Brú damanta ar Chúige Laighean an beart a dhéanamh an geábh seo'