Breis is 2.2 milliún duine tagtha go dtí Tuairisc le hocht mbliana

Cothrom an lae inné ocht mbliana ó shin, an 9 Deireadh Fómhair 2014, a seoladh Tuairisc.ie i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath

Breis is 2.2 milliún duine tagtha go dtí Tuairisc le hocht mbliana

Tá Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta ar líne do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ocht mbliana ar an bhfód.

Cothrom an lae inné, an 9 Deireadh Fómhair 2014, a seoladh Tuairisc.ie i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.

Ó tháinig ann do Tuairisc.ie, thug os cionn 2.2 milliún duine os cionn 7.2 milliún cuairt ar an suíomh agus d’amharc na daoine sin ar os cionn 16.7 milliún alt.

23,438 alt a scríobh 347 údar don suíomh ó 2014 i leith.

Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie Seán Tadhg Ó Gairbhí inné gur fianaise figiúirí léitheoireachta na seirbhíse gur éirigh le meitheal an tsuímh an phríomhsprioc a bhí acu a bhaint amach, ba é sin “seirbhís nuálaíoch, spreagúil a sholáthar a dhéanfadh tuairisciú cothrom agus anailís mhacánta ar scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta, Gaeilge agus Gaeltachta.”

“Tá sé in am anois aitheantas a thabhairt dá bhfuil bainte amach ag Tuairisc trí mhaoiniú ceart a thabhairt do na meáin scríofa Ghaeilge ionas gur féidir leo bláthú seachas a bheith ag teacht leis an mbeagán i gcónaí,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Gairbhí gur chabhraigh “a dhiongbháilte” is a bhí lucht Tuairisc.ie faoina gcur chuige leis an rath a bhí ar an suíomh ó bunaíodh é.

Dúirt sé gur “ábhar mórtais” d’fhoireann an tsuímh gur éirigh leo “pobal mór léitheoirí dílse” a mhealladh go dtí suíomh nua nach raibh “a mhacasamhail” ann roimhe sin.

Dúirt sé go raibh maoiniú breise ag teastáil go géar ó Tuairisc chun seirbhís laethúil ilchineálach ilmheáin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, “seirbhís ar féidir le daoine brath uirthi agus muinín a bheith acu aisti”.

“Ba chóir go dtabharfadh an coiste nua atá molta ag Coimisiún na Meán chun féachaint ar chás na hiriseoireachta Gaeilge tús áite do cheist mhaoiniú na meán scríofa Gaeilge,” arsa Ó Gairbhí.

Ghabh sé buíochas le “foireann bheag dhíograiseach” Tuairisc agus leis an “meitheal iontach scríbhneoirí agus comhfhreagraithe” atá ag an suíomh.

Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie gur ábhar mórtais ar leith don fhoireann an tuairisciú, an taighde, an anailís agus an obair iniúchta go léir atá déanta ag an suíomh faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta le hocht bliana anuas.

Fág freagra ar 'Breis is 2.2 milliún duine tagtha go dtí Tuairisc le hocht mbliana'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Gura fada buan ‘Tuairisc ponc ie’.

  • Páidí

    Maith sibh. Comhghairdeas