Marbh le caiféin agus marbh gan é…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: dá mbeadh deoch ann a mhúsclódh intinn an scríbhneora ach nach gcuirfeadh ar crith í…

Marbh le caiféin agus marbh gan é…

Bíonn tart ar scríbhneoirí agus iad i mbun oibre. Sula dtéann siad i mbun oibre, fiú amháin: ní féidir liom féin aghaidh a thabhairt ar leathanach bán gan mo chupán a bheith in aice láimhe – agus é lán.

Ach céard í an deoch dhraíochta a bhíonn istigh sa chailís sin?

Is é mo thuairim láidir nach chun leas na scríbhneoireachta an t-alcól ná go deimhin substaintí eile a mbíonn tionchar acu ar an intinn (chuir mé peann le páipéar uair nó dhó tar éis dom raithneach a chaitheamh nó ayahuasca  a ól, ach ní raibh an toradh thar mholadh beirte.)

Caife, sin é mo rogha druga féin. Idir chumhra agus chaiféin, cuireann an leacht dubh sin an chruthaitheacht ag coipeadh i mo chuislí – agus i gcuislí go leor leor scríbhneoirí eile, creidim.

Ar an drochuair, baineann deacracht mhór leis an gcaife mar dheoch dhraíochta: líon na ndáileog.

Mar seo a dhéanann Annie Dillard, scríbhneoir as Meiriceá agus saoi i réimse na scríbhneoireachta cruthaithí, cur síos ar an bhfadhb ina leabhar The Writing Life:

‘I drank coffee in titrated doses. It was a tricky business, requiring the finely tuned judgment of a skilled anesthesiologist. There was a tiny range within which coffee was effective, short of which it was useless, and beyond which, fatal.’

Is maith a thuigim céard atá i gceist aici. Má ólaim níos mó ná dhá chupán caife as a chéile, bheadh sé chomh maith agam mo lá scríbhneoireachta a chaitheamh in aer agus aghaidh a thabhairt ar sheomra dorcha a mbeadh pardóga boga ar an mballa ann.

Baineann an fhadhb chéanna le tae. Is fíor go bhfuil níos lú caiféine sa deoch sin ná mar atá i gcaife, ach ciallaíonn sé sin go gcaithfidh duine go leor de a ól sula mbíonn éifeacht ar bith aige. Fós féin is féidir dul thar fóir: is cuimhin liom a bheith ar bharr creatha, lá, agus an iomarca den tae glas faoin bhfiacail agam.

Dá mbeadh deoch ann a mhúsclódh an intinn ach nach gcuirfeadh ag crith í…

Tá a leithéid ann!

Seo saoi scríbhneoireachta eile as Meiriceá, Dorothea Brande  ina leabhar clúiteach Becoming a Writer, a foilsíodh thiar sa bhliain 1934 ach atá fós i gcló:

‘If you tend to drink a great deal of coffee when in the throes of composition, try replacing half of it by maté, a South American drink much like tea, but stimulating and innocuous. It can be bought at any large grocer’s, and is very easy to prepare.’

Tá níos lú caiféine sa mhaité ná sa tae traidisiúnta agus sa chaife, ach tá teobróimín ann freisin, substaint a thugann ardú meanman don aigne agus a fhaightear i bpónairí cócó de ghnáth.

Deoch an-choitianta an maité sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, ach is féidir teacht uirthi i siopa sláinte ar bith in Éirinn. Tá triail bainte agam aisti le deireanas agus muise, bhí an ceart ag Dorothea Brande. Má bhíonn tart orm fós tar éis dom mo dhá chupán caife a bheith agam, tosaím ar an maité. Coinníonn sé an bús ag imeacht ach ní chuireann sé m’aigne agus mo mhéara ag crith. Agus ar an dea-uair, níl an blas ró-dhona ach an oiread!

Fág freagra ar 'Marbh le caiféin agus marbh gan é…'

  • Breathnóir

    Tuigim go rímhaith an spleáchas seo ar chaife agus an cathú a bhíonn ann an iomarca de a ól…
    Ach cad é faoin deoch eile sin atá acu sa Bhrasaíl, guaraná? Nach bhfuil sin éifeachtach le hintinn an scríbhneora a choimeád dúisithe, a Alex?