Breis agus 1,600 ainm curtha le hachainí Ollscoil Uladh

Tá os cionn 1,600 duine tar éis a n-ainm a chur le hachainí a thosaigh Conradh na Gaeilge ar líne a impíonn ar an Aire Stephen Farry an cúrsa céime sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh a shábháil

University-ulster-belfast-exterior-closeup

Tá breis agus 1,600 duine tar éis a n-ainm a chur le hachainí a thosaigh Conradh na Gaeilge dhá lá ó shin chun an cúrsa BA i nGaeilge in Ollscoil Uladh a shábháil. Tá 2,500 luaite mar sprioc ag an gConradh ar an suíomh achainíochta change.org.

Tuairiscíodh ar Tuairisc.ie Dé hAoine seo caite go bhfuil an cúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge le scor san ollscoil i mBéal Feirste de bharr ciorruithe ar an mbuiséad. Caillfidh ceathrar a bpost san institiúid má chuirtear an cinneadh i bhfeidhm. Leanfar leis an gcéim pháirtaimseartha i mBéal Feirste ach beidh an cúrsa lánaimseartha ar siúl ar champas Dhoire.

D’iarr an Conradh ar an ollscoil agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry dul siar ar an gcinneadh. Tá “an-eileamh air ó thaobh freastail agus sástachta araon” ar an gcúrsa dar leis an gConradh.

Arú inné a chuir an Conradh a n-achainí ar bun ar change.org. Nuair a bhainfear sprioc 2,500 amach, cuirfear an achainí faoi bhráid an Aire agus na hOllscoile. Tá an achainí á roinnt ar na meáin shóisialta faoi na haischibeanna #SábháilBéalFeirste agus #SaveIrishUUB.

Idir an dá linn, cháin Aedraen Ó Dubhghaill, Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn, cinneadh na hollscoile. Dúirt sé gur “mór an chéim siar é” an cinneadh ó thaobh chur chun cinn na teanga de.

“Is céim siar í, go háirithe nuair is léir go bhfuil suim i léann na teanga ag méadú agus suim san oideachas trí mheán na Gaeilge ag dul i bhfeabhas chomh maith. Tá mé tar éis a bheith i teagmháil le mic léinn Ghaeilge de chuid na hOllscoile agus níleadar sásta faoi ach an oiread,” a dúirt Ó Dubhghaill.

 

Fág freagra ar 'Breis agus 1,600 ainm curtha le hachainí Ollscoil Uladh'