‘Bob’ buailte ar Fhianna Fáil faoi dheochanna meisciúla ag ‘deargaimidí’ Harris sa Dáil

Tá ráite ag an Aire Harris sa Dáil nach bhfuil aon dul siar ar a chinneadh faoi lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla in ainneoin nach bhfuil na dréachtrialacháin a bhaineann leis na lipéid curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go fóill

‘Bob’ buailte ar Fhianna Fáil faoi dheochanna meisciúla ag ‘deargaimidí’ Harris sa Dáil

Tá sé curtha i leith an Aire Sláinte Simon Harris gur bhuail sé bob ar Fhianna Fáil maidir lena chinneadh diúltú do rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.

Dheimhnigh an tAire Harris sa Dáil nach bhfuil aon dul siar ar a chinneadh in ainneoin nach bhfuil na dréachtrialacháin a bhaineann leis na lipéid curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go fóill, nach mór trí mhí ó glacadh leis an mBille Alcóil sa Dáil.

Nuair a bhí an dréachtreachtaíocht á plé sa Dáil, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gurbh í an phríomhchúis nach bhféadfaí glacadh le leasú a cheadódh rabhadh sláinte Gaeilge ar na deochanna ná go gcuirfeadh a leithéid moill mhór ar achtú an  Bhille.

Tharraing urlabhraí sláinte Fhianna Fáil Stephen Donnelly siar a leasú inar moladh go mbeadh rabhadh sláinte dátheangach mar chuid den bhille toisc, a dúirt sé, gur thug an tAire Sláinte le fios dó go gcuirfeadh a leithéid moill roinnt míonna leis an reachtaíocht.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta, gur léir gur bhuail an tAire “bob” ar Fhianna Fáil agus nach raibh “bac ar bith air, dá dtogródh sé, na lipéid dhátheangacha a chur san áireamh”.

“Deargsheafóid an méid a bhí ar bun ag an Aire sa Dáil. Chuir sé daoine amú. Thug sé le fios go raibh práinn ag baint leis na rialacháin agus go raibh deifir mhór air. Seafóid a bhí ansin.

“Luaigh sé an taighde a bhí faighte aige chomh maith agus ba chosúil go raibh sé ag súil nach ndéanfadh aon duine an scéal a fhiosrú. Nuair a taispeánadh gur dheargamaidí agus ‘spin’ a bhí ansin freisin, dhiúltaigh sé a intinn a athrú. Léiriú eile é ar dhearcadh uafásach diúltach an Rialtais seo i leith na Gaeilge, ” a dúirt Ó Cuív.

Luaigh an tAire Sláinte sa Dáil dhá chúis lena chinneadh diúltú don leasú faoin nGaeilge ar an mBille um Shláinte Phoiblí. Ba í an chéad  chúis a luaigh sé ná an mhoill a chuirfeadh a leithéid le hachtú an Bhille agus ba í an dara cúis ná torthaí taighde faoi lipéid dhátheangacha a léirigh, dar leis, go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine .

Ba é “standstill” na hEorpa an phríomhchúis gur dhiúltaigh sé don leasú ar tharraing Fianna Fáil siar é.

“If we were to make any changes to the requirement for health information on the labels to be in Irish it could delay the passage of the legislation through the Oireachtas and the enactment of the Bill. It would not affect the labels. Any additional requirement relating to labels would have to be notified and assessed at an EU level before enactment.

“There are practical reasons arising from the EU’s standstill period and we would not be able to pass the legislation as a result,” a dúirt an tAire Harris sa Dáil mí Mheán Fómhair seo caite.

Léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo ina dhiaidh sin nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire, agus deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur chuir an tAire “daoine amú faoi dhó sa Dáil” faoi cheist na lipéad Gaeilge.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Ó Cuív den Aire Harris sa Dáil an tseachtain seo caite an raibh faoi a intinn a athrú maidir le cás na Gaeilge ar na lipéid ó tharla gur ‘theip’ air aon fhianaise a chur ar fáil a chruthaigh nach mbeadh an éifeacht céanna le rabhadh dátheangach agus toisc nach raibh na rialacháin curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh fós.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Harris nach raibh aon dul siar ar a chinneadh.

“Section 12(1) on the health information to be on the labels of alcohol products does not contain a requirement that this information be in the English language and the Irish language.

“It is not my intention to attempt to go beyond the legislation as made by the Houses of the Oireachtas in making those regulations. It is my intention that the relevant draft regulations will be finalised for submission to the European Commission by year end. The length of time taken to approve these regulations is a matter for the Commission.”

Chuir cinneadh an Aire nach mbeadh rabhadh sláinte dátheangach ar dheochanna meisciúla fearg ar eagraíochtaí teanga agus daoine eile agus bhíothas míshásta chomh maith gur tharraing Fianna Fáil siar a leasú inar moladh a leithéid.

Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh bealaí á scrúdú aige le haghaidh a thabhairt ar cheist na lipéad dátheangach an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Bob’ buailte ar Fhianna Fáil faoi dheochanna meisciúla ag ‘deargaimidí’ Harris sa Dáil'

  • Aililiú!

    Tá rún daingean ag Fine Gael gan a háit cheart a thabhairt don Ghaeilge i ngnó ar bith a bhfuil lámh ag an Stát ann. Le sin a chinntiú rachaidh siad i mbun argóintí agus leithscéalta de gach sórt, is cuma cé chomh mí-ionraice leo. Cad chuige? Mar go ligfidh a bpáirtí dílis Fianna Fáil leo é. Más mian le hÉamon Ó Cuív maith a dhéanamh téadh sé i gcion ar cheannaire FF. Nó an ea nach bhfuil sé ach ag scaothaireacht?

  • Cosc ar theanga oifigiúil oibre an AE

    Is díspeagadh pairliminte seo go léir. Mugadh magadh anois é go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre san AE agus ag an am céanna go bhfuil cosc curtha uirthi ar buidéil alcóíl ag stáitín na 26 contae faoi réimis Fhine Gael / Fhianna Fáil. Ní scigdhráma go dtí é.