Blaiseadh d’Foclóir Mháirtín Uí Chadhain roimh a sheoladh inniu

Agus saothar foclóireachta nua á chur ar fáil inniu, is féidir aithne a chur ar Mháirtín Ó Cadhain, an foclóirí

Blaiseadh d’Foclóir Mháirtín Uí Chadhain roimh a sheoladh inniu

Is blaiseadh beag é an méid seo den bhunachar ollmhór foclóireachta a scríobh Máirtín Ó Cadhain (1906-1970), nár foilsíodh riamh cheana ach atá á chur ar fáil ar líne saor in aisce ag foireann taighdeoirí in Acadamh Ríoga na hÉireann.

Chuir Máirtín Ó Cadhain an t-ábhar seo i dtoll a chéile le linn na mblianta 1937 agus 1946, agus chuir sé an méid a bhí cruinnithe aige chuig an nGúm mar eolas don Fhoclóir Gaeilge-Béarla a bhí le teacht. Tá eagar curtha anois ag foireann Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann ar na lámhscríbhinní seo, agus iad foilsithe ina leagan digiteach a fheileann don ábhar seo a chur i láthair. Beidh teacht ag pobal na cruinne den chéad uair, saor in aisce, ar bhreis agus leathmhilliún focal a scríobh Máirtín Ó Cadhain.

Canúint Ghaeltacht na Gaillimhe ab ábhar d’fhoclóir an Chadhnaigh, agus an rún aige cuntas cuimsitheach a thabhairt ar bhrí agus ar úsáid focal agus leaganacha cainte óna dhúiche féin. Bhreac sé chomh maith eolais maidir le fochanúintí an cheantair sin, agus is iomaí trácht atá aige, mar shampla, ar leaganacha cainte ón Eachréidh agus ó Árainn. Is sna samplaí úsáide atá aige atá an chuid is spéisiúla den mhéid atá á fhoilsiú inniu, óir tá breis agus 16,000 díobh sin ann faoi na ceannfhocail éagsúla – samplaí a chum Máirtín féin agus samplaí a chuir sé in oiriúint ón mbéal beo.

Is iomaí sin sampla ina bhfuil féith na scéalaíochta, cheapfá, ag sárú bhundualgas an fhoclóirí brí agus úsáid focal, nó leagan cainte áirithe a léiriú; tá samplaí aige ar geall iad le mionscéalta eachtraíochta, scéilíní astu féin a mblaistear iontu dúil agus cumas dosháraithe Uí Chadhain i mbun pinn. Tá an daonnacht le sonrú go láidir sa chnuasach samplaí atá déanta aige, agus déantar trácht go minic ar thréithe agus ar nadúr daoine, idir olc agus mhaith. Tá caint sna samplaí ar thalamh agus ar fharraige, ar aimsir agus ar eallach, chomh maith le trácht ar an dara cogadh domhanda a bhí á throid sa chúlra idir cumhachtaí móra an domhain. Is macalla é an foclóir ar an uile ghné de shaol na Gaeltachta sa tréimhse.

Is fada agus is leitheadach an aithne atá ar Mháirtín Ó Cadhain mar scríbhneoir agus mar scoláire Gaeilge, agus is iomaí sin saothar leis a léitear go fonnmhar ar fud na cruinne, agus a shaothar arna aistriú, ar ndóigh, go breis agus dhá theanga dhéag. Anois agus an saothar foclóireachta seo ar fáil den chéad uair is féidir aithne a chur ar Ó Cadhain mar fhoclóirí.

Tá roinnt iontrálacha thíos a thabharfaidh blas den saibhreas teanga agus scéalaíochta atá le fáil i bhFoclóir Uí Chadhain. Tá an t-iomlán ar fáil anseo agus ar shuíomh gréasáin Acadamh Ríoga na hÉireann. Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers TD, an foclóir digiteach seo go hoifigiúil ar 2pm inniu, Dé hAoine.

diocach

goróir; duine a mbeadh dioc (gioc) ag imeacht air; duine a mbeadh creathadh air, nó a bheadh craptha nó cromtha, nó buailte ar a chéile ag an bhfuacht, ag an aois, ag an donacht nó a leithide; driúcaí.

Ar ndóigh ní in ann a dhul ag cur fhataí atá an diocach sin. B’fhéidir go mbainfeadh sé boirdín astu amach faoi Bhealtaine nuair a bheadh an aimsir ársaithe amach agus an teas ag teacht sa lá, ach má bheireann soinneán den tseanbhó ar chnocán rite air, tá a chuid bainne sláinte ólta

díol

údar, ábhar, dóigh.

Dheamhan duine thiar ansin nach díol déirce; greamaithe thuas ansin ar leiceann cnoic agus gan aon talamh in Éirinn is maolscreamhaí ná é. ‘Siad is fhearr ar bith agus a bheith in ann maireachtáil a dhéanamh ann. Ach ar ndóigh níl siad ag déanamh aon mhaireachtáil ann

díbheirgeach 

an-doghrainneach; drochmhúinte; te bruite feargach; brúisciúil; coilgneach; fraochmhar; fealltach; díoltasach; francaithe; madrúil; gadhrúil; oilbhéasach; aiciseach. 

Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne. Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d’fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m’anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m’ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. ‘Coinneoidh mise feoil libhse,’ adeir sé ‘mura gcoinní sibhse bhur gcuid cearc uaimse.’ Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di.

dairt

caorán; scraith; fóideog nach mbeadh róchrua ach a bheadh tirim go hiondúil; dóid; fód; cnapán. Ní thabharfá dairt ar chnapán sneachta, muna mbainteá scraith as an talamh agus an sneachta uirthi.

Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D’ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. ‘Tá gabháltas maith go leor agat,’ adeir sé, ‘ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.’ Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne.

deachma

an deichiú cuid de rud; an tuarastal nó an dualgas nó an dliteanas a bhíodh an Teampall Gallda a éileamh roimhe seo ar an bpobal Caitliceach. Chuir Cogadh na nDeachmaí nó Cogadh na nDeachman deireadh leis.

Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis.

Fág freagra ar 'Blaiseadh d’Foclóir Mháirtín Uí Chadhain roimh a sheoladh inniu'