‘Botún’ ba chúis le diúltú margadh speisialta do Ghaeilgeoirí i Supermac’s

De réir tuairiscí ó chustaiméirí roinnt bialanna Supermac’s i nGaillimh, eitíodh an Gaelchárta de chuid Chonradh na Gaeilge nuair a bhíothas ag iarraidh é a úsáid chun margadh ar bhéile a fháil

‘Botún’ ba chúis le diúltú margadh speisialta do Ghaeilgeoirí i Supermac’s

Deir an comhlacht bia gasta Supermac’s gur ‘botún’ a bhí ann gur diúltaíodh do chárta lascaine do Ghaeilgeoirí óga i roinnt dá mbialanna.

De réir tuairiscí ó chustaiméirí roinnt bialanna Supermac’s i nGaillimh, ceann acu sa Ghaeltacht, eitíodh an Gaelchárta de chuid Chonradh na Gaeilge nuair a bhíothas ag iarraidh é a úsáid chun margadh ar bhéile a fháil.

Dúirt Supermac’s le Tuairisc.ie go dtacaíonn siad go láidir leis an ‘Gaelchárta’, cárta lascaine Chonradh na Gaeilge do chainteoirí óga Gaeilge.

Bronntar Gaelchárta Chonradh na Gaeilge ar dhaltaí meánscoile a ghlacann páirt i gceardlanna Gaeilge an Chonartha.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur diúltaíodh don Gaelchárta i mbialanna Supermac’s i mBaile Locha Riach, i mBaile Átha an Rí agus ar an Spidéal i gConamara.

Tá Supermac’s ar cheann de 12 gnó agus eagraíocht atá áirithe ar Ghaelchárta an Chonartha a bhfuil mar aidhm aige an Ghaeilge a spreagadh i measc an aosa óig.

Ar na heagraíochtaí eile a bhfuil baint acu leis an chárta lascaine tá Cumann Lúthchleas Gael, An Chultúrlann i mBéal Feiste agus Arann Island Ferries.

Béile mór ar luach meánbhéile a bhíonn á thairiscint ag Supermac’s do lucht an Ghaelchárta, ach is cosúil nach rabhthas sásta an margadh sin a chomhlíonadh nuair a lorgaíodh é i mbialanna áirithe le tamall.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dheimhnigh Bainisteoir Caidreamh Poiblí Supermac’s, Pádraic Ó Neachtain, go raibh an eagraíocht fós ag tacú leis an Gaelchárta agus mhaígh sé gur rud “fíorannamh” é go mbíonn deacracht ag custaiméirí leis.

“Tá 120 ionad Supermac’s ar fud na tíre, tarlaíonn botún anois agus arís ach ní féidir a rá gur fadhb chórasach atá i gceist. Is fadhb fhíor-annamh é a bhaineann le corr-ionad.

“Tá Supermac’s an-bháúil don Ghaeilge agus tá an Gaelchárta againn le deich mbliana. Is maith ann é agus is mian linn tacú le Gaeilgeoirí óga ar fud na tíre,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Neachtain go mbíonn Supermac’s i mbun comhpháirtíochta le “go leor eagraíochtaí” ach “go dtarlaíonn botúin ó am go chéile”.

Dúirt Ó Neachtain freisin gur dócha nach raibh gach duine a bhí ag obair sna bialanna inar diúltaíodh don Ghaelchárta ar an eolas faoi.

Dúirt Supermac’s go mbeadh fáilte acu roimh aon duine a mbeadh deacracht acu le húsáid an Ghaelchárta in aon cheann dá mbialanna dul i dteagmháil leo.

Dúirt Niamh Ní Chróinín ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil “caidreamh an-mhaith” acu le Supermac’s agus go raibh an-rath ar an chaidreamh sin agus ar an Gaelchárta. Dúirt sí go mbeadh bileog eolais nua maidir leis an Gaelchárta á cur ar fáil do Supermac’s go luath chun go bhféadfaí é a scaipeadh.

Bronntar an Gaelchárta ar dhaltaí a ghlacann páirt i gceardlanna ‘Seó Bóthair’ Chonradh na Gaeilge, atá á eagrú ag an eagraíocht teanga le roinnt blianta anuas.

Táthar ag súil go ndéanfaidh an Seó Bóthair freastal ar 26,000 duine óg in 2020.

Dúirt Niamh Ní Chróinín gur scaip Conradh na Gaeilge 250,000 Gaelchárta ar dhaoine óga “fud fad na tíre” le hocht mbliana anuas agus nach bhfuair siad ach trí ghearán mar gheall ar Supemac’s. Fuarthas na trí ghearán sin le déanaí.

Mhaígh urlabhraí Chonradh na Gaeilge gur “botún agus míthuiscint” ba chúis le diúltú an chárta i mbialanna áirithe le tamall.

“Tá míniú sásúil tugtha ag Supermac’s agus tiocfaidh réiteach air go han-luath. Tá caidreamh an-mhaith ag Conradh na Gaeilge le Supermac’s agus tá súil againn go leanfaidh sé sin ar aghaidh amach anseo.

“Nuair atá comhlacht ag tacú leis an nGaeilge, faoi mar atá Supermac’s, ba chóir dúinn iad a mholadh.”

Dúirt sí gur údar “díomá” do Chonradh na Gaeilge go raibh scéal “diúltach” á dhéanamh ag Tuairisc.ie faoi chárta lascaine na heagraíochta “in ionad an scéal dearfach atá ann le hocht mbliana anuas”.

Níl aon fhigiúirí ag Conradh na Gaeilge faoi líon na ndaoine a bhain úsáid as an Gaelchárta ó tugadh isteach é in 2010.

Fág freagra ar '‘Botún’ ba chúis le diúltú margadh speisialta do Ghaeilgeoirí i Supermac’s'

  • Pádraig Ó Baoill

    Iontach go bhfuil an fhadhb réitithe. Tuigim go raibh an-díoma ar go leor gaeil óga i mo cheantar féin nuair nach bhfuair siad an lascaine agus iad den tuairim nach raibh maith ar bith sa ghaelchárta dá bharr. Cibé míthuiscint socraithe ….. agus tuilleadh poiblíochta déanta don ghaelchárta agus do Supermacs. Sailéad mór!?