‘Is ionann moill agus teip’ – Boris Johnson leagtha ar an mBreatimeacht faoi Shamhain

Dúirt an té is mó atá á lua mar an chéad cheannaire eile ar na Tóraithe go gcaithfidh an Bhreatain an tAE a fhágáil ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh ann nó as

‘Is ionann moill agus teip’ – Boris Johnson leagtha ar an mBreatimeacht faoi Shamhain

Tá ráite ag Boris Johnson go bhfuil sé leagtha air go bhfágfadh an Bhreatain an tAE oíche Shamhna bíodh margadh déanta nó ná bíodh.

“Is ionann moill agus teip, is ionann moill agus scrios,” arsa Johnson inniu agus a fheachtas i gcomórtas ceannaireachta na dTóraithe á sheoladh go hoifigiúil aige.

Vótáil feisirí parlaiminte in Westminster tráthnóna i gcoinne rún a raibh faoi deis a thabhairt don pharlaimint reachtaíocht a thabhairt isteach a stopfadh an Bhreatain an tAE a fhágáil ar an 31 Deireadh Fómhair sa chás nach mbeadh margadh ann.

309 feisire a vótáil i gcoinne an rúin agus 298 a bhí ar a shon.

Níos túisce tráthnóna, dúirt Boris Johnson, an té is mó atá á lua mar an chéad cheannaire eile ar na Tóraithe, nach Breatimeacht gan mhargadh atá uaidh ach go mbeadh sé ar a mhíle dícheall ag réiteach dá leithéid. 

Mhaígh sé go scriosfaí na Tóraithe agus go mbainfeadh lucht vótála “díoltas” amach ar an bpáirtí mura dtarlódh an Breatimeacht ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt sé gur chreid sé go bhféadfadh rialtas nua a mbeadh “mandáit, dóchas agus misneach nua” aige margadh nua a fháil agus an tAE a fhágáil. 

Dúirt sé go raibh “éadóchas agus díomá” ar dhaoine “ar fud na tire” agus dá fhad a rachadh an scéal ar aghaidh gurbh amhlaidh gur mhó an baol a bhí ann go gcaillfeadh daoine a misneach ar fad. 

“Tar éis trí bliana agus dhá sprioc nár baineadh amach, caithfimid an tAE a fhágáil ar an 31 Deireadh Fómhair,” a dúirt Johnson. 

Ní dúirt Johnson cad a dhéanfadh sé mura mbeadh margadh eile seachas an ceann a fuair Theresa May faighte aige faoin 31 Deireadh Fómhair, an spriocam is déanaí don Bhreatimeacht. 

Sheachain sé chomh maith ceist faoinar thóg sé drugaí mídhleathacha riamh. 

 

Fág freagra ar '‘Is ionann moill agus teip’ – Boris Johnson leagtha ar an mBreatimeacht faoi Shamhain'