Breis cumhachtaí le bronnadh ar Chúltaca an Gharda Síochána

Tá breis “cumhachtaí agus feidhm” le bronnadh ar Chúltaca an Gharda Síochána ach b’fhearr le Cumann Ionadaíochta na nGardaí go ndíreofaí acmhainní ar an nGarda Síochána féin

2/2/2015 Fine Gael Minister for Justice and Equality, Frances Fitzgerald, listening to Garda Commissioner, Noirin O'Sullivan talking to the media. The Taoiseach and the Tanaiste and Minister for Social Protection the Minister for Justice and Equality, and the Garda Commissioner, visited new recruits while attending the Garda College in Templemore, on the occassion of the intake of a further 100 Garda recruits. The Taoiseach, Tanaiste and the Minister for Justice and Equality addressed the recruits and toured some of the facilities of the Garda College. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Noreen O’Sullivan. Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

D’fhéafadh go bhfuil aighneas ar na bacáin idir baill den Gharda Síochána agus Coimisinéir na nGardaí Noreen O’Sullivan atá ag cur críche faoi láthair le socruithe nua a thabharfadh cumhachtaí agus feidhmeanna breise do Chúltaca an Gharda Síochána

Ní raibh urlabhraí ó Chumann Ionadaíochta na nGardaí sásta aon ráiteas a dhéanamh le Tuairisc.ie faoi na scoruithe nua. ach dúirt sé gurb é polasaí fadbhunaithe na heagraíochta é gan aon aitheantas foirmeáilte a thabhairt do Chúltaca an Gharda Síochána nó go mbeadh acmhainní leordóthaineacha ag an nGarda Síochána féin.

Dúirt an t-urlabhraí ó Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána go mb’fhearr lena mbaill go ndíreofaí acmhainní ar an nGarda Síochána féin.

“Le fada an lá, tá sé de pholasaí ag an GRA gan aitheantas a thabhairt don Chúltaca go dtí go mbeidh seirbhís lánaimseartha againn a bhfuil maoiniú ceart á thabhairt di,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ní raibh Cumann Sairsintí agus Cigirí an Gharda Síochána ar an eolas faoi na socruithe atá beartaithe don Chúltaca.

Ní raibh urlabhraí an Gharda Síochána in ann aon eolas breise a chur ar fáil faoi cé na cumhachtaí breise a bhronnfar ar an gCúltaca agus dúirt gur cheist don Roinn Dlí agus Cirt a bhí ann. Thug an Roinn le fios do Tuairisc.ie, áfach, gur bhain na socruithe nua leis an nGarda Síochána agus an Coimisinéir amháin.

Bunaíodh Cúltaca an Gharda Síochána sa bhliain 2005 le tacaíocht a thabhairt do ghnáthbhaill an Gharda Síochána. Tá 1,079 duine ina bhall den Chúltaca i láthair na huaire. Cuirtear oiliúint sa dlí, i gcearta daonna agus nósanna imeachta na nGardaí ar bhaill an Chúltaca.

I measc dualgais eile, d’fhéadfadh ball an Chúltaca a bheith ar dualgas stáisiúin, ar stádar, ag pointí seiceála nó i mbun maoirseachta ag imeachtaí spóirt agus siamsaíochta. Is faoi stiúir agus treoir an Gharda Síochána a bhíonn an Cúltaca i gcónaí.

Fág freagra ar 'Breis cumhachtaí le bronnadh ar Chúltaca an Gharda Síochána'