Boris Johnson sa chéad áit agus an bheirt bhan i rás na dTóraithe díbeartha

Seachtar fear atá fágtha san iomaíocht do cheannaireacht na dTóraithe i Sasana tar éis an chéad bhabhta vótála

Boris Johnson sa chéad áit agus an bheirt bhan i rás na dTóraithe díbeartha

Tháinig Boris Johnson sa chéad áit sa chéad bhabhta i dtoghchán ceannaireachta Thóraithe Shasana inniu.

Díbríodh an bheirt bhan a bhí sa rás, Esther McVey  agus Andrea Leadsom  toisc gan dóthain vótaí a b eith acu.

Díbríodh chomh maith Mark Harper, rud a fhágann go bhfuil seachtar fear fágtha san iomaíocht.

Bhí a gcéad bhallóid ag feisirí an Pháirtí Chaomhaigh ar maidin agus tá an comórtas géaraithe anois ó tharla an chéad ghearradh díobh déanta.

Bhí an deichniúr iarrthóirí ar a ndícheall le seachtain ag iarraidh tacaíocht a mhealladh ón 313 feisire sa bParlaimint mar theastaigh 17 vóta ar a laghad le dul ar aghaidh go dtí an dara babhta vótála.

Fuair Boris Johnson 114 agus Jeremy Hunt a tháinig sa dara háit le 43 vóta.


NA TORTHAÍ


Boris Johnson – 114

Jeremy Hunt – 43

Michael Gove – 37

Dominic Raab – 27

Sajid Javid – 23

Matt Hancock – 20

Rory Stewart – 19

Mark Harper – 10

Andrea Leadsom – 11

Esther McVey – 9


An triúr iarrthóirí nach raibh 17 vóta acu, cuireadh as an áireamh iad.

Beidh an seachtar atá fós san iomaíocht gnóthach as seo go dtí an Mháirt seo chugainn, an 18 Meitheamh, agus iad ag lorg tacaíochta roimh an gcéad bhabhta eile.

Tar éis an chéad bhabhta eile, aon iarrthóir nach mbeidh 33 vóta aige, cuirfear as an áireamh é. D’fhéadfadh nach mbeadh ach beirt nó triúr fágtha sa rás tráthnóna Dé Máirt seo chugainn.

Leanfar leis na babhtaí vótála go dtí nach mbeidh fágtha ach beirt iarrthóirí. Dé Céadaoin seo chugainn, an 19 Meitheamh a bheidh an tríú vóta ann agus tá socruithe déanta go mbeidh an ceathrú agus an cúigiú vóta lá arna mhárach sa gcás go mbeadh níos mó na beirt fós fágtha.

Beidh mí ag an mbeirt dheireanach a bheidh fágtha le feachtas tacaíochta a rith ó cheann ceann na tíre.

Le linn na míosa sin seolfar páipéar ballóide chuig gach ball den Pháirtí Caomhach le go bpiocfaidh siad a rogha duine mar cheannaire ar an bpáirtí. Fógrófar an ceannaire nua an tseachtain dár tús an 22 Iúil.

Dúirt Boris Johnson inné go bhfuil sé leagtha air go bhfágfadh an Bhreatain an tAE oíche Shamhna bíodh margadh déanta nó ná bíodh.

“Is ionann moill agus teip, is ionann moill agus scrios,” arsa Johnson agus a fheachtas i gcomórtas ceannaireachta na dTóraithe á sheoladh go hoifigiúil aige.

Fág freagra ar 'Boris Johnson sa chéad áit agus an bheirt bhan i rás na dTóraithe díbeartha'