Breis agus milliún euro sa tseachtain a chaithfear ar TG4 in 2022

€4.2 milliún sa bhreis a fógraíodh do TG4 i mbuiséad an lae inné, rud a fhágann go mbeidh breis is milliún sa tseachtain ag TG4 ón stát in 2022

Breis agus milliún euro sa tseachtain a chaithfear ar TG4 in 2022

Caithfear breis agus milliún euro in aghaidh na seachtaine ar TG4 an bhliain seo chugainn.

€4.2 milliún sa bhreis a fógraíodh do TG4 i mbuiséad an lae inné, rud a fhágann go mbeidh breis is milliún sa tseachtain ag TG4 ón stát in 2022.

€45 milliún a bheidh á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do TG4 in 2022.

Má chuirtear san áireamh an bhreis agus €7 milliún a chaithfidh RTÉ ar chláracha do TG4 an bhliain seo chugainn agus an tacaíocht a fhaigheann an stáisiún ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus Fís Éireann, beidh níos mó ná milliún sa tseachtain á chaitheamh ar an tseirbhís.

€40.7 milliún a chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil do TG4 i mbliana agus chuir RTÉ luach €7.4 milliún de chláracha ar fáil don tseirbhís.

Is mar gheall ar a dhualgas faoin Acht Craolacháin gur gá do RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana.

Ina theannta sin, déanann an BAI agus Fís Éireann maoiniú ar an scéin scéim d’fhadscannáin Ghaeilge, Cine4, agus cuireann an BAI maoiniú ar fáil do chláracha don stáisiún faoin scéim Fuaim agus Fís.

Tugadh le fios i dtuarascáil bhliantúil RTÉ do 2020 gur €7.4 milliún a caitheadh ar na cláracha sin do TG4. €5.5 milliún a caitheadh ar chláracha a rinne RTE féin do TG4 agus €2.06 milliún ar chláracha a choimisiúnaigh RTÉ le craoladh ar TG4.

Bhain beagnach €5 milliún den chaiteachas sin le seirbhís nuachta TG4 a sholáthar.

“Tacaíocht an-suntasach bhreise,” an cur síos a bhí ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar an ardú €4.2 ar bhuiséad TG4 do 2022.

Ghabh sé buíochas leis an Aire Catherine Martin agus an Rialtas as tacaíocht bhreise a chur ar fáil do TG4 don dara bliain as a chéile. €3.5 milliún breise a fuair TG4 i mBuiséad 2021.

“Léiríonn na moltaí a chuir TG4 ar aghaidh inár gcáipéis, Fís tar éis Covid, go bhfuil fís uaillmhianach ag Bord TG4 do na meáin Ghaeilge.  Tá muid ag súil go mór le moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a fheiceáil maidir leis an fhorbairt a chaithfear a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt Esslemont gur “cúis áthais” do TG4 go raibh “slí bheatha tharraingteach” á cur ar fáil do “glúin nua” atá ag obair in earnáil na teilifíse Gaeilge a bhuíochas do thacaíocht “leanúnach” an Rialtais.

Chuir an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, fáilte chomh maith roimh an €4.2 milliúin breise don stáisiún.

“Ta súil agam go gcuirfidh an maoiniú breise seo le cumas TG4 chun cláracha as Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Bogann an maoiniú breise seo an stáisiún níos giorra don sprioc atá acu leis an mhaoiniú chéanna atá ag S4C sa Bhreatain Bheag a bheith acu agus tacaíonn muid leo maidir leis an éileamh sin.”

Fág freagra ar 'Breis agus milliún euro sa tseachtain a chaithfear ar TG4 in 2022'

  • Pádraig

    Aon seans anois go bhfreastalódh TG4 ar Ghaeilgeoirí uile na tíre agus go mbeadh Nuacht TG4 in ann figiúir Covid-19 an oileáin ar fad a thabhairt (mar a dhéanann RTÉ)?

  • An Teanga Bheo

    1922 ? fós le thíocht fan go fóill go 2021