Cainteoir dúchais Gaeilge cloiste den uair dheireanach ar Duolingo

Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha eile ar Duolingo atá á gcur i láthair anois ag AI seachas ag cainteoirí dúchais

Cainteoir dúchais Gaeilge cloiste den uair dheireanach ar Duolingo

D’fhéadfadh go bhfuil cainteoir dúchais Gaeilge cloiste den uair dheireanach ag foghlaimeoirí Duolingo.

Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha eile ar an aip foghlama teanga Duolingo atá á gcur i láthair ag AI seachas ag cainteoirí dúchais, mar a bhíodh cheana.

Cainteoir dúchais aitheanta as Conamara a chloiseadh foghlaimeoirí Gaeilge Duolingo roimhe seo agus tá a míshástacht curtha in iúl ag roinnt daoine faoi na glórtha Gaeilge nua AI atá le cloisteáil ar an aip.

Deir Duolingo go bhfuil a gcuid saineolaithe teanga ag dul i muinín na hintleachta saorga le cúrsaí a fhorbairt agus go bhfuil ag éirí leo “tuilleadh ceachtanna a chur ar fáil níos gaiste na riamh”.

Baineann Duolingo úsáid as AI darb ainm Múnla Mór Teanga lena gceachtanna a fhorbairt.

Maítear ar bhlag Duolingo go bhfuil an Teanga Shamhaltaithe Mhór “an-mhaith” ag ‘samhlú’ focal ar dóigh leis gur chóir iad a bheith le chéile, mar a bheadh abairt ann.

“Is é an cur chuige céanna é is a bhíonn le feiceáil ar d’fhón nuair a thugtar roghanna do dhaoine faoin chéad fhocal eile a d’fhéadfadh a bheith i dteachtaireacht.

“Agus an Múnla Mór Teanga cumhachtach i lámha ár gcuid saineolaithe, is féidir linn an iliomad ábhar a chruthú dár gceachtanna ach cnaipe a bhrú,” a deirtear.

Deir daoine áirithe ar líne nach féidir brath ar fhoghraíocht na nglórtha AI agus go mbíonn fadhbanna eile gramadaí i gceist leo freisin.

Seoladh an chéad chúrsa Gaeilge ar Duolingo i mí Lúnasa na bliana 2014. I léirmheas a rinneadh ar Tuairisc in 2014 ar an chúrsa Gaeilge dúradh gur “laige an cúrsa Gaeilge” mar nach raibh cainteoirí dúchais nó cainteoirí a raibh ardchaighdeán Gaeilge le cloisteáil i mbun teagaisc.

Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge le cloisteáil ar an aip ina dhiaidh sin.

Bhí an Ghaeilge tamall ar an teanga ba mhó a raibh dlús fúithi ar Duolingo ó thaobh líon na ndaoine a bhí ag íoslódáil cúrsaí.

Bhíodh na cúrsaí Gaeilge ar na cinn is mó a bhíodh á n-íoslódáil ag muintir na hÉireann ach de réir na tuarascála is déanaí ó Duolingo bhí an Ghaeilge sa dara háit in Éirinn, taobh thiar den Spáinnis, in 2022.

In 2021 bhí an Ghaeilge ar an 16ú teanga is mó tóir ar an aip ar fud an domhain.

Sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí Gaeilge lonnaithe, ach tá muintir na hÉireann, na Breataine, agus Cheanada i measc na ndreamanna is mó atá cláraithe leis an chúrsa teanga.

Fág freagra ar 'Cainteoir dúchais Gaeilge cloiste den uair dheireanach ar Duolingo'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Drochrud ar fad. B’fhéidir gurb amhlaidh maidir le Gaeilge na hAlban freisin… :-(

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Léiriú breá eile nach bhfuil tairbhe dá laghad ag baint leis an lipéad ‘cainteoir dúchais’ Gaeilge!

  • Ciarán BXL

    Is mór an trua é. Rinne mé an cúrsa Duolingo anuraidh agus bhí plean agam é a dhéanadh an samhradh seo le mo mhac ach nuair a chuala mé na glórtha aisteacha, b’in deireadh leis.

  • Oisín

    Sampla eile den méid crácamais atá le feiceáil ar an suíomh seo.