Bliain inar toghadh uachtarán gan choinne ach a d’fhág fadhb mhór i bhfad ó réiteach

Ní raibh súil ag mórán i mí Eanáir go dtoghfaí Catherine Connolly ach is cúis imní i gcónaí an ghéarchéim thithíochta

Bliain inar toghadh uachtarán gan choinne ach a d’fhág fadhb mhór i bhfad ó réiteach

Toghadh Micheál Martin mar Thaoiseach ar chomhrialtas nua i mí Eanáir. Toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán i mí na Samhna. Chuaigh an ghéarchéim thithíochta in olcas arís i gcaitheamh na bliana.

Tá achoimre thuas ar phríomhscéalta polaitíochta 2025 a mbeidh tionchar nach beag acu ar shaol na tíre in 2026. Pléadh go leor ábhar eile, áfach, a tharraingeoidh aird arís sa bhliain nua.

Thug an toghchán uachtaránachta i mí na Samhna trí ábhar machnaimh ar a laghad don bhunaíocht pholaitiúil agus do gach duine a chuireann spéis i bhfolláine pholaitiúil na tíre.

Léirigh an vóta ard a ghnóthaigh Catherine Connolly (63.3%, an céatadán is mó riamh) ardmheas uirthi chomh maith le míshásamh leis an mbeirt iarrthóirí eile.

Tharraing iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin as an iomaíocht nuair a fuarthas amach nár aisíoc sé airgead a chuir iarthionónta chuige trí thimpiste. Mar bharr ar an mí-ádh rinneadh praiseach sa bhreis d’fheachtas Fhianna Fáil nuair nár baineadh ainm Jim Gavin de na páipéir vótála. Pléifidh an páirtí tuairisc ar an scéal san athbhliain.

Is le tacaíocht Shinn Féin agus cheithre pháirtí eile ar an eite chlé a toghadh Catherine Connolly mar uachtarán, rud a spreag caint ar chomhoibriú eatarthu amach anseo. Ní beag, áfach, an chomhthuiscint a chaithfí a thógáil idir Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Seachas Brabús chun malairt rialtais a thairiscint do vótálaithe sa chéad olltoghchán eile.

Thug toradh an toghcháin cúis mhachnaimh níos leithne toisc nach rogha ach neamhrogha a rinne líon mór vótálaithe. Dúirt scata polaiteoirí nár chóir neamhaird a thabhairt ar an míshásamh a léirigh 213,738 vótálaí (12.9 faoin gcéad) a mhill a vótaí – breis agus deich n-uaire níos mó ná an 18,438 a mhill a vótaí sa toghchán uachtaránachta in 2018.

Ní féidir aon chiall amháin a bhaint, áfach, as ráta millte chomh hard. Athrú amháin ba chóir a bhreithniú dá bharr: leasú ar na rialacha a scaoilfeadh beagán de smacht na bpolaiteoirí ar ainmniúcháin. Bí cinnte go n-athróidh cur chuige na bpáirtithe ar dhóigh amháin ar a laghad: beidh ceistiú príobháideach na n-iarrthóirí níos déine sula n-ainmnítear iad an chéad uair eile.

Bhain Paschal Donohoe geit as gach duine nuair a thug sé le fios i mí na Samhna go raibh sé ceaptha mar phríomhfheidhmeannach ar an mBanc Domhanda. Tar éis dó éirí as a phost mar aire airgeadais agus mar Theachta Dála bhí sé ag obair ina oifig nua in Washington laistigh de sheachtain. Thaispeáin a imeacht gan choinne arís eile gur dlúthchuid den saol polaitiúil í an éiginnteacht, mar a léirigh an t-ardú céime a fuair Hildegard Naughton a ceapadh mar aire oideachais mar gheall ar imeacht Donohoe.

D’fhág Catherine Connolly agus Paschal Donohoe dhá shuíochán folamh sa Dáil. Tabharfaidh na fothoghcháin i mBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar, a chaithfear a reáchtáil de réir dlí faoi cheann sé mhí, léargas spéisiúil ar mheon an phobail.

Is beag ábhar misnigh do lucht labhartha na Gaeilge a thug dearcadh praiticiúil an rialtais ar an teanga. Bhí polasaí tithíochta don Ghaeltacht á ghealladh agus á chur siar ar feadh na bliana. Seoladh polasaí nua oideachais lán-Ghaeilge agus plean Gaeilge do scoileanna Béarla i mí na Samhna, coicís sular ceapadh aire nua, Hildegard Naughton, mar aire oideachais.

Léirigh figiúirí a d’fhoilsigh Tuairisc an mhí chéanna an cur i gcéill a bhaineann le stádas na teanga sna scoileanna Béarla. Bhí Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis á staidéar anuraidh ag formhór na ndaltaí meánscoile a fuair díolúine ó Ghaeilge mar gheall ar dheacrachtaí foghlama. Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí ar chúrsaí teangeolaíochta agus oideachais le Tuairisc go raibh an córas imithe ó smacht agus gur chóir don roinn oideachais deireadh a chur leis láithreach.

Tugadh aitheantas gan choinne don Ghaeilge nuair a d’eisigh ambasadóir nua na Breataine Kara Owen a céad ráiteas ar theacht go Baile Átha Cliath di i mí Dheireadh Fómhair.

“Is mór an onóir dom mé féin a chur in aithne daoibh mar ambasadóir nua na Breataine chun na hÉireann,” a dúirt sí ar fhíseán ar X/Twitter ina raibh tuilleadh le rá aici i nGaeilge faoina post nua. Dea-shampla do mhórán Éireannach, iarrthóirí uachtaránachta ina measc.

D’fhoilsigh an rialtas plean tithíochta nua i mí na Samhna inar tugadh gealltanas go mbeadh 300,000 ionad cónaithe nua faoi 2030. Ní foláir a rá áfach gur beag duine sa tír atá muiníneach go gcuirfear dlús le tógáil tithe mar is gá sa ghearrthéarma.

Chuaigh eisiúint orduithe díbeartha i méid tar éis don rialtas cosaint theoranta nua do thionóntaí a bheidh i bhfeidhm ó 2026 a fhógairt i mí na Samhna. Is eiseamláir an t-athrú den deacracht a bhaineann le gach réiteach a mholtar ar an ngéarchéim thithíochta: ní feabhsú ach a mhalairt a fheicfear dá thoradh sa ghearrthéarma.

Bhí an mhoill a chuirtear ar scéimeanna riachtanacha tógála den uile chineál ina hábhar cainte ar feadh na bliana. Cuireadh moill arís ar dháta oscailte Ospidéal Náisiúnta na Leanaí (go dtí uair éigin in 2026, a deirtear, cé nach bhfuil dáta cinnte fógartha fós). Foilsíodh plean i mí na Nollag chun tógáil mhórthograí infreastruchtúir a bhrostú. Cuireadh béim ann go háirithe ar bheartais a dúirt an rialtas a chuirfeadh coinníollacha níos déine ar athbhreithnithe breithiúnacha.

Chuir plean iompair a d’fhoilsigh an rialtas i mí na Samhna béim ar thógáil bóithre agus moill ar fheabhsú an chórais iompair phoiblí. Cuirfidh an plean moill ar shíneadh an chórais Dart amach ón taobh thiar de Bhaile Átha Cliath go dtí ceantair ina bhfuil scéimeanna móra tithíochta á dtógáil – cinneadh a chuirfidh brú breise ar bhóithre idir na ceantair sin agus an phríomhchathair.

Chuir an plean moill freisin ar atógáil an bhóthair iarainn idir Baile Átha Cliath agus an Uaimh, an ceathrú baile (seachas cathair) is mó sa stát. Níl fiú sprioc-am luaite ann.

Ní raibh caint ar sprioc-am ach oiread agus plean chun tramlíne a thógáil i gCorcaigh á sheoladh ag an Taoiseach i mí Aibreáin. Dhiúltaigh sé clár ama a thabhairt toisc go mbeadh a chomhlíonadh á chasadh leis amach anseo.

Idir an dá linn d’admhaigh an rialtas nach sroichfear an laghdú 51% ar astaíocht charbóin in 2030 – teip a ngearrfar fíneáil Eorpach dá bharr ar an tír. Níl méid na fíneála cinnte fós.

Phléigh coiste Dála maolú ar an nGlas Triarach a éilíonn cinneadh rialtais, vóta Dála agus cead na Náisiún Aontaithe sula seoltar aonaid ó na fórsaí cosanta thar lear. Níl bailchríoch curtha ar an reachtaíocht fós. Chuir an freasúra brú leanúnach ar an rialtas bille chun trádáil le críocha gafa Iosrael a chosc a fhoilsiú ach níl dáta foilsithe fógartha fós.

Níl bailchríoch curtha ach oiread ar na rialacha nua a d’fhógair an t-aire dlí agus cirt Jim O’Callaghan chun teacht inimirceach agus iarrthóirí tearmainn go hÉirinn a laghdú. Tá sé ionann agus cinnte go mbeidh an córas nua, go háirithe na srianta nua ar theacht gaolta go hÉirinn, á cháineadh in 2026 toisc é a bheith ródhian agus toisc é a bheith rólag.

Scéala báis ar deireadh.

Ní bheidh NAMA, an eagraíocht a bunaíodh in 2009 chun bainc na tíre a tharrtháil, gníomhach ón lá deireanach den bhliain. Chaith an eagraíocht €30bn ar cheannach iasachtaí a raibh leabhar-luach €70bn orthu. Rinneadh brabach €5.5bn ar dhíol na n-iasachtaí ach is beag an sólás é má chuimhnítear ar an dochar as cuimse a rinne mífhreagracht na mbaincéirí agus faillí na n-údarás.

Thuar an t-eacnamaí J K Galbraith fadó go gcuirtear dianrialacha airgeadais i bhfeidhm tar éis gach tubaiste eacnamaíochta d’fhonn tubaiste eile a sheachaint. Faraor, a scríobh sé ina leabhar faoi chliseadh 1929, lagaítear de réir a chéile na rialacha agus a gcur i bhfeidhm – maolú a dheimhníonn nach seachnaítear tubaiste eile.

Neosfaidh an aimsir an bhfíorófar a thairngreacht arís.

Fág freagra ar 'Bliain inar toghadh uachtarán gan choinne ach a d’fhág fadhb mhór i bhfad ó réiteach'