Rinne Volodymyr Zelensky botún mór sa Teach Bán Dé hAoine seo caite. An raibh JD Vance sotalach agus drochmhúinte leis? Bhí cinnte. Is duine sotalach agus drochmhúinte é Vance agus tá sin feicthe againn cheana.
Bhí sé soiléir roimh ré nach bhfuil Donald Trump ‘ar thaobh’ na hÚcráine sa choimhlint. Is cuma cé chomh mífhéaráilte is atá sé sin i súile Zelensky agus na nÚcránach, ní raibh tada a d’fhéadfadh Zelensky a rá chun sin a athrú, go háirithe go poiblí os comhair na meán. Sea, tá sé soiléir go bhfuil níos mó measa ag Trump agus Vance ar Putin agus ar an Rúis ná mar atá acu ar Zelensky agus ar an Úcráin.
Tá meas acu ar an gcumhacht agus is cuma leo gur tír dhaonlathach í an Úcráin. An bhfuil sé féaráilte? Níl. An bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin féaráilte? Níl. Ach ní raibh tada a d’fhéadfadh Zelensky a rá ar an Aoine chun sin a athrú ach an oiread.
Agus is é fírinne an scéil nach raibh rudaí ag breathnú chomh dona sin don Úcráin sna laethanta roimh an gcruinniú sin. Ní bhfuair Zelensky an barántas slándála a bhí uaidh mar chuid den mhargadh mianraí, ach fuair a lucht idirbheartaíochta sciliúil réidh freisin leis an éileamh ríchostasach go mbeadh ar an Úcráin dhá oiread luach an chúnaimh mhíleata a bhí faighte acu a íoc ar ais.
Go deimhin ní raibh aon aisíoc i gceist sa mhargadh cé go raibh Trump á chur i láthair mar sin dá lucht leanúna. Bhí Trump tar éis glacadh leis go mbeadh ar fhórsaí Eorpacha a bheith ar an talamh san Úcráin mar chuid d’aon socrú síochána. Bhí sé nach mór cinnte go raibh sé ar tí glacadh leis go mbeadh ar Mheiriceá ‘cúltaca’ do na fórsaí sin a sholáthar. Roimh Dé Céadaoin seo caite chuir sé barántas slándála Meiriceánach as an áireamh. Ansin Dé Céadaoin, dúirt sé nach mbeadh Meiriceá ag soláthar barántas slándála ‘beyond very much’.
Bhí na hEorpaigh ag cur in iúl dó go soiléir nach gcuirfeadh siad trúpaí ar an talamh gan tacaíocht ón aer, tacaíocht lóistíochta agus tacaíocht faisnéise ó Mheiriceá. Thar aon ní bhí Trump ag iarraidh margadh a dhéanamh agus thuig sé nach dtarlódh margadh gan é sin. A fhad is nach mbeadh saighdiúirí Meiriceánacha sa bhearna bhaoil, ní bheadh fadhb aige é sin a dhíol le dream MAGA. Bhí Trump ag caint go muiníneach fiú faoi roinnt de na tailte gafa a fháil ar ais don Úcráin.
Agus ní hé nach raibh (agus nach bhfuil fós) roinnt cártaí le himirt ag Zelensky agus ag na hEorpaigh chun margadh níos fearr a fháil don Úcráin. Tá stráice den Rúis ag an Úcráin in Kursk agus níl aon slí go dtabharfadh siad sin suas i gcainteanna síochána gan talamh de chuid na hÚcráine a fháil mar mhalairt air.
Chomh maith leis sin tá €300 billiún de shócmhainní Rúiseacha reoite san Eoraip agus tá na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise fós i bhfeidhm. Agus tá pobal na hÚcráine go láidir i gcoinne aitheantas de jure a thabhairt do fhlaitheas na Rúise ar na críocha gafa. Go polaitiúil ní fhéadfadh Zelensky fanacht i gcumhacht san Úcráin dá n-aithneodh sé flaitheas na Rúise ar na críocha gafa ar fad.
Mar sin dá mbeadh Putin ag iarraidh aitheantas ón Úcráin, agus mar sin aitheantas idirnáisiúnta, a fháil do fhlaitheas na Rúise ar an gCrimé nó ar chuid ar bith de na críocha gafa eile, bheadh air sciar an-substaintiúil dóibh a thabhairt ar ais don Úcráin ionas go bhféadfaí an margadh sin a dhíol le pobal na hÚcráine.
Bhí sé i gcónaí chun a bheith níos deacra comhaontú síochána a bhaint amach san Úcráin ná mar a tuigeadh do Trump. Níl sé soiléir ar chor ar bith go nglacfadh Putin le fórsaí Eorpacha san Úcráin nó go mbeadh sé sásta tailte ar bith a thabhairt ar ais don Úcráin, agus sa chás sin ní bheadh margadh síochána ann – ach bheadh sé níos deacra do Trump an milleán a chur ar Zelensky.
B’fhearr go mór mar sin mura mbeadh Zelensky tar éis ligint do Vance é a ghriogadh. B’fhearr dá mbeadh a dhícheall déanta aige gan titim amach go poiblí le Vance agus Trump, fiú má bhí a dhínit phearsanta agus dínit náisiúnta na hÚcráine thíos leis beagán. Dúirt duine ar phléigh mé é seo leis go raibh mé ‘mífhéaráilte’ le Zelensky ach ní ceist féaráilteachta atá anseo.
Níl aon rud féaráilte faoi aon chuid de seo. Nílim ag maíomh go mbeadh jab níos fearr déanta agam féin ach ní polaiteoir nó uachtarán tíre mé. Láimhseáil Macron agus Starmer Trump níos fearr ach bhí jab níos deacra ag Zelensky mar uachtarán ar an tír atá faoi ionsaí agus ina bhfuil daoine á marú agus á mbascadh agus á gcéasadh agus á bhfuadach. Agus bhí jab níos deacra aige mar gheall ar an nimh san fheoil a bhí ag Vance dó. Tá ráite go soiléir ag Vance roimhe seo gur cuma leis go pearsanta cad a tharlaíonn don Úcráin.
Ar shlí is iad na tréithe a lig síos Zelensky ar an Aoine, na tréithe céanna a bhí mar bhua mór aige is é ina a cheannaire ar thír atá sáite i gcogadh, ‘bás nó beatha’ i gcoinne namhaid atá i bhfad níos láidre. Nuair a thosaigh an t-ionradh ba é an rud ‘ciallmhar’ do Zelensky a dhéanamh ná teitheadh ó Chív ach sheas sé an fód go ceanndána, cróga. Bhí sé ceanndána agus cróga sa Teach Bán Dé hAoine seo caite freisin, ach ní raibh sé ciallmhar.
Carraig
Ba cheart go mbeadh fhios ag Zelenski gur binn béal ina thost, go minic.
Ón uair gur maistín mór cabanta is ea Trump, go háirithe.
Gur maith leis bheith ag caitheamh thairis agus ag caitheamh a theanga.
Maistín go bhfuil an tsuimiúlacht ann agus gur maith leis bheith ag borradh is ag at le mórtas agus le féintábhacht os comhair na gceamaraí.
Lig leis. Fág an stáitse aige faoina EGO.
Do chártaí a imirt ansin (má táid agat) go deas séimh ach a mbeidh an seó thart.