Deir ceannasaí na haipe foghlama teanga Duolingo gurb amhlaidh nach mbíonn lucht foghlama ag iarraidh comhrá a dhéanamh le cainteoirí líofa mar go mbíonn an iomarca dua ó thaobh mothúchán ag baint lena leithéid.
Tá úsáid na hintleachta saorga san aip foghlama teanga Duolingo cosanta go láidir ag príomhfheidhmeannach an chomhlachta Luis van Ahn.
Agus é ag labhairt le The New York Times, dúirt van Ahn nach mbíonn 95% de lucht foghlama teangacha ag iarraidh labhairt le duine daonna sa teanga atá siad a fhoghlaim mar gheall go mbíonn “fuinneamh mothúchánach ró-ard” ag baint le comhrá dá leithéid.
“An rud is deise faoi [AI ar Duolingo] ná nach n-airíonn tú go bhfuil an ríomhaire ag déanamh breithiúnais ort,” a dúirt sé.
Dhá bhliain ó shin fuair Duolingo réidh leis na taifeadtaí de chainteoirí dúchais ar an gcúrsa Gaeilge atá ar fáil ar an aip. Bheartaigh an comhlacht dul i muinín na hintleachta saorga leis na glórtha Gaeilge a ghiniúint, cinneadh a tharraing cáineadh mór ó lucht úsáide na haipe.
Ó shin i leith, tá an polasaí céanna curtha i bhfeidhm ag Duolingo ar roinnt mhaith cúrsaí eile agus an comhlacht ag baint an-úsáid go deo as an teicneolaíocht nua le cúrsaí a dhearadh agus ábhar a ghiniúint dóibh.
Ainneoin an cur i gcoinne seo ar fad, tá méadú tagtha ar scaireanna Duolingo ar stocmhargadh Mheiriceá. Go deimhin, lá nó dhó i ndiaidh don phríomhfheidhmeannach úsáid na hintleachta saorga a chosaint go láidir, tháinig ardú 7% ar na scaireanna.
D’fhógair van Ahn ar na meáin shóisialta níos luaithe i mbliana go mbeadh tús áite ag an Intleacht Shaorga amach anseo agus go gcaithfeadh bainisteoirí an chomhlachta a chruthú nach bhféadfadh an teicneolaíocht nua post áirithe a dhéanamh sula bhfostófaí duine daonna eile. Tá míle duine fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair.
Deir daoine áirithe ar líne nach féidir brath ar fhoghraíocht na nglórtha AI agus go mbíonn fadhbanna eile gramadaí i gceist leo freisin.
Seoladh an chéad chúrsa Gaeilge ar Duolingo i mí Lúnasa na bliana 2014. I léirmheas a rinneadh ar Tuairisc in 2014 ar an chúrsa Gaeilge dúradh gur “laige an cúrsa Gaeilge” mar nach raibh cainteoirí dúchais nó cainteoirí ag a raibh ardchaighdeán Gaeilge le cloisteáil i mbun teagaisc.
Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge aitheanta le cloisteáil ar an aip ina dhiaidh sin.
Bhí an Ghaeilge tamall ar an teanga ba mhó a raibh dlús fúithi ar Duolingo ó thaobh líon na ndaoine a bhí ag íoslódáil cúrsaí.
Bhíodh na cúrsaí Gaeilge ar na cinn is mó a bhíodh á n-íoslódáil ag muintir na hÉireann ach de réir na tuarascála is déanaí ó Duolingo bhí an Ghaeilge sa dara háit in Éirinn, taobh thiar den Spáinnis, in 2022.
In 2021 bhí an Ghaeilge ar an 16ú teanga is mó tóir ar an aip ar fud an domhain.
Sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí Gaeilge lonnaithe, ach tá muintir na hÉireann, na Breataine, agus Cheanada i measc na ndreamanna is mó atá cláraithe leis an chúrsa teanga.
Mícheál Ó Flaithearta
Bhuel baigh daid!
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Táimse ag foghlaim na Gaeilge i bhfad ó shin 7 níor chleacht mé aon duolino ná tada mar sin – dála na Gàidhlig, bhí a bheith ag labhairt le daoine cearta go mór mór níos fearr!
Breathnach
Thacódh Údarás na Gaeltachta leis an meon sin – cén fáth a mbeadh cainteoirí dúchasacha bainteach le cúrsaí teangan nuair is féidir AI a úsáid!