Bronntanais ‘Ghaeilge’ molta ag eagraíochtaí teanga do Nollaig 2016

Tá molta ag Gaelchultúr agus Glór na nGael bronntanais ‘Ghaeilge’ a thabhairt do chairde agus gaolta faoi Nollaig 2016

Bronntanais ‘Ghaeilge’ molta ag eagraíochtaí teanga do Nollaig 2016

Tá an eagraíocht Gaelchultúr ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann “bronntanais Ghaeilge” a bhronnadh ar chairde agus ar ghaolta faoi Nollaig 2016. Is le Gaelchultúr an suíomh siopadóireachta Siopa.ie agus tá ‘Siopa na Nollag’ oscailte acu ar an suíomh anois.

Tá earraí Gaelacha agus Gaeilge ón iliomad comhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge ar fáil sa siopa “in aon áit amháin” agus súil ag lucht Ghaelchultúr go gcuimhneofar ar earnáil na n-earraí Gaeilge agus bronntanas á gceannach an Nollaig seo.

Tá t-léinte, maighnéid, cártaí Nollag, bréagáin, cluichí boird agus leabhair ar díol ag an eagraíocht “don chainteoir Gaeilge i do shaol”. Tá siopa ar líne ag Gaelchultúr agus siopa ceart lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Ní hí seo an chéad iarracht a rinneadh i mbliana muintir na hÉireann a chur i dtreo bronntanas Gaelach Nollag. Tá feachtas ar líne á reáchtáil ag an eagraíocht Glór na nGael le blianta beaga anuas darb ainm ‘Seachtain Bronntanas as Gaeilge’ agus tá Seachtain 2016 faoi lánseol anois agus os cionn 80 siopa agus ionad páirteach ann ar fud na tíre. Tá earraí a bhfuil baint acu leis an nGaeilge ar fáil ó shuíomh Ghlór na nGael, www.udar.ie freisin.

Iarrann Glór na nGael ar mhuintir na hÉireann “tacú leis an nGaeilge trí thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí atá ag forbairt earraí trí Ghaeilge”. Ar ndóigh, tá Glór na nGael féin ar cheann de na gnólachtaí sin atá tar éis earraí Gaelacha a chur ar fáil. Ba iad a d’fhorbair na leaganacha Gaeilge de na cluichí mór le rá Scrabble agus Monopoly.

Fág freagra ar 'Bronntanais ‘Ghaeilge’ molta ag eagraíochtaí teanga do Nollaig 2016'