‘Bíodh grá agaibh do bhur muintir mar ní bheidh siad ann go deo’ – mac óg a chaill a athair i bpléasc an Chraoslaigh

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn i measc na gcéadta a d’fhreastail ar shochraidí i nDún na nGall inniu, tórramh James O’Flaherty sna Doirí Beaga agus tórramh Catherine O'Donnell agus a mac James Monaghan ar an Chraoslach

‘Bíodh grá agaibh do bhur muintir mar ní bheidh siad ann go deo’ – mac óg a chaill a athair i bpléasc an Chraoslaigh

Sochraid James O'Flaherty sna Doirí Beaga inniu

Mhol mac óg le duine de na daoine a maraíodh i bpléasc an Chraoslaigh inniu do dhaoine grá a léiriú dá muintir agus don saol.

D’fhreastail na céadta inniu ar Aifreann sochraide James O’Flaherty i dTeach Pobail Naomh Muire sna Doirí Beaga, mar ar labhair a mhac, Hamish, óna chroí faoina athair.

Innealtóir arb as Sydney na hAstráile ó dhúchas ab ea James O’Flaherty.

Bhí sé ina chónaí i nDún Fionnachaidh lena bhean chéile Tracey agus Hamish, atá dhá bhliain déag d’aois.

Ina phíosa cainte ag deireadh an aifrinn, dúirt Hamish gur mhaith leis rud éigin a rá faoi rud éigin a bhí foghlamtha aige le seachtain anuas.

“Ba chóir dúinn a bheith buíoch. Bíodh grá agaibh do bhur muintir, bí buíoch astu mar ní bheidh siad ann go deo.”

Dúirt Hamish gur “fear iontach” a athair a chuir lá fada crua oibre isteach gach lá.

“Bain tairbhe as an am atá agat. Agus bí buíoch as a bheith beo mar ní mhairfidh sin go deo ach oiread. Bí buíoch agus beidh tú ábalta scíth a ligint agus an obair chrua déanta agat.”

Sheas an slua sa séipéal agus thug bualadh bos don bhuachaill óg nuair a chuir sé críoch lena chuid cainte.

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn i láthair ag an tsochraid sna Doirí Beaga. Tháinig an tUachtarán abhaile ó Strasbourg aréir agus chuaigh sé go dtí Dún na nGall inniu chun freastal ar na sochraidí agus chun bualadh le muintir an deichniúr a maraíodh sa tubaiste Dé hAoine seo caite.

Dúirt sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, ina sheanmóir gur athair iontach, fear céile lán grá, cara dílis agus comhghleacaí oibre díograiseach ab ea James O’Flaherty. Fear ionraic ab ea é a rinne beart de réir a bhriathair.

Bhí sé “an-bródúil” as Hamish agus cúis mhaith aige, arsa an sagart paróiste. Dá bhean Tracey agus do Hamish a rinne sé gach a ndearna sé agus bhí siad an-dlúth le chéile mar chlann, a dúirt an tAthair Ó Fearraigh.

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i dTeach Pobail Naomh Mícheál ar an Chraoslach tráthnóna do thórramh Catherine O’Donnell, 39, agus a mac trí bliana déag d’aois, James Monaghan, a cailleadh sa phléasc thubaisteach sa bhaile beag i nDún na nGall.

Tórramh Catherine O’Donnell, 39, agus a mac trí bliana déag d’aois, James Monaghan, ar an Chraoslach tráthnóna

Bhí Catherine agus a mac James sa scuaine in oifig an phoist sa siopa nuair a tharla an phléasc ag an ionad Applegreen ar imeall an bhaile Dé hAoine seo caite.

Chuaigh siad ann nuair a chríochnaigh James a lá scoile i mBaile na nGallóglach.

Dúirt sagart paróiste an Chraoslaigh, an tAthair John Joe Duffy gur bhean ghalánta Catherine a raibh an-dúil aici sa tsiopadóireacht agus i gcóisirí. Buachaill óg lán de rógaireacht agus aer an tsaoil ab ea a mac James, a dúirt an sagart.

An tUachtarán Micheál D Ó hUigínn lasmuigh de Theach Pobail Naomh Muire sna Doirí Beaga tráthnóna. Pictiúr: Eamonn Farrell / RollingNews.ie

Dúirt an tAthair John Joe Duffy gur cheart do gach duine sa pharóiste a raibh tacaíocht uathu i ndiaidh na tubaiste a leithéid a fháil, go háirithe daltaí Choláiste na Maoile Rua  i mBaile na nGallóglach, mar a raibh James ina dhalta.

Dúirt sagart paróiste an Chraoslaigh gur dea-shampla do chách a bhí sa spiorad agus an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag muintir an Chraoslaigh ó tharla an tubaiste agus gurb in é “a dtabhartas don saol mór”.

Ag labhairt dó sna Doirí Beaga, mhol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tslí “inspioráideach” ar dhéileáil muintir an Chraoslaigh, muintir Dhún na nGall agus muintir na hÉireann le tragóid an Chraoslaigh.

Fág freagra ar '‘Bíodh grá agaibh do bhur muintir mar ní bheidh siad ann go deo’ – mac óg a chaill a athair i bpléasc an Chraoslaigh'