‘British’ bainte amach as alt ar Wikipedia faoi ‘Rockall’ ag duine i dTithe an Oireachtais

Thosaigh athrú a rinne duine i dTithe an Oireachtais faoin gcarraig san Aigéan Atlantach ‘cath eagarthóireachta’ ar Wikipedia

‘British’ bainte amach as alt ar Wikipedia faoi ‘Rockall’ ag duine i dTithe an Oireachtais

Bhain duine i dTithe an Oireachtais an focal ‘British’ amach as an gcur síos a dhéantar ar an gcarraig i lár an Aigéin Atlantaigh, Rocal.

De réir an chuntais Twitter, @IrishGovEdits, a choinníonn cuntas ar na hathruithe a dhéantar ar ailt ar Wikipedia ó sheoltaí IP de chuid Thithe an Oireachtais, bhain duine éigin san áit sin an tagairt don Bhreatain den alt Béarla.

Rinneadh an chéad leasú ar an alt, ó sheoladh IP i dTithe an Oireachtais, ar an 18 Deireadh Fómhair ag ceathrú tar éis a dó tráthnóna, ach ceathrú uaire ina dhiaidh sin, bhí an focal ‘British’ curtha ar ais arís ag duine eile.

Mhair an ‘cath eagarthóireachta’ seo lá nó dó ina dhiaidh sin agus daoine éagsúla ag déanamh athruithe  anonn is anall ar an alt.

Ní fios an raibh an duine atá lonnaithe i dTithe an Oireachtais páirteach sa ‘chath’ ó shin mar is seoltaí IP eile atá luaite leis na hathruithe is déanaí ar Wikipedia. Níl aon taifead ag @IrishGovEdits ar aon athrú eile a bheith á dhéanamh i dTithe an Oireachtais i ndiaidh an chéad chinn.

Tugadh le fios sna nótaí a cuireadh le hathrú a rinneadh ar an 20 Deireadh Fómhair gur ‘unsubstantiated claim’ a bhí sa mhaíomh gur ‘British islet’ atá i Rockall.

Ag tús na míosa seo thug eagarthóir eile le fios gur ‘Irish islet’ a bhí i Rockall. Rinne duine eile gearán faoin “persistent vandalism” a bhí á dhéanamh ar an suíomh agus cuireadh an leathanach faoi ghlas de bharr “nationalist vandalism”.

Athraíodh an t-alt den chéad uair, ó sheoladh IP i dTithe an Oireachtais, dhá lá sular chuir duine anaithnid i bParlaimint na Breataine athruithe i bhfeidhm ar shraith alt a bhain le stair na hÉireann.

Thug an duine sin le fios faoi Éireannaigh aitheanta gur sa Ríocht Aontaithe a rugadh iad. I measc na ndaoine ar athraíodh an t-eolas fúthu an lá sin bhí go leor polaiteoirí: Charles Stewart ParnellMícheál Ó CoileáinÉamon de ValeraWilliam T. Cosgrave,  agus John Redmond, chomh maith leis an iontráil faoi Éirí Amach na Cásca athraithe.

Fág freagra ar '‘British’ bainte amach as alt ar Wikipedia faoi ‘Rockall’ ag duine i dTithe an Oireachtais'