Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ar fheabhas i seó aonair sa Taibhdhearc

Éiríonn le ‘Dathanna Geala Amháin’ an nóta ceart a bhualadh idir an greann dorcha, an chumha agus an machnamh

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ar fheabhas i seó aonair sa Taibhdhearc

Dathanna Geala Amháin

le Pauline Goldsmith
Leagan Gaeilge le Séamas Mac Annaidh
Stiúrthóir: Muireann Kelly
Cliar: Brídín Ní Mhaoldomhnaigh
Léirithe ag An Taibhdhearc

Bhí an ghrian ag scaladh agus an Póirse Caoch ag cur thar maoil le daoine agus iad amuigh ag sú na gréine. Ag déanamh ar an Taibhdhearc a bhí muide le dul ag breathnú ar Dathanna Geala Amháin, an chéad léiriú i mbliana de chuid na Taibhdheirce agus é ar stáitse mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe. Is í Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne nua na Taibhdheirce, a thosaigh sa ról ag tús na bliana seo, a stiúir an dráma aonair.

Is minic a deirtear gur droch-chomhartha don amharclannaíocht í an aimsir bhreá. Cé atá ag iarraidh dul isteach i seomra dorcha le dráma a fheiceáil nuair atá an saol is a mháthair amuigh faoin aer? Go leor daoine, is cosúil.

Bhí slua breá san amharclann romhainn agus, ag teacht le teideal an dráma, dathanna geala a bhí le feiceáil i bhforhalla na Taibhdheirce agus é réitithe amach mar sheomra suí. Ní hiad na dathanna geala a gcuimhneodh tú orthu ar dtús nuair a chloiseann tú faoi dhráma atá suite i dteach tórraimh agus a bhfuil radharc de reilig ar an bpóstaer, ach is dráma grinn atá ann. Dúghreann, caithfear a rá. Éiríonn leis an dráma an nóta ceart a bhualadh idir an greann dorcha, an cumha agus an machnamh.

Leagan Gaeilge atá ann den dráma Bright Colours Only le Pauline Goldsmith, scríbhneoir agus aisteoir as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil blianta caite aici i nGlaschú na hAlban. Is é Séamas Mac Annaidh a rinne an t-aistriúchán i nGaeilge Uladh.

Tarraingíonn Goldsmith ar a cúlra Éireannach, ar nósmhaireachtaí a bhaineann leis an mbás, ar an mbéaloideas agus ar stair na dtrioblóidí sa saothar seo. Cuireadh ar stáitse é den chéad uair mar chuid den Edinburgh Fringe Festival sa mbliain 2001, áit ar éirigh go mhaith leis, agus chaith sí blianta ar camchuairt leis ina dhiaidh sin, ó Bhéal Feirste go dtí an Bhrasaíl.

Cuireann dearadh seit Bridget Ní Dhuinn go mór leis an léiriú. Tá an dráma suite i seomra suí a bhfuil maisiú bláthbhreac déanta air. Tá ‘doily’ lása leagtha ar gach bord, cairpéad bándearg ar an urlár, cuirtíní móra le patrún bláthbhreac orthu timpeall an tseomra agus cuirtíní lása fúthu. Leagann an dearadh seo béim ar an gcodarsnacht atá ann idir na rudaí beaga fánacha a bhaineann leis an mbás, ar nós réiteach an tí agus na gceapairí, agus an t-uafás a bhaineann leis agus an faitíos a ghineann sé ionainn.

Dráma aonair atá ann agus is í Brídín Ní Mhaoldomhnaigh atá sa bpríomhpháirt. Is iontach an bhean í Brídín Ní Mhaoldomhnaigh.

Níl a fhios agam arbh í an bhean sí nó an cat mara a bhí istigh san amharclann ag tús an dráma ach bhí neach éigin ag cur isteach ar chúrsaí teicniúla. Bíonn an lucht féachana páirteach sa léiriú agus bhí muid uilig socraithe isteach, comhbhrón déanta leis an ‘teaghlach’ againn agus méaracáin fuisce agus ceapairí faighte againn nuair a íslíodh na soilse. Díreach agus na fotheidil agus na beochana le tosú, tháinig teachtaireacht ar an scáileán ar chúl an stáitse a dúirt, ‘Error, computer 2’.

Níor baineadh stad as Brídín. “Bhuel, rud amháin le rá faoi Dhaidí,” a deir sí agus í ag breathnú thart ar an slua san amharclann, “ní raibh a fhios agam riamh go raibh an oiread cairde aige”.

D’iompaigh sí ar an mBéarla ansin. “And, I never even knew he went to America, let alone Kentucky!”.

Chaithfeadh go raibh lán bus istigh as Kentucky mar d’imigh gáir amach ón lucht féachana agus muintir an Bluegrass State ag bualadh bos.

Lean sí uirthi ag spraoi leis an lucht féachana go dtí go raibh na deacrachtaí teicniúla réitithe. Bhí beochana le Eabha Bortolozza agus Jack Kirwan le feiceáil ar scáileán agus fotheidil. Chuir na beochana gné fhísiúil eile leis an dráma a chuir go mór leis an scéalaíocht.

Is maith ann na fotheidil mura ndéanfaidís ach pobal níos leithne a mhealladh i dtreo na drámaíochta Gaeilge, ach tarraingíonn siad d’aird scaití ón aicsean ar stáitse. D’airigh mé in amanna go raibh mo shúil tarraingthe chuig na fotheidil in áit mé a bheith dírithe ar an aisteoir, ach bhí sé éasca go leor neamhaird a dhéanamh orthu an chuid is mó den am.

Bogann Brídín Ní Mhaoldomhnaigh go cumasach idir carachtair éagsúla, a theagmhaíonn le hábhair éagsúla a bhaineann leis an mbás agus an bheatha. Déantar plé trí na carachtair ar na scéalta beaga fánacha as a bhfitear scéal beatha duine, agus an grá a choinníonn an saol ina chéile.

Beidh an dráma ag dul ar camchuairt ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ar fheabhas i seó aonair sa Taibhdhearc'