Boic mhóra na mbabhtaí cáilithe ag triall ar Staid Semple

Ag a 5.00 tráthnóna Dé Sathairn tabharfaidh curaidh uile-Éireann na bliana seo caite, Tiobraid Árann, aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus ag a 7.00 a thosóidh an cluiche idir Cill Chainnigh agus Port Láirge

Boic mhóra na mbabhtaí cáilithe ag triall ar Staid Semple

INPHO/James Crombie

I Staid Semple i nDurlas a imreofar an dá chluiche i mBabhta 2 de na cluichí cáilithe i gCraobhchomórtas Iománaíochta na hÉireann tráthnóna Dé Sathairn.

Ag a 5.00 tráthnóna tabharfaidh curaidh uile-Éirinn na bliana seo caite, Tiobraid Árann, aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus ag a 7.00 a thosóidh an cluiche idir Cill Chainnigh agus Port Láirge. Craolfar an dara cluiche ar Sky Sports.

Fógraíodh ar maidin chomh maith na socruithe do Bhabhta 2B agus 3A de na cluichí cáilithe sa Chraobhchomórtas Peile. Is Dé Sathairn a imreofar na cluichí sin uile.

Craolfar beo ar RTÉ an cluiche idir an Clár agus Maigh Eo i bPáirc Uí Chíosóg in Inis ag a 5.00. Is ag a 6.00 a thabharfaidh Dún na nGall aghaidh ar chontae na Mí i bPáirc Tailteann san Uaimh. Sé chluiche peile ar fad a bheidh ann agus tá na socruithe ar fad thíos.

Imreofar am breise sa dá chluiche más gá.


Craobh Peile na hÉireann – Babhta 2B

An Cabhán v Tiobraid Árann, Páirc Breffni, 2.00i.n.

Ceatharlach v Liatroim, Páirc Uí Chuilinn, 3.00i.n.

Loch Garman v Muineachán, Páirc Loch Garman, 3.00i.n.

An Iarmhí v Ard Mhacha, Páirc Uí Chíosóg, 7.00i.n.

Craobh Peile na hÉireann – Babhta 3A

An Clár v Maigh Eo, Páirc Uí Chíosóg, 5.00i.n.

An Mhí v Dún na nGall, Páirc Tailteann, 6.00i.n.

Craobh Iomána na hÉireann – Babhta 2

Baile Átha Cliath v Tiobraid Árann, Staid Semple, 5.00i.n.

Cill Chainnigh v Port Láirge, Staid Semple, 7.00i.n.

Fág freagra ar 'Boic mhóra na mbabhtaí cáilithe ag triall ar Staid Semple'