Bord nua Údarás na Gaeltachta ceaptha ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá cathaoirleach an bhoird dheireanaigh Anna Ní Ghallachair le bheith ina cathaoirleach arís ar an mbord agus tá roinnt daoine a bhfuil tréimhsí maithe tugtha cheana acu mar chomhaltaí boird ceaptha arís

Bord nua Údarás na Gaeltachta ceaptha ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá Bord nua Údarás na Gaeltachta ceaptha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

Mar a bhíothas a thuar, tá cathaoirleach an bhoird dheireanaigh Anna Ní Ghallachair le bheith ina cathaoirleach arís ar an mbord agus tá roinnt daoine a bhfuil tréimhsí maithe tugtha cheana acu mar chomhaltaí boird ceaptha arís. Tá seachtar a bhí ar an mbord deireanach athcheaptha agus cúigear ball nua atá ceaptha.

Is iad na baill eile ar an mbord nua ná Eunan Mac Cuinneagáin as Dún na nGall, Ian Mac Aindriú as Maigh Eo, Seosamh Ó Laoi agus Mary Uí Chadhain as an nGaillimh, Siobhán Seoighe as Contae na Mí agus Debra Ní Shúilleabháin as Uíbh Ráthach i gCiarraí.

Tá glactha chomh maith anois ag an Aire Stáit McHugh le hainmniúcháin na gComhairlí Contae Gaeltachta don bhord nua, is iad sin John Shéamuis Ó Fearraigh as Bun an Leaca, Dún na nGall; Seán Mac Congamhna as Cill Cheallaigh, Maigh Eo; Seamus Walsh as Uachtar Ard, Gaillimh; agus Séamus Cosaí Mac Gearailt as Corca Dhuibhne.

Leanfaidh Máire Seosaimhín Breathnach as na Déise, a fuair ainmniúchán Chomhairle Chontae Phort Láirge níos luaithe i mbliana, lena ballraíocht ar an mbord go dtí Feabhra 2019.

Bhí ag géarú le tamall ar an mbrú a bhí ar Aire Stáit na Gaeltachta bord nua an Údaráis a cheapadh agus an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga ag feidhmiú gan aon bhord ón 20 Samhain anuraidh.

Dúirt an tAire Stáit tráthnóna go raibh “áthas” air na ceapacháin a fhógairt agus go raibh sé “cinnte” go rachadh bord nua Údarás na Gaeltachta i mbun a chuid oibre “le fuinneamh agus le dúthracht”.

“Is obair dhúshlánach atá amach roimh an Bhord nua mar a bhaineann sé leis na cúramaí atá sannta dó – idir ghnóthaí fiontraíochta, fostaíochta, pleanála teanga agus forbartha pobail. Ag cur san áireamh an cumas agus an raon leathan taithí agus scileanna atá ag an mbord nua atá ceaptha agam, faoi chathaoirleacht Anna Ní Ghallachair, táim cinnte gur chun leas an Údaráis agus na Gaeltachta dá réir a bheidh obair an bhoird nua san achar cúig bliana atá romhainn.

Ghabh an tAire Stáit buíochas  le hiarcomhaltaí an tseanbhoird as a gcuid oibre.

 

Fág freagra ar 'Bord nua Údarás na Gaeltachta ceaptha ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Ruairí

    “Kilkelly God Help Us.” Bíodh cruinniú bhoird ag an Údarás i gCeathrú Thadhg agus cloisfidh siad an Ghaeilge á labhairt go paiteanta ag an cúpla duine óg nach bhfuil imithe ar imirce. Ní mó baill a bheith tofa mar a bhíodh seachas “yes-men” polaitiúil a bheith ar an mbord.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá súil agam gurb é seo an Bord deireannach a bheas roghnaithe ar an gcaoi seo. Má chreideann Fianna Fáil, mar atá ráite ag Micheál Martin, agus má chreideann Sinn Féin go mba cheart toghchán a bheith ann le ionadaithe na Gaeltachta a roghnú, cuiridís leasú tríd an Dáil ar Acht na Gaeltachta 2012. Ní ghá fanacht go mbeidh siad i rialtas.

  • Jackie Mac Donncha

    Tá sé ar intinn ag an mbord nua an bord a bhí ag an sean-bhord a dhíol. Níl an bord ar an eolas faoí seo go fóill, cé go raibh an bord ar fad thart ar an mbord, nuair a rinne an bord cinneadh boird, an bord a raibh an bord thart air a dhíol. Tá an bord faoí mhóid ag an mbord, gan labhairt faoín mbord, nó go mbeidh an bord atá ag an mbord díolta ag an mbord. Má dhíoltar an bord roimh an gcéad chruinniú boird eile, fágfar an bord gan bord.
    Agus cén mhaith bord gan bord!