Bronntanais na Nollag ó Ar Son na Cúise

Tá an clog ag bagairt ort agus níl an bronntanas speisialta sin ceannaithe fós agat. Ná bíodh lá imní ort! Tá rogha iontach bréagán ar fáil ó Ar Son na Cúise

Bronntanais na Nollag ó Ar Son na Cúise

1. Dhéanfadh ‘Alan an Tógálaí’, an ceardaí oibre is dúthrachtaí san iarthar, bronntanas iontach d’aon duine a bhfuil spéis aige a bheith ag leagan agus ag tógáil. Leagfaidh ‘Alan an Tógálaí’ balla ar bith duit, idir bhallaí fisiciúla agus bhallaí meafaracha, agus gan uaidh ach go mbeadh deis ag daoine labhairt lena chéile, go fírinneach agus go meafarach. Bainfidh an struchtúr nua a thógfaidh Alan an anáil de Ghaeil dhílse agus de Ghaeil nach Gaeil fós iad ach a bheidh ina nGaeil chomh dílis leis na Gaeil dhílse féin a luaithe is a nochtfar an t-iontas nua a thógfar i mBaile na hAbhann.

2. Bronntanas stuama é ‘Abacus Aodháin’ d’aon duine a bhíonn ag plé le figiúirí aisteacha osréalacha. An 250,000 cainteoir Gaeilge a bheidh againn faoi 2030 de réir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, cuir i gcás. Saothar dúshlánach é an Straitéis, atá chomh samhlaíoch, cruthaitheach le Cré na Cille agus chomh diamhair le The Da Vinci Code. Ráineodh go gcuirfeadh na figiúirí mistéireacha Cuíveacha lagmhisneach ar an léitheoir, áfach. Ní baol dó ach ‘Abacus Aodháin’ a bheith aige chun ciall a bhaint as an iomlán.

3. Ní haon rún é má bhíonn a fhios ag triúr é, go háirithe má tá duine den triúr sin ina bhall de Bhord Fhoras na Gaeilge. Ach ná bíodh lá imní oraibh, a chairde! Ní slán d’aon sceithire níos mó! Cuirfear corc i ngach cabaire! Mar a déarfadh na Gaeilgeoirí is fearr i TG4, tá Seán an Spiaire ar an gcás!

4. Leagan den chluiche iomráiteach Twister atá anseo ach é deartha go speisialta do lucht RTÉ Raidió na Gaeltachta (cé go mbeadh sé oiriúnach chomh maith do lucht Údarás na Gaeltachta nó aon dream eile a bheadh ag iarraidh dlúthchaidreamh a chothú idir faicsin achrannacha).  Déanaigí muintearas fad is atá sibh ag dul i bhfostú ina chéile an Nollaig seo agus cuirigí beocht sa bhondáil le Twister RnaG!

5. Seol Báidín Sheáinín go dtí do ghrá geal an Nollaig seo agus ní fhágfar ar an trá fholamh arís go deo é! Mar is eol go maith do Sheáinín, ní foláir Plean B a bheith agat i gcónaí do lá na tóna fliche! Aire Stáit beag cruógach é Seáinín. Agus ionsaithe á ndéanamh ort ar muir agus ar tír, ní mór duit greim an fhir bháite a choinneáil ar do chiall, do stuaim agus do shuíochán. Fiú nuair a bheidh d’intinn ag tórmach stoirme údar suaimhnis duit Báidín Sheáinín a bheith thiar sa seid agus gan ann ach é a shéideadh agus cruachan in aghaidh na hanachana.