Bronntanais (nach leabhair iad) don scríbhneoir i do shaol

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ar ndóigh is breá leis an scríbhneoir i do shaol leabhair mar bhronntanais Nollag. Ach ní hé sin le rá nach mbeadh dúil aige i malairt bronntanais

Bronntanais (nach leabhair iad) don scríbhneoir i do shaol

Gan amhras, bronntanas den scoth don scríbhneoir i do shaol is ea leabhar. Is í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta, tá siopaí leabhar ag brath go mór ar an Nollaig, agus cá mbeimis murach iad. Ach tharlódh gur thug tú leabhar don scríbhneoir i do shaol anuraidh, arú anuraidh agus an bhliain roimhe sin, agus go dteastódh uait malairt bronntanais a thabhairt dó i mbliana.

Seo duit roinnt smaointe (agus tá cuid acu ar fáil i siopaí leabhar!)

1. Cóipleabhar nó leabhar nótaí. Bíonn scríbhneoirí i gcónaí ina ngátar. Cinn bheaga, cinn mhóra, cinn shimplí, cinn áille, cinn le línte agus cinn gan iad. Ach cogar i do chluas. Ní cheannóinn peann don scríbhneoir i do shaol. Go minic, bíonn peann speisialta ag scríbhneoir agus d’fhéadfadh sé mí-ádh mór millteach a tharraingt air féin (ina aigne féin, pé scéal é) dá mbainfeadh sé úsáid as peann ar bith eile. 

2. Tá mugaí ar an gcaoi chéanna: bíonn a mhuga speisialta féin ag scríbhneoir. Ach bíonn sé marbh le caiféin agus marbh gan é. Céard faoi pónairí caife nó tae speisialta éigin? Nó más féidir leat teacht air i siopa sláinte nó siopa earraí ó Mheiriceá Theas, slám maité.

3. Ticéad don amharclann, don phictiúrlann, don iarsmalann. Déanann scríbhneoirí dearmad ó am go chéile go bhfuil ealaíona eile ann seachas a gceird féin. Ach cá bhfios nach dtabharfadh dráma, scannán, nó fiú taispeántas damhsa comhaimseartha spreagadh agus ugach dó. Buntáiste eile: má cheannaíonn tú ticéad do bheirt, beidh tú in ann dul ina chuideachta!

4. Bróga reatha, bríste snámha nó lámhainní dornálaíochta. Is ea, tá tú á léamh seo i gceart. Caitheann an scríbhneoir cuid mhór den lá ina shuí ar a thóin, ach ní ag an deasc a tharlaíonn an obair ar fad. Lena chois sin, ní mór don té a chaitheann tréimhsí fada ina shuí aire a thabhairt dá shláinte. Agus na lámhainní dornálaíochta sin? Seans go scríobhfaidh duine éigin drochléirmheas faoi leabhar de chuid an scríbhneora i do shaol lá éigin…

5. Cárta Leap nó Smartlink lán. Bíonn siúlach scéalach, agus ní fios cén comhrá ficseanúil a spreagfadh an chaint a chloisfidh an scríbhneoir ar an mbus, ar an Luas nó ar an Dart. Agus cárta taistil lán ina phóca, beidh ar chumas an scríbhneora i do shaol aithne níos fearr a chur ar an gcathair ina bhfuil cónaí air. Más faoin tuath atá cónaí ar an scríbhneoir i do shaol, is baolach go mbeidh ort rothar a cheannach dó; ní theastódh uait bronntanas Nollag a thabhairt a chuirfidh le scrios na timpeallachta.

Fág freagra ar 'Bronntanais (nach leabhair iad) don scríbhneoir i do shaol'

  • Brendan Riley

    is breá liom na giotaí beag comhairle faoin saol an scríobhneora. Aontaím le barúil malairt brontannais a fháil seachas leabhartha. Scaití bíonn scríobhneoirí fíor-chantalach má cheannaíonn tú an leabhar mí-cheart, (nó rud eicínt ón údar mícheart). Is fearr an Brexit sin a sheachaint agus rud go hiomlán difriúil agus sábháilte a thabhairt.

  • seáinín dotey

    Cumhrán cumhra fearúil, réiteodh sé?